Eagla agus éidreoir. Sin a mhothaím féin gach lá ón 24 Feabhra. Ní féidir liom a chreidiúint go bhfuil na himeachtaí tragóideacha seo ag tarlú anois i ndáiríre. Tromluí gan deireadh: ba mhaith liom múscailt uaidh gach lá agus gach nóiméad ach ní féidir liom. Tá sé amhail is gur ag síorthitim atá mé, gan bun nó fód éigint a shroichint.
Tá dlí i bhfeidhm sa Rúis ón 5 Márta go ngearrfar téarma príosúin 5-15 bliain as “fakes a scaipeadh” mar gheall ar an “ghníomhaíocht speisialta mhíleata” seo (ní féidir linn focail eile a úsáid). Is é atá i gceist le fakes gach sórt eolais nach raibh sna meáin oifigiúla Rúiseacha. Má scríobhann éinne sna meáin shóisialta nó áit éigin eile rud ar bith in aghaidh na “gníomhaíochta speisialta”, tá gach dealramh air go gcaithfidh sé roinnt blianta sa phríosún. Rannpháirtíocht i ngníomh nó agóid sráide éigin ar son na síochána – fíneáil nó 5-20 lá sa phríosún.
Tá sé uafásach bheith sáinnithe idir tigh an diabhail agus tigh an deamhain. Nuair a scríobh duine éigin teachtaireacht ar Facebook (dúnta anois) ‘Táim ar son na síochána’, fuair sé dhá shórt freagra go deimhin.
As an Rúis – ‘Tá tú i gcoinne do stáit féin, is fealltóir tú!’.
As an Úcráin – ‘Is cladhaire tú, is tusa a chaitheann na buamaí orainn, cén fáth nach éiríonn tú as sin?’
Tá formhór na ndaoine i mo thimpeall scanraithe agus trína chéile cosúil liom féin. Ach de réir an tsuirbhé oifigiúil, tá breis is leath de mhuintir na Rúise ar son “gníomhaíochta” sin a dtíre. Ceapann siad gur cheart é a dhéanamh chun na poblachtaí féin-fhógartha i gceantair Donetsk agus Luhansk a chosaint. Dúradh liom go mb’fhéidir go gcabhródh na smachtbhannaí leis na daoine sin “gach rud a thuiscint i gceart”. Ach is cuma an bhfuil tú “ar son” nó “i gcoinne” na “gníomhaíochta”, tá na smachtbhannaí céanna ar gach duine againn. Agus, ar an taobh eile, ní féidir linn cumhacht na bolscaireachta a shéanadh. De réir an tsuirbhé chéanna, tá i bhfad (beagnach a dhá oiread) níos mó daoine ar son na “gníomhaíochta” ina measc siúd a fhéachann ar an teilifís gach lá, ná i measc an dreama nach bhféachann uirthi ar chor ar bith agus nach bhféachann uirthi ach corruair.
Luíonn na smachtbhannaí ar gach Rúiseach, is cuma cén dearcadh polaitiúil atá acu. Tá gach éinne thíos leo, mar gheall ar an gcaighdeán maireachtála agus cúrsaí airgeadais – ó ghnáthdhaoine go lucht rachmais, ó lucht leanúna an Uachtaráin go “lucht na síochána”.
Agus tá gach dealramh air nach bhfuil sé ach ina thús.
Tá comhlachtaí móra idirnáisiúnta ag imeacht ón Rúis agus na mílte daoine fágtha gan phost. Ní féidir le lucht gnó sa Rúis a gcuid earraí a dhíol thar lear agus airgead a fháil thar tír isteach. Ní féidir linn teitheadh fiú – cuireadh deireadh le formhór na n-eitiltí idirnáisiúnta.
I súile an domhain, tá gach Rúiseach ciontach as an méid atá ag tarlú san Úcráin. Má tá milleán éigin ormsa, seo é: ba mhaith liom bheith beo agus gan a bheith faoi choinneáil. Tuigim go bhfuil cuma na claidhreachta ar na focail sin.
Ach má cheapann tú gur leor sin chun a bheith ciontach – tá súil agam go ndéanfá féin a mhalairt dá mbeifeá i mo bhrógasa.
Ach, is dóigh liom, má tá doicheall éigin ort roimh ghnáthmhuintir na Rúise (nó na hÚcráine, nó pé náisiún eile ar domhan) gur ghlac tú páirt sa chogadh cheana agus gur chaill tú do chogadh cheana féin.
Caithfimid a bheith dóchasach, ach anois is deacair domsa agus do mo leithéid cúis dóchais éigin a aimsiú. Tá seanfhocal cáiliúil againn (agus tá súil agam nach bhfuil sé coiscthe fós):
“Is fearr drochshíocháin ná dea-chogadh”.
Míle uair níos fearr, i ndáiríre.
– Iriseoir gnó agus iriseoir taistil i Moscó é Vitaly Kovalchuk
Fidelma
“Is fearr drochshíocháin ná dea-chogadh”. Is maith a thuigimid a bhrí sin in Éirinn.