TUAIRISC ÓN mBRASAÍL: ‘Donald Trump na Brasaíle’ ina iarrthóir don uachtaránacht

Tá ‘Donald Trump na Brasaíle’ ina iarrthóir uachtaránachta go hoifigiúil anois. Tá tóir ag cuid mhór Brasaíleach air, ach tá laige straitéiseach ina dris chosáin roimhe: easpa tacaíochta ó pháirtithe eile

TUAIRISC ÓN mBRASAÍL: ‘Donald Trump na Brasaíle’ ina iarrthóir don uachtaránacht

Tá Jair Bolsonaro – fear a dtugtar ‘Donald Trump na Brasaíle’ air sna meáin idirnáisiúnta go minic – á lua le huachtaránacht na Brasaíle le breis agus bliain anuas. Le gairid, d’fhógair sé go hoifigiúil go mbeidh sé ag seasamh i dtoghchán uachtaránachta mhí Dheireadh Fómhair.

Meastar go n-éireoidh le Bolsonaro sciar maith den vóta a mhealladh, go háirithe mura mbeidh cead ag an iar-uachtarán Lula, atá i bpríosún faoi láthair, seasamh. Ach cén fáth a dtabharfadh duine vóta d’fhear a bhfuil an ghráin aige ar mhná, ar bhundúchasaigh, ar dhaoine dubha, ar dhaoine LADT, ar dhaoine nach gcreideann i nDia na Críostaíochta agus ar inimircigh, atá ar son fáil éasca a bheith ar ghunnaí agus a mhaíonn gur ‘ré órga’ a bhí sa deachtóireacht mhíleata a bhí i réim sa Bhrasaíl idir 1964 agus 1985?

Tá an easpa sábháilteachta sa Bhrasaíl á lua mar cheann de na príomhchúiseanna go bhfuil oiread tóra ag cuid den phobal ar Bolsonaro. Tá fadhb an fhoréigin dáiríre: dúnmharaítear os cionn 60,000 duine in aghaidh na bliana, gach bliain. Ach lena chois sin, déantar na scéalta uafáis a thuairisciú ar na meáin (agus a chraobhscaoileadh ar WhatsApp) ar bhealach chomh gáifeach sin go bhfuil an pharanóia níos forleithne fós.

Ceapann daoine áirithe gur tuilleadh gunnaí an réiteach, agus ba mhaith le Bolsonaro dlíthe níos scaoilte maidir le húinéireacht ghunnaí a thabhairt isteach. An tseachtain seo caite, taifeadadh físeán (ina bhfuil Bolsonaro le feiceáil agus an dóigh le comhartha gunna a dhéanamh le do lámh á múineadh aige do chailín óg atá á hiompar ina bhaclainn aige.

 

Cúiseanna eile atá á lua leis an ráchairt atá ag cuid den phobal air ná an chaoi a labhraíonn sé teanga na cosmhuintire, nach gcuireann sé aon fhiacail ann agus nach mbacann sé leis an gceartasaíocht pholaitiúil.

Caitliceach is ea Bolsonaro ach soiscéalach go smior í a bhean chéile. Is minic a fhreastalaíonn Bolsonaro ar sheirbhísí soiscéalacha, rud a fhágann go bhfuil tóir ag coimeádaigh chreidmheacha de chuile chineál air.

Ach in ainneoin go bhfuil Bolsonaro ag déanamh go maith sna pobalbhreitheanna faoi láthair, beidh le feiceáil an mbeidh sé in ann teacht i dtír ar an tacaíocht atá á léiriú dó ag mórchuid Brasaíleach. Is é an chaoi go mbeidh laige straitéiseach amháin ina dris chosáin roimhe.

Go dtí seo, níor éirigh leis comhiarrthóir sásúil a mhealladh a sheasfadh leis don leas-uachtaránacht. Tá an t-eiteach tugtha dó ag roinnt mhaith daoine mór le rá ó na páirtithe móra ar an eite dheis agus tá an chuma ar an scéal anois go mbeidh ar Bolsonaro dul i muinín duine as a pháirtí féin, an PSL*, atá measartha beag. Ó tháinig deireadh leis an deachtóireacht mhíleata i 1985, níor éirigh le hiarrthóir ar bith nach raibh comhghuaillíocht traspháirtí leathan aige an bua a fháil i dtoghchán uachtaránachta.

* ‘An Páirtí Sóisialta Liobrálach’ an bhrí atá le hainm pháirtí Bolsonaro, ach tá pé oidhreacht ‘shóisialta’ agus ‘liobrálach’ a bhí ag an bpáirtí fágtha ina dhiaidh aige ó tháinig Jair Bolsonaro i gceannas air ag tús na bliana seo agus tá athrú ainm don pháirtí á phlé.

Fág freagra ar 'TUAIRISC ÓN mBRASAÍL: ‘Donald Trump na Brasaíle’ ina iarrthóir don uachtaránacht'