TUAIRISC ÓN mBRASAÍL: An ráta míshástachta is airde ó athbhunú an daonlathais ag Jair Bolsonaro

Agus 13 milliún duine gan phost, ní haon chúis iontais é go bhfuil na vótóirí ag éirí bréan den uachtarán nua cheana féin.

TUAIRISC ÓN mBRASAÍL: An ráta míshástachta is airde ó athbhunú an daonlathais ag Jair Bolsonaro

Níl ach ráithe caite i gcumhacht ag Jair Bolsonaro, uachtarán fíorchoimeádach na Brasaíle, agus tá cuid mhór de mhuintir na tíre sin – daoine a chaith vóta dó san áireamh – míshásta leis. De réir fhigiúirí pobalbhreithe a foilsíodh an tseachtain seo, ní cheapann ach 32 faoin gcéad den daonra go bhfuil jab maith á dhéanamh aige, agus ceapann 30 faoin gcéad gur drochuachtarán amach is amach atá ann. Tá dearcadh neodrach faoin uachtarán ag 33 faoin gcéad agus ní raibh tuairim ar bith ina thaobh ag 4 faoin gcéad acu siúd a ceistíodh.

Leis sin, tá an ráta míshástachta is airde ag Jair Bolsonaro ó 1990, nuair a toghadh uachtarán go daonlathach sa Bhrasaíl den chéad uair ó tháinig deireadh le deachtóireacht mhíleata cúig bliana roimhe sin. 

Cén chúis atá leis sin?

An eacnamaíocht, thar aon ní eile.

In ainneoin na ngeallúintí ar fad a rinne Bolsonaro le linn an fheachtais toghchánaíochta, leanann an ghéarchéim eacnamaíochta ar aghaidh agus tá breis agus 13 milliún duine, nó 12.4 faoin gcéad den lucht oibre, gan phost. Go deimhin is ag ardú, seachas ag ísliú, atá an ráta dífhostaíochta.

Agus an scéal amhlaidh, tá an pobal ag éirí bréan den seó bóthair a dhéanann Bolsonaro aon uair a fhógraíonn sé cinneadh éigin. An tseachtain seo caite, mar shampla, bhí an t-uachtarán ina staicín áiféise ar na meáin shóisialta nuair a d’fhógair sé go gcuirfí deireadh, ar bhonn trialach, le ham an tsamhraidh i mbliana. Mar a dúirt Rita Lisauskas, duine de na tráchtairí is mó a bhfuil tóir orthu sa Bhrasaíl, ar Twitter:

’Ní thabharfaidh mé tuairim ar bith faoin bhfíricín fánach seo maidir le ham an tsamhraidh atá ag teacht ó rialtas atá freagrach as tír ina bhfuil 13 milliún duine dífhostaithe. Is éard a bheidh sa chéad bheartas eile acu, gan dabht, ná forógra faoin gceist ‘briosca / craicear’. RIALAIGÍ. Tá an tír ina cíor thuathail.’

Ceist chonspóideach, agus cúis mórchuid achrainn i gcomhráite beáir, atá i dtéarmaíocht bhrioscaí sa Bhrasaíl. Ar cheart ‘biscoito’, nó ‘briosca’, a thabhairt ar ‘císte beag tanaí briosc’ nó ‘bolacha’, ‘craicear’?

Ach ní hí sin an cheist, gan dabht, atá ag teacht idir go leor Brasaíleach agus codladh na hoíche. Ó 2014 i leith, nuair a thosaigh an ghéarchéim eacnamaíochta, tá ardú ag teacht gach bliain ar líon na mBrasaíleach a théann ar imirce. Ní léir gur chuir toghadh Jair Bolsonaro aon chor sa scéal sin. Go deimhin, an lá cheana, dúirt lánúin nuaphósta liom go raibh sé ar intinn acu bogadh go dtí an Iodáil, ós rud é nach raibh ag éirí leo obair a aimsiú sa Bhrasaíl.

Tomhais cé dó a chaith siad vóta sa toghchán uachtaránachta deireanach?

Fág freagra ar 'TUAIRISC ÓN mBRASAÍL: An ráta míshástachta is airde ó athbhunú an daonlathais ag Jair Bolsonaro'