TUAIRISC ÓN mBRASAÍL: Ceithre bliana d’éagumas agus ainriail – ach beidh deireadh gan mhoill le réimeas Jair Bolsonaro

Tiocfaidh deireadh ar an 1 Eanáir le réimeas an uachtaráin is conspóidí i stair na Brasaíle, Jair Bolsonaro. Cén bhreith a thabharfar air amach anseo sna leabhair staire?

TUAIRISC ÓN mBRASAÍL: Ceithre bliana d’éagumas agus ainriail – ach beidh deireadh gan mhoill le réimeas Jair Bolsonaro

‘Feicfidh sibh go dtiocfaidh feabhas fiú amháin ar an aimsir nuair a bheidh Bolsonaro imithe!’ a d’fhógair Rastafárach an ionaid aclaíochta, a shúile ar leathadh agus a chorrmhéar á díriú i dtreo na spéartha aige.

Bhí an Bhrasaíl tar éis an cluiche ceathrú ceannais i gCorn an Domhain a chailleadh an lá sin agus ar an bpointe boise bhí lucht na meáchan tar éis filleadh ar a seanábhar: an pholaitíocht.

Ach bhí tráthúlacht ag baint le tairngreacht an Rasta. Faoi cheann níos lú ná trí seachtaine, ar an 1 Eanáir, tiocfaidh deireadh le réimeas an uachtaráin is conspóidí i stair na Brasaíle. Tháinig fonn machnaimh orm agus sa sos idir dhá shraith den ardú ó bhinse, rinne mé iarracht freagra a aimsiú ar an gceist seo: amach anseo, cén cur síos a dhéanfar sna leabhair staire ar na ceithre bliana a chaith Jair Bolsonaro in oifig?

An chéad rud a rith liom ná nach raibh an tréimhse a chaith Bolsonaro i gceannas ar an mBrasaíl baileach chomh dona agus a shíl mé a bheadh sular thosaigh sí. Is go rímhaith is cuimhin liom na taomanna imní a thagadh orm an taca seo ceithre bliana ó shin, faitíos orm go bhforógródh Bolsonaro deachtóireacht lá a insealbhaithe agus go ndéanfaí slad eagraithe sna blianta dorcha a leanfadh ar dhaoine LADT+, ar iriseoirí, ar dhaoine dubha agus bundúchasacha agus ar fhoraois na hAmasóine.

An dara rud a rith liom ná nach mbeidh a fhios againn go brách céard a bheadh tar éis tarlú sa Bhrasaíl le ceithre bliana anuas murach an coróinvíreas. Pé pleananna a bhí ag Jair Bolsonaro don tír, is cinnte gur chuir an phaindéim de dhroim seoil iad.

Tharla slad – ach meascán de dhroch-cheannaireacht agus drochjócanna ba chúis leis. Fuair nach mór 700,000 Brasaíleach bás ó Covid-19, líon níos airde ná i dtír ar bith eile ach amháin na Stáit Aontaithe. Fágadh faoi ghobharnóirí na stát éagsúil sa Bhrasaíl agus faoi na húdaráis áitiúla eile sa tír dul i ngleic leis an ngéarchéim sláinte is dúshlánaí le cuimhne na ndaoine.

D’ainneoin na liúntais éigeandála a cheadaigh rialtas Bolsonaro toisc nach raibh rogha ar bith acu, le linn bhlianta na paindéime (2020 agus 2021 don staitistic áirithe seo) tháinig méadú 22.7 faoin gcéad ar líon na ndaoine sa Bhrasaíl a bhí faoi bhun thairseach na bochtaineachta, agus ardú 48.2 faoin gcéad ar líon na ndaoine nach bhfuil acu ach ón lámh go dtí an béal.

Éagumas agus ainriail, sin iad an dá fhocal a rithfeadh liom dá n-iarrfaí orm cur síos a dhéanamh i leath-abairt ar an tréimhse a chaith Jair Bolsonaro ina uachtarán ar an mBrasaíl. Ach bíonn a gcontúirt féin ag baint le héagumas agus ainriail – go mórmhór má bhaintear úsáid astu mar bhrat deataigh d’fhonn polasaithe nár fógraíodh go hoifigiúil riamh a cheilt.

Is cinnte gur léirigh institiúidí an stáit go bhfuil siad láidir a ndóthain chun an fód a sheasamh i gcoinne ábhar deachtóra. Le ceithre bliana anuas, chruthaigh an Bhrasaíl don domhan mór gur tír í atá tagtha chun aibíochta mar dhaonlathas.

Ach rinne éagumas agus ainriail Bolsonaro go leor leor dochair. Cuir ceist orthu siúd a chaill gaolta agus cairde sa phaindéim; cuir ceist orthu siúd, daoine dubha a bhformhór, a chaill gaolta agus cairde toisc gur mhéadaigh líon na n-arm tine. Cuir ceist ar an triúr as gach deichniúr Brasaíleach atá faoi bhun thairseach na bochtaineachta anois. Cuir ceist ar bhundúchasaigh agus ar phobail eile de chuid na foraoise faoinar tharla nuair nár cuireadh srian leis an slad a rinne tine agus saint ar a n-áitreabh.

Ag caint ar an bhforaois sin, rith sé liom go raibh pointe fíormhaith ag Rasta an ionaid aclaíochta. Ceann de na chéad rudaí a bheidh uachtarán nuathofa na Brasaíle, Luiz Inácio da Silva (Lula) ag iarraidh a dhéanamh sna míonna romhainn ná srian a chur leis an dífhoraoisiú i gceantar na hAmasóine d’fhonn íomhá idirnáisiúnta na Brasaíle, a d’fhulaing go mór le linn réimeas Bolsonaro, a ghlanadh suas. Cá bhfios nach dtiocfaidh an tuar faoi thairngreacht an Rasta: má chaomhnaítear a bhfuil fágtha d’fhoraois na hAmasóine, seans go dtiocfaidh feabhas ar chúrsaí aeráide agus aimsire ní hamháin sa Bhrasaíl, ach ar fud an domhain.

Fág freagra ar 'TUAIRISC ÓN mBRASAÍL: Ceithre bliana d’éagumas agus ainriail – ach beidh deireadh gan mhoill le réimeas Jair Bolsonaro'