Scanraíodh na céadta turasóirí ag Colasaem na Róimhe tráthnóna inné nuair a d’ionsaigh fear bean óg le scian taobh amuigh den staid ársa faoi leathuair tar éis a trí. Rug an fear, arb as an mBrasaíl dó, ar bhean óg Iodálach, chuir scian lena scornach agus bhéic, “Ba é Dia a sheol mé!”
Bhí Via dei Fori Imperiali, i gcroílár mórcheantar turasóireachta sa Róimh, dubh le daoine nuair a rinneadh an t-ionsaí. Tharraing an fear amach scian chistine agus thosaigh ag béiceach. Rug sé ar an mbean óg agus bhrúigh síos ar a glúine í sular chuir sé an scian lena scornach. Chuaigh scaoll uafásach sa slua, ar thurasóirí a bhformhór acu, agus iad ag rith ón gColasaem.
Bhí póilíní na hIodáile ar an láthair ar an bpointe boise agus scaoil an t-ionsaitheoir saor an bhean, nár gortaíodh ach a scanraíodh go dona. Scinn an t-ionsaitheoir leis ansin suas Via dei Fori Imperiali, i dtreo Fhóram na Róimhe.
Lean na póilíní suas an bóthar mór leathan é ach nuair a léim an fear thar sconsa agus isteach i measc slua turasóirí, b’éigean do na póilíní a gcarranna a fhágáil ina ndiaidh agus dul sa tóir air de chois. Rug beirt phóilíní air ag an Piazza Venezia agus thóg an scian uaidh.
Gabhadh an fear agus tá sé á cheistiú ag na póilíní faoi láthair. Ní fios go fóill cé hé féin nó cén fáth a ndearna sé an t-ionsaí. Tugadh an bhean óg chuig Ospidéal Santo Spirito sa Róimh, áit ar cuireadh cóir leighis uirthi de bharr í a bheith suaite.
Ghabh Ignazio Marino, Méara na Róimhe, a bhuíochas le póilíní na cathrach as an bhfear a stopadh sular gortaíodh aon duine.
Dúirt sé gur léirigh siad a chróga agus a éifeachtaí is atá siad mar fhórsa agus gur údar bróid agus muiníne ag muintir na Róimhe an méid a rinne siad.
Fág freagra ar 'TUAIRISC ÓN LÁTHAIR: Ionsaí scine ag Colasaem na Róimhe'