TUAIRISC ÓN mBRASAÍL: Mórfhéile Iemanjá ar ceal don dara bliain as a chéile

Agus líon na gcásanna Covid-19 agus an ghnáthfhliú ag dul i méid sa Bhrasaíl tá mórfhéile bhandia Afra-Bhrasaíleach na mara ar ceal arís i gcathair Salvador. Ach tá chuile chosúlacht ar an scéal go mbeidh féile ann in ainneoin na srianta…

TUAIRISC ÓN mBRASAÍL: Mórfhéile Iemanjá ar ceal don dara bliain as a chéile

Ba é inné Lá ’le Bríde; inniu Lá Iemanjá, bandia Afra-Bhrasaíleach na mara.

Gach bliain ar an 2 Feabhra, tugann na céadta míle duine i gcathair Salvador – lucht leanta an chreidimh Afra-Bhrasaíligh candomblé agus daoine nach iad – aghaidh ar thrá na n-iascairí i gceantar Rio Vermelho, díreach síos an bóthar ón áit a bhfuil cónaí orm féin. Bíonn ofrálacha ag an slua do Iemanjá: rósanna, seoda agus buidéil bheaga le huisce cumhra labhandair.

Tá Iemanjá ar dhia de na déithe Afra-Bhrasaíleacha (orixás) is mó a bhfuil cion ag muintir na Brasaíle orthu; ceangal aici ní hamháin leis an bhfarraige agus na huiscí i gcoitinne ach leis an máithreachas: saghas ollmháthair í a thabharfadh barróg do dhuine ar bith a bheadh ina gátar, bíodh siad óg nó aosta.

Ach i mbliana, don dara bliain as a chéile, tá a féile curtha ar ceal.

Tá ardú arís, is baolach, ar líon na gcásanna Covid-19 sa Bhrasaíl agus mar bharr ar an donas tá leagan nua contúirteach den ghnáthfhliú darb ainm H3N2 Darwin ag scaipeadh go tréan agus ag cur na gcéadta den saol.

Ar eagla go gcuirfí éadulaingt reiligiúnach ina leith níl cosc curtha ag na húdaráis ar phríomhimeacht na féile. Beidh cead ag iascairí Rio Vermelho a mbronntanais do bhandia na mara a thabhairt amach ar an teiscinn mhór mar a dhéanann siad gach bliain – ach beidh orthu é a dhéanamh go luath ar maidin seachas uair an chloig roimh luí na gréine ar eagla go meallfaí slua mór chun breathnú ar na deasghnátha.

Lena chois sin, tá cosc ar chuile ghné eile den fhéile. Ní bheidh cead ag díoltóirí sráide rósanna, seoda agus uisce labhandair a dhíol, gan trácht ar bhia agus deoch. Ní bheidh taispeántais capoeira ann, ná bannaí práis ag máirseáil tríd na sráideanna. Ní bheidh na babalorixás agus na ialorixás, ‘sagairt’ agus ‘bansagairt’ an candomblé, ag tairiscint níochán deasghnách ná seirbhísí reiligiúnda eile don phobal ar an bpromanáid.

Ach, thar aon rud eile, beidh tránna an cheantair dúnta: ní bheidh cead ag an bpobal a gcuid ofrálacha féin a chaitheamh sna tonnta. É sin ar fad ar eagla go gcruinneodh na céadta míle duine óltach le chéile agus go mbeidh a thuilleadh daoine fós ag snaofairt [sraothartach], ag casacht agus ag líonadh na n-ionad dianchúraim faoi cheann seachtaine.

Ach tá cleachtadh na gcéadta bliain ag muintir an candomblé ag dul i ngleic le toirmisc na n-údarás. Go dtí an bhliain 1975, bhí cosc scun scan ar chreideamh shliocht na nAfracach a tugadh chun na Brasaíle ina sclábhaithe.

Ní raibh iontas ar bith orm, mar sin, go bhfaca mé na céadta daoine cruinnithe le chéile ar thrá na n-iascairí in Rio Vermelho tráthnóna Dé Domhnaigh seo a chuaigh thart agus na hiascairí ag dul amach ina mbáidíní beaga chun ofrálacha na gcreidmheach a thabhairt do Iemanjá. Cosc ar fhéile an 2 Feabhra, an ea? Bíodh an fhéile againn ar na laethanta timpeall ar an dáta oifigiúil mar sin, a shíl an pobal is cosúil!

Agus níl dabht ar bith orm ach go mbeidh muintir Rio Vermelho, mo chairde agus mo chomharsana, amuigh ina sluaite inniu, an 2 Feabhra, in ainneoin na srianta agus beidh mé féin ina measc. Mura mbeidh mé in ann dul ar an trá chun bláthanna – a bheidh orm féin a phiocadh in áit éigin, ceal díoltóirí rósanna – a chaitheamh san fharraige, aimseoidh mé carraig.

Fág freagra ar 'TUAIRISC ÓN mBRASAÍL: Mórfhéile Iemanjá ar ceal don dara bliain as a chéile'