TUAIRISC ÓN mBRUISÉIL: Táthar ag éirí mífhoighdeach le May agus na Caomhaigh…

Tráthnóna inniu tiocfaidh ceannairí an Aontais Eorpaigh le chéile sa Bhruiséil do chruinniú mullaigh speisialta faoin mBreatimeacht

TUAIRISC ÓN mBRUISÉIL: Táthar ag éirí mífhoighdeach le May agus na Caomhaigh…

Tá meáin na hEorpa, na hÉireann agus na Breataine go háirithe ag faire tús an chruinnithe mullaigh anseo sa Bhruiséil tráthnóna. Ní cosúil dom go bhfuil aon suim mhór ag na ballstáit eile sa scéal. Cinnte ní tuairim í a chloisfeá anseo go bhfuil an tAontas ar tí titim as a chéile.

Níl mórán áit ar domhan ar nós na Bruiséile. Bíonn daoine síoraí seasta ag imeacht agus málaí taistil acu, iad ar a mbealach chuig nó ón Aerfort. Le ceithre huaire fichead, níor labhair mé ach Fraincis nó Gaeilge. Castar daoine as chuile cheard den Eoraip ort. Níor labhair éinne smid faoin mBreatimeacht. An gruaigeadóir féin, níor thagair dhe agus tuigeann muid ar fad gur saineolaithe cruthanta ar chuile shórt iad sin.

Tráthnóna inniu tiocfaidh ceannairí an Aontais anseo don chruinniú mullaigh speisialta. Tá cuireadh tugtha ag Donald Tusk do Phríomh-Aire na Breataine Theresa May labhairt leis na ceannairí eile agus léargas a thabhairt ar sheasamh na Breataine faoin mBreatimeacht. Ansin, labhróidh ceannairí eile an Aontais eatarthu féin gan Theresa May a bheith i láthair. An tuairimíocht is déanaí anseo go gcuirfear moill anois ar aon socrú agus gurb é an cinneadh is mó a dhéanfar ná cé acu an mbeidh cruinniú mullaigh an mhí seo chugainn le leanacht leis an idirbheartaíocht, nó na gcuirfear an scéal ar fad siar go dtí mí na Nollag.

Tá Theresa May ag rá go dteastaíonn am uaithi ach ’sí na cheist anois cén mhaith am di. Tá líon na n-airí ina rialtas féin atá amhrasach faoi chúrsaí ag méadú in aghaidh an lae, tá ceannasaí an DUP ar a bhfuil sí ag brath ag bagairt éirí amach sa gcás agus go ngéillfeadh sí aon bhlas faoi cheist na teorann. Leis an gceart a rá, go dtí seo ar chuma ar bith, tá ár gcomhghleacaithe san Aontas ag seasamh go daingean le cás na hÉireann.

Ach seo cath nach bhfuil dá throid sa mBruiséil, dáiríre. Seo cath i gceartlár an pháirtí Chaomhaigh. Tá siad ag troid eatarthu féin faoin ábhar seo le blianta. Tá siad anois ag cruinniú taobh thiar de `dhoirse dúnta i Westminster. Níl aon duine ag bagairt éirí as, deirtear linn, ach níl siad go léir sásta ach an oiread tacú leis an bPríomh-Aire.

Dála go leor in Éirinn, tá polaiteoirí Westminster scanraithe roimh olltoghchán ar fhaitíos go n-íocfadh an pobal a gcuid feirge orthu. Is mó ná sin imní atá ar na Caomhaigh orthu go n-éireodh leis an Lucht Oibre faoi cheannas Jeremy Corbyn dul i gceannas in Whitehall.

Tá siad ag brath anois ar údaráis na hEorpa iad a thógáil as an tsáinn ina bhfuil siad. Má sea, tá sé deacair, déarfainn, ag údaráis na hEorpa aon mheabhair a bhaint as éileamh go dtabharfaidís droim láimhe le cuid de bhunphrionsabail an Aontais ar mhaithe le fadhbanna inmheánacha polaitiúla a réiteach i dtír atá meáite ar an Aontas céanna a fhágáil. Ba léir ó chaint Aire Gnóthaí Eachtracha na Gearmáine go bhfuiltear ag éirí mífhoighdeach le seasamh an Phríomh-Aire.

Céard a tharlóidh inniu agus amárach? Tá sé ag éirí níos soiléire gur i Londain atá réiteach na faidhbe faoin tráth seo seachas anseo sa Bhruiséil. Cé a déarfaidh é sin os ard? Nó b’fhéidir gurb í an cheist dáiríre – cén uair a déarfar os ard é?

Fág freagra ar 'TUAIRISC ÓN mBRUISÉIL: Táthar ag éirí mífhoighdeach le May agus na Caomhaigh…'

  • An Teanga Bheo

    Cosuil le 1921 i gcéin is thar farraige ? sé condae na Breataine conspóideach de shíor ?