TUAIRISC ÓN mBRASAÍL: An Amasóin agus an Pantanal trí thine

Tá scéal na bhfalscaithe ag dul in olcas, ach ní hionann sin is a rá gur cuma ar fad le muintir na Brasaíle faoin gcuid crann

TUAIRISC ÓN mBRASAÍL: An Amasóin agus an Pantanal trí thine

Pictiúr: @taestayIor

Ceann de na fothionchair is measa dá bhfuil ag géarchéim an choróinvíris ná go mbrúnn an sruth síoraí nuachta faoin bhfrídín sin nuachtscéalta eile i leataobh. An cuimhin libh na falscaithe ollmhóra a tharla i gceantar na hAmasóine tuairim is bliain ó shin agus a bhain suaitheadh as an domhan an t-am sin? Bhuel, in olcas atá an scéal ag dul i mbliana, ach cá bhfuil na ceannlínte?

In Amazonas mar shampla, an stát Brasaíleach is mó i gceantar na hAmasóine, bhí ardú 51.7 % ar líon na bhfalscaithe le linn an chéad sé mhí den bhliain seo i gcomparáid leis an tréimhse chéanna sa bhliain roimhe, ach an mhí seo caite chuaigh cúrsaí ó smacht ar fad. Léirigh íomhánna satailíte os cionn 8,000 falscaí i stát Amazonas i mí Lúnasa, an líon is airde in aon mhí amháin le 22 bhliain anuas.

Ní i gceantar na hAmasóine amháin atá an scéal go holc. Písín ó dheas, i stát Mato Grosso in iarthar na Brasaíle, tá bogach tropaiceach an Pantanal trí thine (is ea, ‘bogach’ a thugtar ar bhithóm an Pantanal go coitianta ach tá neart foraoiseacha idir na ceantair fhliucha.) Ó thosaigh 2020, scriosadh 10.3 % den fhásra sa cheantar. Creideann na saineolaithe go bhfuil éan íocóineach de chuid na Brasaíle, an macá gorm, i mbaol a dhíothaithe agus speicis eile, leis. Léirigh scrúduithe iarthine gur feirmeoirí a las cuid mhór de na falscaithe.

Thiar i Mí Aibreáin mhol Ricardo Salles, an t-aire timpeallachta i rialtas Jair Bolsonaro, teacht i dtír ar ghéarchéim an choróinvíris – agus ar an aird a bhí ag na meáin uirthi – chun reachtaíocht thimpeallachta na Brasaíle a ‘éascú’. Tá chuile chosúlacht ar an scéal nár fhan siad siúd a ndéanfadh maolú ar na rialacha a leas go dtí go maolófaí an reachtaíocht dháiríre, ach gur tháinig siad i dtír ar shéasúr na bhfalscaí nádúrtha a tharlaíonn gach bliain um an dtaca seo.

Mar sin féin, tá dhá dhea-scéal le tuairisciú a léiríónn nach cuma le muintir na Brasaíle faoi chrainn – a mhalairt.

I lár tíre, in Minas Gerais, stát eile ina raibh ardú mór millteach (23 %) ar líon na bhfalscaithe an mhí seo caite, tá eolaithe de chuid Ollscoil Fheidearálach Minas Gerais tar éis bogearra a fhorbairt atá in ann ‘iompar’ tinte a thuar bunaithe ar eolas faoi luas agus treo na gaoithe, faoi leagan amach an tírdhreacha, faoi thaise nó triomacht an fhásra agus sonraí eile. Cuirfidh an bogearra ar chumas lucht múchta na dtinte na falscaithe a throid ar bhealach níos éifeachtaí.

Agus i bhfoisceacht scread asail ón áit a bhfuil cónaí orm féin i gcathair Salvador, rinne clinic phríobháideach ailse deasghnátha Afra-Bhrasaíleacha sular ghearr siad crann rubair naofa ar thalamh na clinice a bhí na céadta bliain d’aois, ach a bhí i mbaol a thitime. Tá geallúint tugtha ag an gclinic go gcuirfidh siad fiche crann óg sa chomharsanacht agus go dtabharfaidh siad aire dóibh ar feadh dhá bhliain mar chúiteamh ar an gcrann ársa a gearradh.

Fág freagra ar 'TUAIRISC ÓN mBRASAÍL: An Amasóin agus an Pantanal trí thine'

  • Eoghan O Neill

    Droch-scéal é sin agus scámhóga na cruinne á scriosadh ag lucht loiscthe crann sa Bhreasíl. In áit iad a spreagadh chun marana a dhéanamh air baineann na ciút-húrs leas as an ghoradh domhanda chun an dúlra a chur faoi chois. Ar ndóigh ní thall amháin a bhfuil na ciút- húrs.