TUAIRISC ÓN mBRASAÍL: ‘Ní paindéim í seo ach sléacht’

Tar éis dó cúig mhí a chaitheamh san Eoraip, filleann ár gcolúnaí ar an mBrasaíl, ceann de na tíortha is measa atá buailte ag paindéim an choróinvíris

TUAIRISC ÓN mBRASAÍL: ‘Ní paindéim í seo ach sléacht’

‘Ach nach bhfuil faitíos ort dul ar ais go dtí an Bhrasaíl?’ a d’fhiafraigh máthair dlúthchara díom agus mé ag fágáil slán aici, lá sular thóg mé eitleán trasna an Atlantaigh tar éis dom cúig mhí a chaitheamh san Ísiltír. 

‘Bheadh eagla an domhain ormsa dá mbeinn i d’ionad. Nach bhfuil daoine ag fáil bháis ó Covid-19 ina sluaite ansin?’

Níorbh í máthair mo dhlúthchara an t-aon duine amháin a bhí buartha. Mo dheirfiúr mór, m’aintín, na comharsana béal dorais: bhí imní orthu ar fad go dtolgfainn an coróinvíreas a luaithe is a thiocfainn den eitleán sa Bhrasaíl. 

Muise, ba bheag nár éirigh mé féin ruainne beag neirbhíseach agus mé ag breathnú ar na tuairiscí nuachta ón tír sin. Daoine ar a míle dícheall ag iarraidh teacht ar cheanastair ocsaigine do ghaolta a bhí ina ngátar. Leagan nua i ndiaidh leagain nua den víreas á bhfógairt ag na dochtúirí, chuile cheann acu níos tógálaí nó níos marfaí ná an ceann a tháinig roimhe.

Ach ar ámharaí an tsaoil chuimhnigh mé nach raibh sna tuairiscí nuachta ach tuairiscí nuachta.

Chaith mé oiread blianta ag obair mar chomhfhreagraí idirnáisiúnta sa Bhrasaíl – ag cur síos ar fhoréigean na mbuíonta drugaí agus na bpóilíní, ar léirsithe sráide, ar thubaistí timpeallachta agus ar pholaiteoirí scanrúla – le go gcuimhneoinn ar ghné thábhachtach de chuid na hiriseoireachta nach léir i gcónaí don lucht féachana, éisteachta nó léitheoireachta sa bhaile: ní fheicfidh, ní chloisfidh agus ní léifidh tú sna tuairiscí nuachta ach an méid a chuirfeas mearbhall, alltacht nó déistin ort.

Ag breathnú ar an nuacht ón mBrasaíl thar lear, ní shamhlófá go mbeadh mo chara Leonardo, an díoltóir éisc, ag siúl bóithre na cathrach lena dhá bhuicéad sairdíní chuile lá beo. Ach bíonn. 

Bhí a fhios agam ó bheith ag caint leisean agus le mo chairde Brasaíleacha eile ar WhatsApp go leanann an gnáthshaol ar aghaidh, fiú i gceann de na tíortha is measa atá buailte ag an bpaindéim. 

Má bhíonn Leonardo sásta dul amach lena dhá bhuicéad éisc níl faitíos ormsa filleadh ar an mBrasaíl, a dúirt mé liom féin.

Mar sin féin baineadh geit nach beag asam nuair a chonaic mé go raibh an eitilt intíre a bhí orm a thógáil ó aerfort Guarulhos in São Paulo go cathair Salvador lán go béal. Bhí trua as cuimse agam d’aeróstach amháin a bhí i mbaol mór droch-chás den Covid-19 a fháil, dá mba aon fhianaise ar bith a toirt. Gach ré nóiméad, shílfeá, nigh an bhean bhocht a lámha le glóthach alcóil.

Is mar sin atá an saol sa Bhrasaíl faoi láthair: tá gach rud ar oscailt agus tá gach rud ag feidhmiú – fiú amháin na scoileanna a bhí dúnta le breis agus bliain anuas. Ach caitheann tú masc ar d’aghaidh fiú mura bhfuil an teach á fhágáil agat ach chun an bruscar a chur amach agus bíonn buidéilín beag den ghlóthach alcóil i do phóca i gcónaí. Inné, chonaic mé beirt déagóirí ag déanamh gaisce ar a gcuid rothar, crosbhóthar gnóthach á thrasnú acu gan in úsáid acu ach rothaí cúil a gcuid rothar. Bhí a mbeatha á cur i mbaol acu, ach bhí mascanna á gcaitheamh ar a n-aghaidh acu agus chlúdaigh na mascanna sin béal agus srón mar ba chóir.

Idir an dá linn, tá binse fiosrúcháin ar bun le coicís anuas chun iompar rialtas an uachtaráin Jair Bolsonaro le linn na paindéime a scrúdú agus is cinnte go bhfuiltear ag súil go mór leis an toradh. Agus an t-alt seo á scríobh, tá nach mór 425,000 duine tar éis bháis de dheasca an Covid-19 sa Bhrasaíl, sin níos mó ná daonra iomlán chontaetha na Gaillimhe agus Dhún na nGall le chéile.

Tá duine éigin sa cheantar ina bhfuil cónaí orm tar éis póstaeir lámhdhéanta a ghreamú de na cuaillí solais. ‘Ní paindéim í seo ach sléacht,’ atá scríofa orthu.

Fág freagra ar 'TUAIRISC ÓN mBRASAÍL: ‘Ní paindéim í seo ach sléacht’'

  • Pól Ó Braoin

    An bheirt déagóirí ag déanamh gaisce ar a gcuid rothar, crosbhóthar gnóthach á thrasnú acu gan in úsáid acu ach rothaí cúil a gcuid rothar. A mbeatha á cur i mbaol acu, ach bhí mascanna á gcaitheamh ar a n-aghaidh acu agus chlúdaigh na mascanna sin béal agus srón mar ba cheart.
    Taispeánann sin rud eicint dom a fháganns ar bheagán smideanna mé, caithfidh mé a rá. Tá súil agam do dtiocfaidh feabhas ar chúrsaí sa tír sin. Tá an ceart agat faoin nuacht a scríobhtar le do shúil a tharraingt nó le goineadh ar d’aire ar bhealach eicint nach i gcónaí atá ar leas na fírinne. Mar sin féin, sin mar a bhíonn agus mar a bheas go lá Philib féin cheapfainn, muis…