Cailín óg ina suí ar ghuaillí a hathar, ag breathnú amach thar chloigne na mílte léirsitheoirí i lár chathair Salvador, sa Bhrasaíl, Dé Sathairn seo a chuaigh thart. Cuma sách óg ar a hathair freisin: chuile sheans nach mbeadh cuimhne aige féin ar an deachtóireacht mhíleata a bhí i réim sa tír is mó sa leathsféar theas, ar tháinig deireadh léi sa bhliain 1985.
Mar sin féin bhí siad ansin, an cailín óg agus a hathair, i dteannta na gcéadta míle duine i gcathracha móra agus beaga fud fad na Brasaíle agus go deimhin thar lear: ag léirsiú i gcoinne Jair Bolsonaro iarrthóir i dtoghchán uachtaránachta an Domhnaigh seo chugainn atá chun tosaigh ar chuile iarrthóir eile sna pobalbhreitheanna.
Cén fáth?
Fear é Bolsonaro a bhfuil dímheas aige ar mhná agus fuath aige do dhaoine dubha, do bhundúchasaigh agus do dhaoine LADT. Fear é a mbíonn an deachtóireacht dheireanach sa Bhrasaíl – a bhí i réim nuair a d’fhás sé féin aníos – á moladh go hard na spéire aige. Fear é a dúirt, an tseachtain seo caite, ‘nach bhféadfadh sé labhairt ar son na bhfórsaí armtha, ach nach mbeadh glacadh aige féin le toradh ar bith sa toghchán ach bua dó féin.’
Rinneadh neamhaird ar an gcailín óg, ar a hathair, agus ar na céadta míle bean agus fear eile a chuaigh amach ar na sráideanna Dé Sathairn. Ní raibh ceamaraí teilifíse na gcainéal mór i láthair, cé gur cor cinniúnach i stair na mban sa Bhrasaíl a bhí sna léirsithe: mná a d’eagraigh iad, fearg orthu faoin dímheas ar mhná a léiríonn Bolsonaro agus lucht a leanta (mná ina measc!) gan stad gan staonadh. Ach faoin mana #EleNão/#NotHim d’éirigh leo aird idirnáisiúnta a tharraingt ar an gcontúirt mhór ina bhfuil an Bhrasaíl faoi láthair.
Contúirt mhór? Nár cheart dom, agus hata an chomhfhreagraí idirnáisiúnta orm, a bheith níos oibiachtúla agus toghchán uachtaránachta á phlé agam?
Níor cheart.
Ní ceadmhach oibiachtúlacht nuair atá an daonlathas féin i mbaol.
Tá sé ráite go hoscailte ag Bolsonaro, ar Críostaí bunchreidmheach é*, nach nglacann sé leis an stát tuata.
Dé Domhnaigh seo caite, agus mé amuigh ag rothaíocht, tharla mé ar léirsiú eile: cúpla céad duine, léinte sacair na Brasaíle á gcaitheamh ag a bhformhór agus bratach na Brasaíle ceangailte timpeall orthu féin ag roinnt, ag béicíl in ard a gcinn.
‘Deus acima de tudo!’
‘Dia os cionn chuile rud!’
‘Gott über alles!’
Tá an t-aistriúchán go Gearmáinis á chur ar fáil agam ionas nach rachaidh an chosúlacht idir lucht leanta Bolsonaro agus na naitsithe (arbh é ‘Deutschland über alles!’ a mana) amú ar éinne.
Ar ais chuig an gcailín óg sin ar ghuaillí a hathar. An bhfásfaidh sí sin aníos i ndeachtóireacht bhunchreidmheach Chríostaí?
Is cinnte go mbeidh a todhchaí siúd – agus go deimhin todhchaí na Brasaíle ar fad – idir dhá cheann na meá Dé Domhnaigh seo chugainn, ach is beag an seans go dtiocfaidh aon tuar faoi thairngreacht ar bith an lá sin.
Ach an oiread leis an bhFrainc, bíonn dhá bhabhta i dtoghchán uachtaránachta na Brasaíle. An chuma atá ar na pobalbhreitheanna anois, beidh an lámh in uachtar ag Bolsonaro sa chéad bhabhta, ach beidh air dúshlán an iarrthóra a thiocfaidh sa dara háit a thabhairt i mbabhta críochnaitheach ar an 28 Deireadh Fómhair. Is dóichí ná a mhalairt gurb é Fernando Haddad, iarrthóir Pháirtí na nOibrithe (PT) agus fear ionaid an iar-uachtaráin iomráitigh Lula (atá i bpríosún), an t-iarrthóir sin.
Sin ar fad ráite, ní bheadh a fhios ag duine céard a tharlódh idir seo agus Dé Domhnaigh.
Cén fáth a ndeirim sin?
Nach mór mí ó shin, sádh Bolsonaro sa bholg agus é i mbun feachtais; chaith sé trí seachtaine san ospidéal. In 2014, go gairid roimh thoghchán uachtaránachta na bliana sin, fuair iarrthóir a bhí ag déanamh go maith, Eduardo Campos, bás i dtimpiste eitleáin, eachtra ar cuireadh go leor ceisteanna faoi ag an am.
D’fhéadfadh sé go mbeidh an t-alt seo as dáta an nóiméad tar éis duit é a léamh.
* Caitliceach é Jair Bolsonaro ach soiscéalach í a bhean chéile agus is minic a fhreastalaíonn Bolsonaro ar sheirbhísí soiscéalacha ina cuideachta
Fág freagra ar 'TUAIRISC ÓN mBRASAÍL: Macallaí an naitsíochais le cloisteáil roimh thoghchán na huachtaránachta'