TUAIRISC ÓN mBRASAÍL: An t-eiteach á thabhairt don timpeallacht sa tír ina bhfuil ‘scamhóga an domhain’?

Droch-chomhartha ar a bhféadfadh a bheith i ndán do cheantar na hAmasóine é cinneadh an uachtaráin nua-thofa Jair Bolsonaro diúltú do chomhdháil aeráide na Náisiún Aontaithe na bliana seo chugainn, a bhí le heagrú sa Bhrasaíl

TUAIRISC ÓN mBRASAÍL: An t-eiteach á thabhairt don timpeallacht sa tír ina bhfuil ‘scamhóga an domhain’?

Agus comhdháil bhliantúil na Náisiún Aontaithe faoin athrú aeráide (COP24) faoi lán seoil i gcathair Katowice sa Pholainn, ní fios go fóill cén áit a n-eagrófar comhdháil na bliana seo chugainn.

Ní sa Bhrasaíl a eagrófar í, pé scéal é.

Bhí COP25 ceaptha a bheith sa tír sin cothrom an ama seo an bhliain seo chugainn, ach an tseachtain seo caite, d’fhógair an t-uachtarán nuathofa Jair Bolsonaro – fear a bhfuil oiread amhrais air faoin athrú aeráide agus atá ar Donald Trump féin – nach mbeidh fáilte roimh an gcomhdháil.

Droch-chomhartha amach is amach atá sa mhéid seo ar a bhféadfadh a bheith i ndán do scamhóga an domhain, ceantar na hAmasóine, a bhfuil an chuid is mó de lonnaithe sa Bhrasaíl.

Go deimhin, bhí dlúthbhaint ag ceist na hAmasóine le cinneadh Bolsonaro an t-eiteach a thabhairt do chomhdháil aeráide na bliana seo chugainn. Is é an chaoi go bhfuil faitíos air go gcuirfidh polasaithe timpeallachta idirnáisiúnta flaitheas na Brasaíle sa chuid sin de cheantar na hAmasóine ar cuid den Bhrasaíl í i mbaol. Níl sé ina aonar. Ceapann an fear a bheidh ina aire gnóthaí eachtracha, Ernesto Araújo, gur ‘comhcheilg Mharxach’ atá i dtéamh an domhain. Ní aontaíonn an leas-uachtarán nuathofa, an ginearál Hamilton Mourão, leis an dearcadh sin, ach is éard atá sa timpeallachtachas, dar leis, ná ‘uirlis’ i lámha na n-eacnamaíochtaí móra ina gcuid iarrachtaí ‘an lámh a choinneáil in uachtar’.

Jair Bolsonaro

Anuas air sin ar fad, tá Bolsonaro agus stocairí na feirmeoireachta chomh mór lena chéile agus a bheadh seanbhó le coca féir. Dar leis an uachtarán nuathofa, is í an Bhrasaíl an tír is mó a bhfuil an timpeallacht á cosaint aici sa domhan ar fad, ‘ach ní féidir le polasaithe timpeallachta teacht salach ar fhorbairt na Brasaíle. Tá an eacnamaíocht nach mór ar a seanléim arís inniu, a bhuíochas sin le gnó na talmhaíochta, ach tá siad [feirmeoirí] á bplúchadh ag ceisteanna timpeallachta’.

Ar an 1 Eanáir 2019 a dhéanfar Jair Bolsonaro a insealbhú go hoifigiúil, ach tá tionchar ag an treo a bhfuil an Bhrasaíl ag dul ar cheantar na hAmasóine le cúpla mí anuas cheana féin. Más fíor do réamhfhigiúirí oifigiúla, tháinig méadú 50 faoin gcéad ar scrios na foraoise idir mí Lúnasa agus deireadh mhí Dheireadh Fómhair na bliana seo, tréimhse inar éirigh sé soiléir, de réir a chéile, go mbeadh an bua ag Bolsonaro sa toghchán uachtaránachta.

Dúirt Bolsonaro níos mó ná uair amháin, le linn an fheachtais chéanna, gur mhaith leis sampla Donald Trump a leanúint agus tarraingt amach as Conradh Pháras, ach tá sé ráite aige ó shin nach ndéanfaidh sé sin go fóilleach. Ar an gcaoi céanna, d’fhógair sé, go gairid tar éis dó a bheith tofa, go ndéanfadh sé Roinn na Timpeallachta a chur isteach le Roinn na Talmhaíochta – rud a chuir líonrith ar lucht na timpeallachta – ach is cosúil anois nach leanfar leis an bplean sin. Ach an oiread leis na geallúintí agus na bagairtí eile a rinne Bolsonaro le linn an fheachtais, ní bheidh a fhios go dtí tar éis an 1 Eanáir cé hiad na polasaithe timpeallachta a bheidh aige dáiríre.

Fág freagra ar 'TUAIRISC ÓN mBRASAÍL: An t-eiteach á thabhairt don timpeallacht sa tír ina bhfuil ‘scamhóga an domhain’?'

  • Nuala

    Leirionn an chaoi a athraionn polaiteoiri a n-aigne tareis an toghchain gur fiu i gconai leanuint leis an mbru i gcoinne droch-pholasaithe.
    Na caill do mhisneach!