TUAIRISC ÓN mBRASAÍL: Bua ollmhór á thuar do Jair Bolsonaro, ‘Hitlerín na dTrópaicí’

Agus rogha an dá dhíogha ag muintir na Brasaíle, tá gach cuma ar an scéal go roghnóidh siad an diabhal nach bhfuil cleachtadh acu air go fóill thar an gceann a bhfuil

TUAIRISC ÓN mBRASAÍL: Bua ollmhór á thuar do Jair Bolsonaro, ‘Hitlerín na dTrópaicí’

Mura dtiocfaidh cor ollmhór sa chinniúint, toghfar an t-iarrthóir pobalach, fíorchoimeádach, ciníoch, homaifóibeach, frithbhanda agus gunna-ghrách Jair Bolsonaro ina uachtarán ar an mBrasaíl an Domhnach beag seo.

Agus nach mór seasca faoin gcéad den vóta á thuar dó sna pobalbhreitheanna deireanacha, bheadh farasbarr fiche faoin gcéad aige ar an iarrthóir eile, Fernando Haddad.

Ó bhain Bolsonaro 46.1% den vóta amach sa chéad bhabhta vótála ar an 7 Deireadh Fómhair, níl ag éirí le Haddad, iarrthóir Pháirtí na nOibrithe agus fear ionaid an iar-uachtaráin chonspóidigh Lula, atá i bpríosún, a chur ina luí ar mhuintir na Brasaíle gur ábhar deachtóra é Bolsonaro agus go bhfuil daonlathas na tíre, atá sách leochaileach mar atá, i gcontúirt.

Ní haon áibhéil a rá go bhfuil an daonlathas i mbaol dáiríre. 

An tseachtain seo caite, bhris mórscéal sa Folha de S.Paulo, an nuachtán is mó agus is aitheanta sa tír. In alt ar an gcéad leathanach, cuireadh i leith 156 comhlacht sa Bhrasaíl gur íoc siad isteach is amach le trí mhilliún euro le WhatsApp d’fhonn nuacht bhréige a scaipeadh a thacódh le feachtas Bolsonaro. Coir thoghchánaíochta a bheadh ansin dá gcruthófaí é – tá cosc ar lucht gnó tacaíocht faoi choim a thabhairt do pholaiteoirí – agus cúis chun toradh an chéad bhabhta sa toghchán uachtaránachta a chur ar neamhní.

Bhí an dochar déanta, ar ndóigh, ach ghníomhaigh WhatsApp a luaithe is a bhris Folha de S.Paulo an scéal: cuireadh na céadta cuntas sa Bhrasaíl ar ceal, cuntas an tseanadóra Flávio Bolsonaro, mac le Jair Bolsonaro, san áireamh.

Ach rinne na mórmheáin chraolta neamhaird den scéal, agus cé go bhfuil tús curtha le fiosrúchán ag na póilíní feidearálacha maidir leis an nuacht bhréige, chinn an chúirt toghchánaíochta uachtarach nach mbeadh aon impleachtaí ag an scéal don toghchán: seasann toradh an chéad bhabhta agus eagrófar an dara babhta ar an Domhnach beag seo, mar a bhí beartaithe.

Idir an dá linn, áfach, rinne mac eile le Jair Bolsonaro, an feisire parlaiminte Eduardo Bolsonaro, ráiteas a bhain creathadh astu siúd sa Bhrasaíl gur mór leo an daonlathas.

Sa chás go gcuirfí bac dlíthiúil ar a athair dul i mbun na huachtaránachta, ‘Ba leor saighdiúir agus corparáil chun an Chúirt Uachtarach Fheidearálach a dhúnadh síos,’ a dúirt Eduardo Bolsonaro i bhfíseán a taifeadadh i mí Iúil ach nár tháinig chun solais go dtí an deireadh seachtaine seo caite.

Má bhí blas na láimhe láidre ar an ráiteas sin, níl an chosúlacht ar an scéal go bhfuil aon imní ar na hinstitiúidí a bhfuil sé de dhualgas orthu an daonlathas a chosaint. An tseachtain seo caite, chuir an chúirt toghchánaíochta uachtarach cosc ar Fernando Haddad, céile comhraic Bolsonaro, fógra teilifíse a chraoladh inar baineadh úsáid as íomhánna láidre d’fhonn a chur ina luí ar an bpobal gur fear é Bolsonaro atá ar son an chéasta mar mhodh ceistiúcháin – dearcadh atá léirithe go poiblí ag Bolsonaro níos mó ná uair amháin. Dar leis an gcúirt gur ‘diostóipe’ a bhí san fhógra ‘a d’fhéadfadh foréigean a chothú’.

Idir an dá linn, tá foréigean polaitiúil ann dáiríre. Oíche an chéad bhabhta vótála, i gcathair Salvador, dhúnmharaigh duine de lucht tacaíochta Bolsonaro duine de lucht tacaíochta Haddad le scian. Cúpla lá ina dhiaidh sin, i gcathair Porto Alegre, gearradh siombail na svaistice i mbolg ógmhná a raibh léine a raibh téacs frith-Bolsonaro clóite uirthi á caitheamh aici.

Agus oiread comharthaí ann a thabharfadh leid do dhuine gur ábhar deachtóra é Jair Bolsonaro, cén fáth a bhfuil sé ar intinn ag nach mór seasca faoin gcéad de na vótóirí tacú leis?

Tá freagra an-simplí ar an gceist sin.

Tá an ghráin shíoraí ag mórchuid Brasaíleach ar Pháirtí na nOibrithe, páirtí Fernando Haddad. Tá an páirtí sin, a bhí i gcumhacht idir 2002 agus 2016, an bhliain a táinsíodh an t-iar-uachtarán Dilma Rousseff, ceangailte go dlúth leis an scannal caimiléireachta is mó i stair na Brasaíle.

Má bhíonn an bua Dé Domhnaigh ag ‘Hitlerín na dTrópaicí’ – mar a thug iarrthóir uachtaránachta nár éirigh leis sa chéad bhabhta, Ciro Gomes, ar Jair Bolsonaro tráth – ní chiallóidh sé sin gur faisistigh iad na scórtha milliún Brasaíleach a thabharfaidh vóta dó.

Ní chiallóidh sé ach go raibh rogha an dhá dhíogha ag muintir na Brasaíle, agus gur roghnaigh siad an diabhal nach bhfuil cleachtadh acu air go fóill thar an gceann a bhfuil.

Fág freagra ar 'TUAIRISC ÓN mBRASAÍL: Bua ollmhór á thuar do Jair Bolsonaro, ‘Hitlerín na dTrópaicí’'

  • Joey Joe Joe Junior Shabadoo

    ‘cuireadh i leith 156 comhlacht sa Bhrasaíl gur íoc siad isteach is amach le trí mhilliún euro le WhatsApp d’fhonn nuacht bhréige a scaipeadh a thacódh le feachtas Bolsonaro.’ – An é go bhfuil sé curtha i leith na gcomhlachtaí seo gur íoc siad airgead go díreach le Whatsapp? Mar sin atá le tuiscint ón abairt sin, feictear domsa. An tuiscint atá agamsa ná go bhfuil sé curtha i leith na gcomhlachtaí gur íoc siad dreamanna éagsúla le nuacht bhréagach a scaipeadh ar Whatsapp, seachas airgead a íoc le whatsapp féin, tá difear mór idir an dá rud.

    Bainim an-sult as na tuairiscí seo ón mBrasaíl dála an scéil.

  • Breathnóir

    Is ar éigean go bhfaca mé trácht ar bith ar an toghchán seo sna meáin Bhéarla in Éirinn, agus ar an mbaol a bhaineann le toghadh Bolsonaro do shochaí na Brasaíle.
    Maith thú as do chuid tuairisceoireachta, a Alex.

  • Deoch an dorus

    Is diabhltaí an mac thú, a Alex. Sár altannaí uait.