Tá go leor cainte á tharraingt in Éirinn faoi láthair ag an mbealach atá á phleanáil do Mheitreo Átha Cliath. Ach bíonn sé ina chíréib aon áit ar domhan a dtógtar a leithéid: ní furasta an cúram é spás a aimsiú do mhórthogra infreastruchtúir i gcathair atá tógtha cheana féin.
Fiú nuair a bhíonn na cinntí pleanála déanta, bíonn sé ina chéasadh ar feadh na mblianta agus móroibreacha tógála ag cur as don phobal. Ach nuair a bhíonn an diabhal rud réidh faoi dheireadh, bíonn chuile dhuine sásta leis an toradh: iompar poiblí ar ardchaighdeán. Fiú iad siúd a bhí ina choinne, bíonn siad breá sásta úsáid a bhaint as.
An tseachtain seo, tar éis próiseas trioblóideach tógála a thóg ocht mbliana déag, cuireadh an dlaoi mhullaigh ar chóras meitreo Salvador, an chathair sa Bhrasaíl mar a bhfuil cónaí orm. Osclaíodh stáisiún meitreo an aerfoirt.
Tá fadhb amháin ann, áfach.
Ní ag an aerfort atá an stáisiún. Tá ciliméadar idir é agus an t-aerfort féin agus caithfidh na paisinéirí agus a gcuid málaí dul ar bhus tointeála.
Ní hí Salvador an t-aon chathair amháin sa Bhrasaíl ar tharla a leithéid de ‘mheancóg’ phleanála.
An mhí seo caite, osclaíodh stáisiún meitreo aerfort Guarulhos i gcathair São Paulo, an t-aerfort is mó i Meiriceá Theas. Arís eile, ní ag an aerfort féin atá an stáisiún meitreo agus bíonn ar phaisinéirí bus tointeála a thógáil a thabharfaidh chomh fada leis an gcríochfort iad. Lena chois sin, níl ceangal díreach ar fáil idir stáisiún meitreo an aerfoirt agus lár na cathrach; caithfear dhá thraein a thógáil.
Chuir mé uaschamóga timpeall ar an bhfocal ‘meancóg’ thuas toisc nach bhfuil mé féin – ná go leor de mhuintir São Paulo agus Salvador – céad faoin gcéad cinnte nár cuireadh leasa eacnamaíocha roimh leasa na bpaisinéirí.
I gcás São Paulo, díoladh talamh in aice leis an gcríochfort a bhí curtha i leataobh do stáisiún meitreo le forbróirí chun ionad siopadóireachta a thógáil ann.
I gcás Salvador is fíor go mbeadh costas níos airde i gceist dá dtógfaí stáisiún meitreo an aerfoirt ag an aerfort féin toisc go gcaithfí tollán a thógáil. Ach ba iad tiománaithe tacsaí na cathrach agus úinéirí na gcomhlachtaí bus (dhá dhream a bhfuil grúpaí stocaireachta cumhachtacha acu) a bhí sásta leis an gcaoi ar iompaigh rudaí amach.
Sop in áit na scuaibe agus pian sa tóin a bhíonn sa traein faoi thalamh nach dtugann duine go ceann scríbe, ach chuig áit éigin ‘gar’ dó.
Ar mhaithe leis an gcraic, thóg mé féin an meitreo go haerfort Salvador an tseachtain seo. Uair an chloig agus fiche nóiméad a thóg an t-aistear ó m’árasán i lár na cathrach go dtí an críochfort féin orm – fiche nóiméad níos sciobtha ná an seanbhealach a bhí agam: siúlóid deich nóiméad agus turas bus uair an chloig go leith.
Ach ar mhaithe leis an bhfiche nóiméad sin a bhain an meitreo de m’aistear, bhí orm gnáthbhus, dhá thraein faoi thalamh agus bus tointeála a thógáil. Trí athrú – in ionad gan athrú ar bith.
Ba é an bus tointeála idir stáisiún meitreo an aerfoirt agus an t-aerfort féin buille maraithe na muice, agus tá a fhios agam cén bealach a thógfaidh mé go dtí an t-aerfort feasta.
An seanbhealach.
Fág freagra ar 'TUAIRISC ÓN mBRASAÍL: Bíonn sé ina chíréib aon áit ar domhan a dtógtar meitreo nua…'