TUAIRISC ÓN mBRASAÍL: Nach mór 60,000 duine tar éis bháis, ach tá na srianta dianghlasála á scaoileadh

In ainneoin gur in olcas atá scéal an choróinvíris ag dul, tá na srianta dianghlasála á scaoileadh de réir a chéile ag muintir na Brasaíle agus ag údaráis na tíre.

TUAIRISC ÓN mBRASAÍL: Nach mór 60,000 duine tar éis bháis, ach tá na srianta dianghlasála á scaoileadh

Tharla argóint mhór mhillteach an lá cheana in árasán sa bhloc in aice leis an gceann ina bhfuil cónaí orm féin. Dála go leor tithe sa Bhrasaíl, tá cónaí san árasán sin ar thrí ghlúin: mamó, máthair agus (gar)mhac. Ba é an leaid óg, atá 14 bliana d’aois agus a mbaistfidh mé Marcos air san alt seo, a thosaigh an argóint.

‘Níl mé in ann aige a thuilleadh! Tá mé faoi ghlas anseo le breis is trí mhí anuas! Tá mé ag iarraidh mo shaol a bheith ar ais agam!’

Sular thosaigh paindéim an choróinvíris, bhí an-tóir ag cailíní an cheantair ar Marcos. Chruinníodh seisear, seachtar nó ochtar acu taobh amuigh dá bhloc árasán chuile thráthnóna. ‘An háram’ a thugadh an chomharsanacht ar an mbantracht óg sin – ach bhíodh Marcos chomh mór sin ar a shuaimhneas i measc na mban go mbíodh sé le rá ag cuid de na comharsana, agus go deimhin ag cuid de na cailíní féin, gur sna fir atá dúil aige. Más amhlaidh atá, a smaoinigh mé agus mé ag éisteacht leis ag scréachaíl ar a mháthair, tá sé ag an aois anois a bhfaighidh sé sin amach faoi féin. Amuigh lena chairde ba cheart dó a bheith, ag gáire agus ag magadh faoina chéile agus ag fáil amach céard is mian leis na hormóin ina cholainn – seachas a bheith faoi ghlas in árasán 40 méadar cearnach ó dhubh go dubh.

Bhris mo chroí ag éisteacht leis, agus bhris sé arís nuair a d’fhreagair a mháthair – bean sna daichidí a dtabharfaidh mé Dona Cláudia uirthi san alt seo agus a bhfuil glór aici atá chomh láidir sin go bhfuil ionadh orm nach gcloistear í go rialta in Éirinn féin, ar an taobh eile den Atlantach.

‘Níl mé ag iarraidh go bhfaighidh mo mháthair bás toisc go dtabharfaidh tusa galar isteach sa teach!’ a bhéic sí.

Dona Rosa a bhaistfidh mé ar mháthair Dona Cláudia, mamó Marcos, bean chaol shéimh atá ag tarraingt ar na ceithre scór. D’fhan Dona Rosa ina tost ach caithfidh sé gur chuala sí chuile fhocal den argóint idir a hiníon agus a garmhac. Bhris mo chroí den tríú huair ag cuimhneamh ar a cás siúd.

Bhris mo chroí ag cuimhneamh ar an triúr acu ach ag an am céanna theastaigh uaim go ndúnfaidís ar fad a gclab, fiú Dona Rosa nár dúirt tada ach a mbodhródh a ciúnas thú.

Bhí mé féin tinn tuirseach de bheith faoi ghlas ag an gcoróinvíreas agus de bheith ag éisteacht chuile lá beo le hargóintí mar seo, nach féidir éalú uathu toisc go mbíonn na fuinneoga i gcónaí ar oscailt sa tír seo mar gheall ar an teas.

Agus nach mór 60,000 duine tar éis bháis ó Covid-19 sa Bhrasaíl agus idir 50 agus 60 duine ag fáil bháis ón ngalar chuile lá sa chathair seo amháin agus an líon sin fós ag dul i méid, tá sé le tuiscint go gcuirfeadh Dona Cláudia dianghlasáil i bhfeidhm a chuirfeadh éad ar údaráis na Spáinne, na hIodáile agus na Fraince féin. An lá ar dúnadh na scoileanna chuir sí an ruaig ar an mbantracht a bhíodh ag iarraidh a mac a mhealladh agus ní fhacthas iad ó shin. Ní bhogann sí féin ná Dona Rosa amach as an teach. Tá cead ag Marcos an t-árasán a fhágáil ar feadh cúig nóiméad sa tráthnóna chun an bruscar a chaitheamh amach agus arán a cheannacht. Is ea, coinním súil ghéar ar chuile rud.

An lá tar éis na hargóna fíochmhaire sa bhloc árasán béal dorais chonaic mé radharc nach bhfaca mé le hos cionn trí mhí anuas. Bhí Dona Cláudia agus Marcos – máthair agus mac – amuigh ag siúl le chéile, éadaí aclaíochta ar an mbeirt, buidéil uisce ina nglac agus mascanna ar a n-aghaidh. Go diongbháilte agus go mear, shiúil Dona Cláudia anonn is anall os comhair a mbloc árasán ar feadh leathuair an chloig, deich méadar ar dheis agus deich méadar ar chlé ón bpríomhdhoras. Bhí strainc náire ar Marcos á leanacht ach ní dhearna sé gearán, is dócha gurbh fhearr é seo ná tada.

An tráthnóna ina dhiaidh sin arís, bhí Dona Rosa í féin amuigh, ag spaisteoireacht idir na ceapacha bláthanna a dtugadh sí aire dóibh sular thosaigh an phaindéim, fad is a bhí a hiníon agus a garmhac i mbun aclaíochta.

Fearacht tí Dona Cláudia tá na srianta á scaoileadh de réir a chéile fud fad na Brasaíle, in ainneoin go bhfuil scéal an choróinvíris ag dul in olcas gach lá. Is léir go bhfuil teorainn leis an méid ama gur féidir le duine a chaitheamh faoi ghlas ina theach féin, fiú agus plá agus aicíd ag bagairt taobh amuigh. Ní straitéis í an dianghlasáil a bheifear in ann a choinneáil i bhfeidhm ar feadh i bhfad eile, agus tá chuile chosúlacht ar an scéal go mbeidh ar mhuintir na Brasaíle cur suas leis an gcoróinvíreas mar a chuireann siad suas le galair ar nós fiabhras deinge, chikungunya agus zika le fada an lá.

Fág freagra ar 'TUAIRISC ÓN mBRASAÍL: Nach mór 60,000 duine tar éis bháis, ach tá na srianta dianghlasála á scaoileadh'