TUAIRISC ÓN ÍSILTÍR: Feirmeoirí ag ‘éirí amach’ agus an rialtas ag iarraidh gearradh siar go mór ar líon na mbeithíoch

Tá sé ina chíréib san Ísiltír agus an rialtas ag beartú an tríú cuid a bhaint de líon na mbeithíoch sa tír agus na céadta feirmeoirí a cheannach amach go héigeantach. Ach níl aon rogha ag an rialtas

TUAIRISC ÓN ÍSILTÍR: Feirmeoirí ag ‘éirí amach’ agus an rialtas ag iarraidh gearradh siar go mór ar líon na mbeithíoch

Shíl mé ar dtús gur bratach chonspóideach na Cónaidhme a bhí ann, siombail na heite fíordheise i ndeisceart na Stát Aontaithe. Ach ciarsúr a bhí ann, ceann dearg agus patrún gorm agus bán clóite air, mar a bhíodh á chaitheamh ag feirmeoirí san Ísiltír fadó. Ní raibh amhras ar bith orm faoin siombalachas áfach. Ar foluain faoin gciarsúr sin bhí bratach na hÍsiltíre – dearg, bán, agus gorm – ach bunoscionn, an gorm in uachtar.

Agus mé ag siúl trí bhaile mór Heemskerk, áit ar rugadh agus tógadh mé, chomhair mé trí bhratach bunoscionn agus níl a fhios cá mhéad ciarsúr dearg – iad ceangailte de chrainn bhrataí, de gheataí, de scátháin charrannna agus de stiúracha rothar.

Tá feirmeoirí na hÍsiltíre ag éirí amach – nó sin a deir siad féin – agus más fianaise líon na gciarsúr dearg tá sciar suntasach den phobal i gcoitinne ag tacú leo.

Na pleananna atá ag an rialtas an tríú cuid a bhaint de líon na mbeithíoch sa tír agus na céadta feirmeoirí a cheannach amach go héigeantach atá ag dó na geirbe ag na feirmeoirí agus acu siúd atá ag tacú leo.

Níl ‘éirí amach’ na bhfeirmeoirí teoranta do bhratacha bunoscionn agus do chiarsúir dhearga amháin. Faraor. Le roinnt seachtainí anuas, tá bóithre á mblocáil, tá burlaí féir á gcur trí thine agus tá leoraithe lán sadhlais á bhfolmhú taobh amuigh de thithe polaiteoirí. Tá beatha daoine á cur i mbaol sa trácht, tá imeaglú agus gríosú á ndéanamh i ngrúpaí WhatsApp agus Telegram agus tá ‘cogadh cathartha’ á bhagairt ag urlabhraithe na bhfeirmeoirí sna meáin. Dé Luain, chuir na feirmeoirí bac ar ionaid dáiliúcháin roinnt ollmhargaí móra agus an lá céanna bhí seilfeanna folmha i roinnt ollmhargaí.

Gan dabht tá ábhar gearáin ag na feirmeoirí. Ar ndóigh níl sé go deas go ndéarfadh an rialtas leat: brón orainn a leaideanna choinnigh muid bhur n-earnáil beo le deontais ar feadh na scórtha bliain ach anois beidh orainn an tríú cuid de bhur gcuid beithíoch a mharú agus ansin ceannóimid bhur gcuid tailte go héigeantach agus iompóimid ina bhforaoiseacha iad.

Ach níl aon rogha ag an rialtas ach oiread. Thiar sa bhliain 2019, chinn Cúirt Uachtarach na hÍsiltíre go gcaithfidh an rialtas líon na n-astaíochtaí nítrigine sa tír a laghdú go mór, ós rud é go bhfuil cearta daonna mhuintir na hÍsiltíre ar fad i mbaol de bharr athrú na haeráide.

Tá earnáil na feirmeoireachta – an déiríocht go háirithe – freagrach as 60 faoin gcéad den aschur nítrigine san Ísiltír agus as 87 den aschur amóinia, substaint eile a dhéanann dochar as cuimse don dúlra.

Tá chuile chosúlacht ar an scéal go leanfaidh agóidíocht na bhfeirmeoirí san Ísiltír ar aghaidh ar feadh an tsamhraidh, ach is beag toradh a bheas uirthi: tá cinneadh déanta ag an gCúirt Uachtarach, tar éis an tsaoil, gur tábhachtaí an leas coiteann sa chás seo ná leas earnála amháin agus níl rogha ar bith ag an rialtas ach cloí leis an gcinneadh sin.

Fág freagra ar 'TUAIRISC ÓN ÍSILTÍR: Feirmeoirí ag ‘éirí amach’ agus an rialtas ag iarraidh gearradh siar go mór ar líon na mbeithíoch'