TUAIRISC ÓN mBRASAÍL: Bua ag páirtithe an láir, ach ná breathnaítear air mar bhreith ar Bolsonaro

Agus ná breathnaítear ar bhua Joe Biden ar Donald Trump mar chomhartha go mbeidh sé deacair ag Jair Bolsonaro an dara téarma a bhaint amach i gceann dhá bhliain ach oiread

TUAIRISC ÓN mBRASAÍL: Bua ag páirtithe an láir, ach ná breathnaítear air mar bhreith ar Bolsonaro

Dé Domhnaigh seo a chuaigh thart, den chéad uair ó toghadh Jair Bolsonaro ina uachtarán ar an mBrasaíl dhá bhliain ó shin, bhí toghcháin áitiúla sa tír sin. Is aoibhinn le tráchtairí polaitíochta agus le lucht anailíse breathnú ar thoghcháin áitiúla mar uirlis chun dearcadh an phobail ar cheannairí náisiúnta a thomhas, ach bheadh dul amú ar éinne a bhreathnódh ar thorthaí thoghchán an Domhnaigh seo caite sa Bhrasaíl mar bhreith mhuintir na tíre sin ar n-uachtarán agus é i lár a théarma.

Ar thrí chúis.

Sa chéad dul síos, cothrom an ama seo anuraidh, d’fhág Jair Bolsonaro an páirtí a raibh sé ina bhall de tráth ar toghadh ina uachtarán é, an PSC (Páirtí Críostaí Sóisialta). Níl ceangal ag Bolsonaro le haon pháirtí faoi láthair, rud a chiallaíonn nach féidir breathnú ar dhul chun cinn nó dul chun cúil pháirtí ar bith sna toghcháin áitiúla mar bhreith ar an uachtarán.

Sa dara dul síos, rinne Bolsonaro féin a dhícheall fanacht amach as feachtais na n-iarrthóirí áitiúla den chuid is mó. Mar a chuir tráchtaire polaitíochta de chuid an chraoltóra náisiúnta Globo é: ‘Mar a bheadh surfálaí ar an trá agus a chlár faoina ascaill aige, níor bhac an t-uachtarán leis an tonn coimeádach a chothaigh sé féin dhá bhliain ó shin.’

Sa tríú dul síos, de bharr na paindéime – agus in ainneoin go bhfuil vótáil éigeantach sa Bhrasaíl – d’fhan tuairim is duine as gach ceathrar vótóirí sa bhaile, ráta staonta níos airde ná mar a bhí in aon toghchán eile le cuimhne na ndaoine. Vótóirí aosta, a bhfuil eisceacht déanta dóibh sna rialacha maidir leis an vótáil éigeantach, is mó a d’fhan sa bhaile – agus tarlaíonn go raibh tóir ar leith ag an seandream ar Bolsonaro dhá bhliain ó shin.

Bheadh dul amú, leis, ar éinne a dhéanfadh iarracht tuairim faoi sheansanna Jair Bolsonaro an dara téarma a bhaint amach i gceann dhá bhliain a bhunú ar bhua Joe Biden ar Donald Trump sna Stáit Aontaithe seachtain go leith ó shin. Is fíor gur thug Bolsonaro tacaíocht go hoscailte don Trumpach agus go bhfuil sé fós ar dhuine de dhornán beag bídeach ceannairí domhanda nár thréaslaigh a bhua le Joe Biden, ach is deacair a shamhlú ag an bpointe seo go rachaidh an caidreamh idir an Bhrasaíl agus na Stáit Aontaithe i ndonas an oiread sin as seo go ceann dhá bhliain go mbeadh tionchar aige sin ar vóta mhuintir na Brasaíle i dtoghchán uachtaránachta na tíre sin sa bhliain 2022.

Idir an dá linn, níor bhain torthaí na dtoghchán áitiúil siar as mórán. Ag an lár agus ag an eite dheis mheasartha a bhí mórchuid na vótaí; níor éirigh go rómhaith leis an eite chlé ná leis an eite dheis radacach.

Atoghadh mac leis an uachtarán Bolsonaro, Carlos, ar chomhairle cathrach Rio de Janeiro ach bhí laghdú mór ar líon na ndaoine a thug vóta dó.

Anseo i gcathair Salvador, bhí an bua ag rogha na coitiantachta Bruno Reis, iarrthóir an pháirtí nua-liobrálaigh DEM, a toghadh ina mhéara den chéad uair.

Beidh gá le babhtaí réitigh sa dá chathair is mó sa tír. Ar an 29 Samhain a bheidh a fhios an é an t-iarmhéara nua-liobrálach Eduardo Paes nó an méara reatha, an t-easpag soiscéalach Marcelo Crivella, a bheas sa diallait i gcathair Rio de Janeiro agus an é an méara reatha Bruno Covas, a bhaineann leis an lár polaitiúil, nó an sóisialach radacach Guilherme Boulos a bheas ina mhéara ar chathair São Paulo. (Ní hionann agus in Éirinn, roghnaítear méaraí na gcathracha i dtoghchán díreach sa Bhrasaíl agus tá i bhfad níos mó cumhachta acu ná mar a bhíonn ag a macasamhla in Éirinn.)

Fág freagra ar 'TUAIRISC ÓN mBRASAÍL: Bua ag páirtithe an láir, ach ná breathnaítear air mar bhreith ar Bolsonaro'