Tuairisc ón Aithin: ‘Bhí na deora ag sileadh leo leis an ndeorghás agus a súile caochta’

Tá go leor daoine ar na sráideanna sa Ghréig inniu ag rá gan ‘Grexit’ a chur as áireamh fós, a deir Tomás Ó Mainnín ina thuairisc ón Aithin

 

photo
Tomás Ó Mainnín agus Marek Wargol i mbun oibre san Aithin inniu.

Chuamar go tosach an tslua a bhí bailithe i gCearnóg Syntagama san Aithin mar a raibh na mílte tagtha le chéile aréir chun agóid a dhéanamh i gcoinne an vóta chinniúnaigh a bhí ar bun i bParlaimint na Gréige faoi na beartais déine atá á n-éileamh ar an dtír.

Bhí grúpa beag ann agus iad ar fad gléasta in éadach dubh. Thosnaíodar ag cur clogad orthu féin agus a luaithe is a dhein d’ardaíodar rosc catha a d’fhreagair grúpa eile ar an dtaobh thall den gcearnóg.

Bhí pléascadh ansan ann.

Ar chloisint dóibh na buamaí peitril tháinig anbhá ar an slua agus thosnaíodar ag iarraidh na cosa a thabhairt leo amach as an gCearnóg agus scaoll fúthu.

Bhíomar-ne, mé féin agus Marek Wargola, an fear ceamara atá i mo theannta sa Ghréig, i measc na ndaoine a bhí teanntaithe anois idir na póilíní agus an dream a bhí gléasta in éadach dubh.

Thosaigh na póilíní ag caitheamh deorghás inar dtreo. Sa deireadh d’éirigh linn an tslí a dhéanamh síos cliathán na cearnóige mar a raibh na céadta daoine eile, leanaí ina measc, ag teitheadh ón scliúchas, na deora ag sileadh leo leis an ndeorghás agus a súile caochta.

Screen Shot 2015-07-16 at 16.31.58
Radharc ó Chearnóg Syntagama san Aithin aréir. Tá Marek Wargola, fear ceamara Nuacht TG4 le feiscint ar dhies agus léine bhán á chaitheamh aige. Pictiúr: Tomás Ó Mainnín

Gabhadh 25 duine i ndiaidh eachtraí na hoíche aréir agus ba thrua gur loiteadh agóid shíochánta a raibh de chumas inti léargas a thabhairt ar mhíshástacht an phobail a mbeidh na beartais déine ag luí go trom orthu go gceann blianta fada.

Vótáil an Pharlaimint anseo aréir i bhfabhar na mbeartas déine sin ach níl aon gheallúint fós ann go n-aontóidh na hinstitiúidí idirnáisiúnta ar an bpacáiste faoisimh €86 billiún don nGréig.

Tá éiginnteacht leis ann faoi bhuanseasmhacht an chomhrialtais agus faoin bPríomh-Aire, Alex Tsipras, a gheall roimh an toghchán go gcuirfeadh sé deireadh leis an bpolasaí déine. Vótáil 60% don bpobal i gcoinne na mbeartas seo agus ar son an Phríomh-Aire ón eite chlé a bhfuil casadh mór timpeall déanta aige agus beartais níosa dhéine fós á chur i bhfeidhm ag a rialtas.

Tá go leor eacnamaithe a deir ná féidir le heacnamaíocht na Gréige teacht chuici féin leis an ualach fiacha – €320 billiún – atá á iompar ag an tír.

Tá go leor eile anseo a dhéanann comparáid idir an t-éileamh atá á dhéanamh ar an nGréig anois agus Conradh Versaille a thug ar an nGearmáin fiacha do-íoctha a dhíol thar n-ais tar éis an Chogaidh Mhóir.

Má fhaigheann an Ghréig pacáiste fóirithinte éigin is iad muintir na Gréige a bheidh ag díol as san go ceann i bhfad.

Táid ag díol go daor as fadhbanna eacnamaíochta na tíre cheana féin agus duine as gach ceathrar dífhostaithe.

Tá na bainc fós dúnta anseo agus gan cead ag daoine ach €60 in aghaidh an lae a thógaint amach astu.

€200o, ar an gcuid is lú, a chosnaíonn sé duine a adhlacadh sa Ghréig agus de réir thraidisiún na Eaglaise Ceartchreidmhí anseo ní foláir duine a chur an lá tar éis a bháis.

Mar sin bíonn deacrachtaí ag daoine fiú teacht suas leis an airgead chun gaol atá imithe ar shlí na fírinne a adhlacadh.

Labhramar le hadhlacóirí a raibh fiacha móra ag titim orthu agus súil acu go n-íocfar lá éigin amach anseo iad.

Léiriú beag amháin de chruachás na Gréige.

Agus sinn thar n-ais i gCearnóg Syntagama níl aon rian d’agóid na hoíche aréir le feiscint ann. Ach beidh a thuilleadh ciorruithe agus a thuilleadh agóidí ann.

Screen Shot 2015-07-16 at 16.33.08

Mar chuid den socrú nua atá á phlé, bheadh ar an nGréig luach €50 billiún dá sócmhainní a thabhairt suas chun fiacha a ghlanadh. Theip ar an dá cheann eile de phacáistí fóirithinte a d’aontaíodh. Cad a tharlódh dá teipfeadh ar an dtríú ceann agus gan aon ní fágtha ag an nGréig ach eacnamaíocht bhriste agus a gcuid sócmhainní is luachmhaire tugtha uathu acu ar mhaithe le fiacha a íoc?

Tá go leor anseo ar na sráideanna san Aithin inniu ag rá gan ‘Grexit’ a chur as áireamh fós.

– Is iriseoir le Nuacht TG4/RTÉ é Tomás Ó Mainnín

Fág freagra ar 'Tuairisc ón Aithin: ‘Bhí na deora ag sileadh leo leis an ndeorghás agus a súile caochta’'

  • cormac

    Ceacht dian doite sa realpolitik do Tsipras. Chonaic se Murchadh i scaimh Merkel agus Schauble etc san Eoraip. De dhanaiocht sna Greagaigh rialtas daonlathach den eite chle a thoghadh chun na beartais deine a chomhrac. Scrios agus lean orthu, ma ta! Ta an Ghearmain agus a heacnamaiocht ag deanamh notalta as an titim i luach an euro .i. 240 billiun barrachais in 2014. Is olc an ghaoth………………Ni feidir samhail shoisialach a chothu laistigh de choras neo-liobralach neamh-throcaireach na hEorpa, an da shamhail sin glan bunoscionn le cheile. Rud a fhagann gurb e an Grexit an t-aon bhealach ealaithe as an nguais chinniunach seo. An te a bhionn thios buailtear cois air……………fiafraigh de Michael Noonan e!