TUAIRISC ÓN mBRASAÍL: Drochscéal dóibh siúd a bhfuil dúil acu sa leacht dubh

Cúrsaí aeráide is cúis leis go mbeidh fíor-dhrochfhómhar, as seo go ceann cúpla mí, sa tír a tháirgeann aon trian de phónairí caife an domhain

TUAIRISC ÓN mBRASAÍL: Drochscéal dóibh siúd a bhfuil dúil acu sa leacht dubh

Tá drochscéal agam duit más rud é go bhfuil dúil agat sa leacht dubh.

Caife atá i gceist agam – ní pórtar, ná ola.

Sna hollmhargaí anseo sa Bhrasaíl, tá ardú 100 faoin gcéad tagtha ar phraghas an chaife le leathbhliain anuas.

Níl an t-ardú céanna le tabhairt faoi deara go fóill in ollmhargaí agus i dtithe caife na hEorpa agus Mheiriceá Thuaidh, ach is cinnte go mbeidh, am éigin sa bhliain úr.

Sa Bhrasaíl a fhástar aon trian de phónairí caife an domhain. Ní hiad pónairí caife na Brasaíle na cinn is fearr ná na cinn is mó cáil ar chlár na cruinne, ach pónairí fónta iad a úsáidtear mar bhunchomhábhar in go leor de na ghnáthmheascáin chaife a mbíonn tóir orthu sna hollmhargaí. Pónairí iad ar féidir brath orthu. Go hiondúil.

Sna sléibhte a fhástar caife agus creid é nó ná creid, ar an talamh ard titeann an teocht faoin reophointe ó am go chéile, fiú sa Bhrasaíl. Ach i mbliana, tharla an sioc ag drocham, gan choinne, agus rinneadh go leor dochair do na plandaí caife óga.

Ina dhiaidh sin, níor thit an méid báistí agus a raibh súil léi sa séasúr fliuch.

An toradh a bheas ar an dá ‘theagmhas aimsire’ sin ná go mbeidh fíor-dhrochfhómhar caife sa Bhrasaíl i gceann cúpla mí – ní hamháin ó thaobh líon na bpónairí de, ach ó thaobh an chaighdeáin freisin.

Ós rud é gur mór an seans go bhfuil baint ag athrú na haeráide leis an scéal, d’fhéadfadh sé gur i ndonas a bheidh cúrsaí ag dul sna blianta atá romhainn.

Anuas ar chúrsaí aeráide tá cúis eile leis go mbeidh ardú mór ar phraghas an chaife san Eoraip agus i Meiriceá Thuaidh lá ar bith feasta, agus is é sin praghas an gháis agus na hola.

Mar is eol dúinn ar fad, tá ardú mór ar phraghas breoslaí iontaise le tamall de mhíonna anuas. Gás den chuid is mó a úsáideann na comhlachtaí caife chun na pónairí a róstadh. Ola, ar ndóigh, a dhóitear in innill na longa lastais a thugann na pónairí go calafoirt na hEorpa agus Mheiriceá Thuaidh.

An t-aon chúis amháin nach bhfuil an t-ardú ar phraghas an chaife le tabhairt faoi deara go fóill in ollmhargaí agus i dtithe caife na hEorpa agus Mheiriceá Thuaidh ná go gceannaítear na pónairí i bhfad roimh ré. Tá stoc ag na comhlachtaí móra caife go fóill, rud a chuirfidh ar a gcumas a bpraghsanna a choinneáil mar atá go ceann tamaill eile.

€5.80 ar Americano mar sin as seo go ceann bliana? B’fhéidir é, ach ní bheadh a fhios agat. Tá gné amháin eile ag baint leis an scéal seo ar fad agus sin é luach airgeadra na Brasaíle, an real, atá ag titim go seasta le bliain anuas. Má thiteann sé a thuilleadh, dea-scéal a bheidh sa mhéid sin dóibh siúd san Eoraip agus i Meiriceá Thuaidh a bhfuil dúil acu sa leacht dubh – ach drochscéal d’fheirmeoirí caife na Brasaíle, gan dabht.

Fág freagra ar 'TUAIRISC ÓN mBRASAÍL: Drochscéal dóibh siúd a bhfuil dúil acu sa leacht dubh'