TUAIRISC ÓN mBRASAÍL: A dhá oiread de limistéar oileán na hÉireann d’fhoraoiseacha na Brasaíle á scrios gach bliain

Léiríonn staidéar nua atá bunaithe ar íomhánna satailíte gur tháinig laghdú nach mór 22 faoin gcéad ar limistéir na bhforaoiseacha agus na scrobarnaí sabhána sa Bhrasaíl ó 1985 i leith

TUAIRISC ÓN mBRASAÍL: A dhá oiread de limistéar oileán na hÉireann d’fhoraoiseacha na Brasaíle á scrios gach bliain

Le nach mór dhá scór bliain anuas tá 21.8% dá limistéar talún iomlán dóite ag an mBrasaíl.

Léiríonn staidéar a rinne an togra MapBiomas ar íomhánna satailíte gur dódh 1,850,000 ciliméadar cearnach idir 1985 (an bhliain ar tháinig deireadh leis an deachtóireacht mhíleata) agus 2022.

Sin limistéir na Spáinne, na Portaingéile, na Fraince, na hIodáile, na Gearmáine, na Beilge, na hÍsiltíre agus Lucsamburg curtha le chéile. An chuid is mó d’iarthar mhór-roinn na hEorpa, i bhfocail eile.

An bhfuil staitistic níos scanrúla fós uait?

Is ionann sin agus dhá oiread limistéar iomlán oileán na hÉireann gach bliain.

Míníonn lucht an togra MapBiomas (comhfhiontar d’eagraíochtaí neamhrialtais, ollscoileanna agus comhlachtaí teicneolaíochta) nach falscaithe arbh iad an duine ba chúis leo amháin atá i gceist; tá chuile chineál falscaí san áireamh.

Spéisiúil go leor, cé gur i gceantar na hAmasóine ba mhó ar dódh foraoiseacha ó thaobh achair de, má bhreathnaítear ar na céatadáin, rinneadh scrios i bhfad níos measa ar dhá ghnáthóg eile.

Dódh 51.1%, nó breis is a leath, de cheantar iomlán an Pantanal, gnáthóg bhogaigh ollmhór ar theorainn na Brasaíle leis an mBolaív.

Sa tréimhse chéanna, idir 1985 agus 2022, dódh 39.9% de bhithóm ar a dtugtar an cerrado, sabhána trópaiceach ollmhór i lár na tíre.

19.2% de limistéar na hAmasóine a dódh – ach fós féin, is ionann sin agus nach mór leath den limistéar iomlán a dódh sa Bhrasaíl le nach mór dhá scór bliain anuas.

Is furasta a thabhairt faoi deara, dar le lucht an togra MapBiomas, gur sna blianta nuair a bhíonn an feiniméan aimsire El Niño i réim is measa a bhíonn na falscaithe agus go mbíonn faoiseamh áirithe ann nuair a bhíonn ‘deirfiúr’ El Niño, La Niña, i réim. Titeann níos mó báistí sna blianta sin.

Ach ba eisceacht í an bhliain seo a chuaigh thart, 2022, nuair a bhí La Niña i réim, mar bhí an t-iaruachtarán Jair Bolsonaro i réim freisin.

Tháinig cuid mhór feirmeoirí beithíoch agus soighe i dtír ar leisce an iaruachtaráin sin maidir le falscaithe a throid.

Chruthaigh uachtarán reatha na tíre, Luiz Inácio da Silva (Lula), níos fearr maidir le caomhnú na timpeallachta nuair a bhí sé i gceannas ar an mBrasaíl cheana, idir 2003 agus 2010, ach ní hionann sin agus a rá nár lean an scrios ar na foraoiseacha báistí agus ar an scrobarnach sa sabhána ar aghaidh sna blianta sin.

Níl figiúirí chéad mhíonna na bliana seo san áireamh i staitisticí an togra MapBiomas, agus tá séasúr na bhfalscaithe nádúrtha i gceantar na hAmasóine, a leanann ó thús mhí an Mheithimh go deireadh mhí Lúnasa, fós romhainn.

Ach is dea-thuar do chúrsaí timpeallachta sa Bhrasaíl gur chuir Lula roinn rialtais ar leith ar bun do phobail bhundúchasacha na tíre nuair a tháinig sé i gcumhacht arís ar an 1 Eanáir i mbliana, roinn nach raibh a leithéid ann riamh cheana agus a chabhróidh go mór le caomhnú na bhforaoiseacha – gnáthóga na bpobal bundúchasacha.

Lena chois sin, tá an ruaig á cur ag fórsaí armtha na Brasaíle ó thús na bliana i leith ar na scórtha míle mianadóirí mídhleathacha a raibh seilbh á glacadh acu ar thailte phobail bhundúchasacha i dtuaisceart cheantar na hAmasóine.

Gach seans go mbeidh titim arís ar ráta an scriosta sna blianta atá amach romhainn, ach cá bhfios cé a thiocfaidh i gcomharbacht ar Lula i gceann trí bliana go leith agus má léiríonn staitisticí an togra MapBiomas rud amháin, seo é: tá scrios leanúnach á dhéanamh ar an bhforaois agus ar an scrobarnach sabhána, agus bhí a dhá oiread de limistéar oileán na hÉireann, ar an meán, á dhó gach bliain ó 1985 go dtí 2022.

Fág freagra ar 'TUAIRISC ÓN mBRASAÍL: A dhá oiread de limistéar oileán na hÉireann d’fhoraoiseacha na Brasaíle á scrios gach bliain'

  • jpmorley0@gmail.com

    Cad is féidir a dhéanamh faoin nguais chinniúnach seo? Tá an domhan á dhó le fada an lá agus tá a fhios sin ag gach duine beo. Cad is féidir a dhéanamh?
    Éirí as an iliomad táirge a dhéantar as íle pailme a cheannach? Feoil na Brasaíle a shéanadh? Gan adhmaid ón mBrasaíl a úsáid? Is léir faoin taca seo gur cuma sa diabhal le ‘tomhaltóirí’ an domhain faoin matalang laethúil seo. Agus, dáiríre píre, is cuma sa tsioc leo faoin aeráid freisin. Cé tá sásta íobairt a dhéanamh? Ár gcompord féin, ár leisce, ár leithleas, ár mianta, ár miangas a chur ar neamhní díreach ar mhaithe leis an ‘aeráid’? An ‘aeráid’ a chur i dtús tábhachta ? Saontacht agus fastaím a dhuine! Níltear sásta fiú inneal an chairr a mhúchadh agus í ina stad. An iarracht is lú. Is géar dóite a theastóidh “scamhóga an domhain” sin uainn amach anseo ach ní bheid ar fáil. Tá ré an duine ar an bpláinéad seo ag druidim chun deiridh.