TUAIRISC ÓN mBRASAÍL: an chéad seachtain i gcumhacht ag Bolsonaro

Is léir go bhfuil uachtarán nua na Brasaíle meáite ar roinnt de na polasaithe is conspóidí dá chuid a chur i gcrích agus gurb iad mionlaigh na tíre a bheas thíos leis

TUAIRISC ÓN mBRASAÍL: an chéad seachtain i gcumhacht ag Bolsonaro

Jair Bolsonaro. Pictiúr: Antonio Cruz/Agência Brasil

Níl ach seachtain caite ag Jair Bolsonaro i bPálás Fháinne an Lae, mar a thugtar ar áras uachtarán na Brasaíle i gcathair Brasília, agus tá sé ábhairín róluath breithiúnas a thabhairt.

Is léir, áfach, go bhfuil an t-uachtarán fíorchoimeádach meáite ar roinnt de na polasaithe is conspóidí dá chuid a chur i gcrích agus gurb iad mionlaigh na tíre a bheas thíos leis. 

Ar an 2 Eanáir, lá tar éis an tsearmanais insealbhaithe, fógraíodh gurb í Roinn na Talmhaíochta, seachas an eagraíocht stáit FUNAI atá freagrach as pobail bhundúchasacha na tíre leis na scórtha bliain, a dhéanfas cúram feasta de na socraithe casta a bhaineann le bunú tearmann nua do na pobail bhundúchasacha. De réir an bhunreachta tá chuile phobal bundúchasach sa tír i dteideal tearmann dá gcuid féin, ach in go leor cásanna níl na teorainneacha socraithe; b’aoibhinn le feirmeoirí talamh na mbundúchasach a bheith acu agus is léir don dall cén toradh a bheidh ar chinneadh Bolsonaro cúram limistéar thearmann na mbundúchasach a fhágáil faoin Aire Talmhaíochta, Tereza Cristina da Costa, bean a bhí i gceannas ar bhrúghrúpa na bhfeirmeoirí sa Pharlaimint ar feadh na mblianta. Beidh tionchar freisin ag an gcinneadh ar chearta talún na bpobal quilombola, sliocht na nAfracach a theith ón sclábhaíocht agus a bhunaigh a mbailte féin sa dufair.

An lá céanna, an 2 Eanáir, baineadh geit as an bpobal LADT nuair a cuireadh roinn nua i láthair an phobail a thógfas áit sheanroinn na gCearta Daonna. Tháinig sé chun solais nach luaitear cearta LADT ar chor ar bith sa chur síos ar chúraimí na roinne nua – Roinn na mBan, an Teaghlaigh agus Chearta Daonna – cé go luaitear go sonrach cearta gach uile mhionlach eile. Tharraing Aire na roinne nua, an ministir soiscéalach Damares Alves, conspóid bhreise ag an ócáid chéanna nuair a dúirt sí gur cheart do bhuachaillí éadaí gorma a chaitheamh agus gur cheart do chailíní éadaí bándearga a chur orthu féin. Agus gach aon ‘alleluia’ agus ‘buíochas le Dia’ aisti le linn a haithisc, dúirt sí freisin gur ‘stát tuata’ atá sa Bhrasaíl, ‘ach gur Aire millteanach Críostaí’ a bhí inti féin.

Sna laethanta a lean, chuir Bolsonaro féin mearbhall ar an tír ar fad nuair a d’fhógair sé athruithe cánach nach raibh beartaithe ar chor ar bith ag Coimisinéirí Ioncaim na Brasaíle (a cheartaigh é) agus scanraigh sé na hinfheisteoirí nuair a thug sé leid go mbeadh aois an phinsin, a chaithfear a ardú go suntasach d’fhonn tubaiste leis an státchiste a sheachaint, níos ísle ná mar a bhí súil leis.

Ar an iomlán, bhí cuma saghas ciotach ar an gcéad seachtain i gcumhacht ag Bolsonaro, é féin agus baill a rialtais ag brath ar Twitter agus ar na meáin shóisialta eile go minic chun ráitis a dhéanamh, a bhréagnú nó a shoiléiriú. Ach ar a laghad ar bith, níor fíoraíodh, go fóilleach pé scéal é, an chuid ba scanrúla de na tromluithe a bhí á dtuar le linn fheachtas an toghcháin uachtaránachta.

Fág freagra ar 'TUAIRISC ÓN mBRASAÍL: an chéad seachtain i gcumhacht ag Bolsonaro'