TUAIRISC ÓN mBRASAÍL: Os cionn 150,000 curtha den saol ag an gcoróinvíreas, ach níos mó tóir ar Jair Bolsonaro ná riamh

Nuair a thosaigh géarchéim an choróinvíris thug muintir na Brasaíle batráil dá gcuid potaí agus sáspan oíche i ndiaidh oíche ag iarraidh fáil réidh leis an uachtarán Bolsonaro. Leathbhliain níos déanaí, tá a ráta sástachta níos airde ná mar a bhí riamh

TUAIRISC ÓN mBRASAÍL: Os cionn 150,000 curtha den saol ag an gcoróinvíreas, ach níos mó tóir ar Jair Bolsonaro ná riamh

Dúirt sé nach raibh in Covid-19 ach slaghdán beag.

Ansin fuair breis is 150,000 duine bás agus tholg 5 mhilliún duine an galar.

É féin ina measc.

Ach creid é nó ná creid, tá tóir níos mó ná mar a bhí riamh roimhe ag muintir na Brasaíle ar an uachtarán Jair Bolsonaro.

Léiríonn pobalbhreith chuimsitheach a rinne an Áisíneacht Bhrasaíleach um Tuairim Phoiblí agus Staitisticí (IBOPE) le gairid go measann os cionn 40 faoin gcéad de mhuintir na tíre go bhfuil Bolsonaro agus a rialtas ag déanamh jab ‘iontach’ nó ‘maith’. Sin ardú 11 faoin gcéad ar an líon daoine a bhí den tuairim sin sa phobalbhreith dheireanach a rinne an áisíneacht chéanna i mí na Nollag 2019, trí mhí roimh thús ghéarchéim an choróinvíris.

Léiríonn an phobalbhreith chéanna nach gceapann ach 29 faoin gcéad de mhuintir na tíre go bhfuil drochjab á dhéanamh ag an uachtarán, laghdú 9 faoin gcéad ó mhí na Nollag na bliana seo caite, nuair a bhí 38 faoin gcéad de mhuintir na tíre den tuairim go raibh Bolsonaro ‘go holc’ mar uachtarán.

Measann 29 faoin gcéad eile go bhfuil ‘gnáthjab’ á dhéanamh aige agus ní raibh aon tuairim ag an 2 faoin gcéad deireanach.

Céard is cúis leis an bhfás mór millteach ar ráta sástachta Bolsonaro, nuair a bhí an chuma ar an scéal leathbhliain ó shin, i laethanta tosaigh ghéarchéim an choróinvíris, go gcuirfeadh an bhatráil a thug muintir na Brasaíle dá gcuid potaí agus sáspan oíche i ndiaidh oíche an ruaig ar an uachtarán?

Tá freagra na ceiste sin chomh simplí sin go mbainfeadh sé siar as duine:

Airgead saor in aisce.

Nuair ba léir go bhfágfadh na srianta dianghlasála frithvíris na scórtha milliún Brasaíleach gan phost agus gan greim ina mbéal, b’éigean córas a chur i bhfeidhm a chuirfeadh ioncam ar fáil dóibh: an auxílio emergencial, an ‘chabhair éigeandála’, luach 600 reais (isteach is amach le €100) sa mhí, rud beag le cois leath an íosphá mhíosúil.

Thar oíche, bhí breis airgid ina bpócaí ag go leor Brasaíleach, óir níor chuir na srianta dianghlasála stop le hobair chuile dhuine atá i dteideal na cabhrach éigeandála agus nuair a scaoileadh na srianta dianghlasála roinnt míonna ó shin, níor cuireadh stop leis na híocaíochtaí.

Níor cuireadh, go háirithe nuair a thuig an t-uachtarán go raibh fás ar a ráta sástachta i gcuid den tír nach mbíodh meas madra air go dtí sin: oirthuaisceart te tirim na Brasaíle, ceantar dúchais an iar-uachtaráin iomráitigh Lula agus crann taca dheargnaimhde Bolsonaro, Páirtí na nOibrithe (PT).

Ach ar ndóigh, níl a leithéid ann agus airgead saor in aisce. Mí ó shin, b’éigean luach na cabhrach éigeandála a laghdú go 300 reais (isteach is amach le €50) sa mhí. Agus cé go dteastaíonn ó Jair Bolsonaro scéim chabhrach bhuan a bhunú darb ainm Renda Brasil (‘Ioncam don Bhrasaíl’) a thógfadh áit na scéime Bolsa Família (‘Deontas Teaghlaigh’) a bhunaigh Lula tráth – rud a chinnteodh, más fianaise ar bith iad torthaí phobalbhreith IBOPE, go n-atoghfaí é i gceann dhá bhliain – b’éigean don uachtarán a admháil an tseachtain seo caite nach mairfeadh an chabhair éigeandála go brách.

Níl an t-airgead fána coinne i gcófraí an stáit, agus ní bheidh mura n-ardófar an cháin ioncaim don mheánaicme agus don uasaicme, rud nach mbeidh Bolsonaro ag iarraidh a dhéanamh ach oiread.

Idir an dá linn, tharla an rud a tharlaíonn i gcónaí nuair a bhíonn níos mó airgid ina bpócaí ag an bpobal: tá ardú mór millteach ar na praghsanna, praghsanna na n-earraí is coitianta – rís, pónairí, bainne, feoil – ina measc.

Fág freagra ar 'TUAIRISC ÓN mBRASAÍL: Os cionn 150,000 curtha den saol ag an gcoróinvíreas, ach níos mó tóir ar Jair Bolsonaro ná riamh'