TUAIRISC ÓN mBRASAÍL: Laghdú mór ar líon na mbásanna foréigneacha, ach…

Bhí laghdú 7 faoin gcéad ar líon na mbásanna foréigneacha sa Bhrasaíl i gcoitinne anuraidh – ach ní mar a chéile an scéal sa tír ar fad.

TUAIRISC ÓN mBRASAÍL: Laghdú mór ar líon na mbásanna foréigneacha, ach…

Dea-scéal agus drochscéal maidir leis an bhforéigean sa Bhrasaíl i staitisticí oifigiúla na bliana 2021, a d’fhoilsigh an Fóram Brasaíleach um Shábháilteacht Phoiblí (FBSP) an tseachtain seo.

41,069 duine a fuair bás go foréigneach anuraidh. Ní raibh líon na marbh chomh híseal sin ó 2007, an bhliain ar cuireadh tús leis an monatóireacht chomhtháite ar líon na ndúnmharuithe agus na mbásanna foréigneacha eile sa tír. Titim nach mór 7 faoin gcéad atá ann i gcomparáid leis an mbliain 2020 – agus laghdú ollmhór i gcomparáid leis an mbliain 2017, nuair a fuair 59,128 Brasaíleach bás go foréigneach, an líon ab airde riamh.

Ach fós féin: 41,069 duine – sin níos mó daoine ná daonra iomlán chontae an Longfoirt.

Tá cúiseanna éagsúla leis an titim a tháinig ar líon na marbh, dar leis na saineolaithe. I measc rudaí eile, luaitear go sonrach síocháin de chineál éigin idir na buíonta drugaí móra, tionchar na bpolasaithe sábháilteachta atá á gcur i bhfeidhm ag na stáit éagsúla, agus – suimiúil go leor – an t-athrú atá ag teacht ar chomhdhéanamh dhaonra na Brasaíle i gcoitinne. Ógánaigh den chuid is mó a fhaigheann bás san fhoréigean, ach níl oiread ógánach sa Bhrasaíl agus a bhíodh cheana: fearacht go leor tíortha san Eoraip, tá daonra na Brasaíle ag dul in aois.

Aisteach go leor, ní luaitear tionchar phaindéim an Covid-19 a bheag nó a mhór, d’ainneoin gur tháinig athrú suntasach ar nósanna maireachtála mhuintir na Brasaíle le linn na paindéime agus go raibh srianta i bhfeidhm ar feadh cuid mhór den bhliain seo caite a shílfeá a mbeadh tionchar acu ar líon na marbh san fhoréigean. Mar shampla amháin: níor tharla an Carnabhal, féile a mbíonn ardú mór ar líon na mbásanna foréigneacha lena linn go hiondúil.

Ach d’ainneoin gur tháinig laghdú ar líon na mbásanna foréigneacha i gcoitinne, ní mar a chéile an scéal sa tír ar fad agus ní mar a chéile an baol do dhaoine bána agus an baol do dhaoine dubha agus do na pobail bhundúchasacha.

I dtuaisceart na tíre, bhí ardú 10 faoin gcéad ar líon na mbásanna foréigneacha agus bhí ardú ollmhór 54 faoin gcéad sa stát is fairsinge sa tír, Amazonas, áit a bhfuil feirmeoirí beithíoch ag brú isteach go leanúnach ar thailte na mbundúchasach agus na bpobal traidisiúnta eile.

Chomh maith leis sin, de réir staidéar de chuid an Fhóraim Bhrasaíligh um Shábháilteacht Phoiblí a foilsíodh i mí na Samhna an bhliain seo caite, daoine dubha iad 80 faoin gcéad de na daoine a fhaigheann bás go foréigneach sa Bhrasaíl.

Agus don tríú bliain as a chéile, fuair níos mó daoine bás go foréigneach i stát Bahia, mar a bhfuil cónaí orm féin, ná in aon stát eile: 5,099 duine – nó breis agus daonra iomlán an Óráin Mhóir i gcontae na Gaillimhe.

Fág freagra ar 'TUAIRISC ÓN mBRASAÍL: Laghdú mór ar líon na mbásanna foréigneacha, ach…'