Cluiche leathcheannais Chraobh Iománaíochta na hÉireann
Páirc an Chrócaigh
Port Láirge 2-27 Cill Chainnigh 2-23
Tá áit bainte amach ag Port Láirge i gcluiche ceannais iomána na hÉireann tar éis dóibh teacht aniar dochreidte a dhéanamh i gcoinne Chill Chainnigh i bPáirc an Chrócaigh tráthnóna. Bhí na Déisigh naoi bpointe chun deiridh tráth amháin sa chéad leath ach bhí frolámhas iomlán acu sa dara leath agus bhí an bua acu le ceithre phointe ar deireadh.
Ní cheapfadh aon duine ag leath ama gurbh amhlaidh a bheadh agus Port Láirge chomh dona sin sa chéad leath. Tháinig athrú iomlán ar chúrsaí sa dara leath, áfach.
Seacht bpointe chun tosaigh a bhí Cill Chainnigh ag leath ama, 2-11 in aghaidh 0-10 ach bhí an bhearna sin iata ag Port Láirge faoi am go raibh 15 nóiméad den dara leath caite.
Theastaigh cúl go géar uathu agus fuair siad ceann dhá nóiméad isteach sa dara leath. Rinne Jack Fagan sárobair ar an gcliathán ach bhí neart fós le déanamh ag Stephen Bennett nuair a fuair sé an pas uaidh. Ghearr an tosach isteach agus bháigh sé iarracht iontach sa chúinne.
Bhí Bennett, Fagan agus Austin Gleeson ar fheabhas sa chéad tréimhse sin den dara leath. Ní raibh Cill Chainnigh in ann srian a chur ar Phort Láirge agus fuair na Déisigh scór i ndiaidh scóir.
Bhí siad ar comhscór tar éis 48 nóiméad nuair a sheol Gleeson iarracht ó thaobh na láimhe deise idir na postaí. Bhí siad chun tosaigh den chéad uair sa chluiche nóiméad ina dhiaidh sin nuair a scóráil an t-ionadaí Neil Montgomery.
Bhí Cill Chainnigh trína chéile faoin am seo. Faoin am gur tháinig an sos uisce, bhí 1-11 scóráilte ag Port Láirge ó leath ama. Ní raibh ach ceithre phointe faighte ag na Cait.
Scóráil TJ Reid an chéad phointe i ndiaidh an tsosa ach níor tháinig mórán feabhais ar Chill Chainnigh. Ansin, agus 58 nóiméad imeartha, fuair Port Láirge an scór cinniúnach.
Bhí TJ tar éis poc saor eile a shlánú ach ón bpoc amach bhris an sliotar ó Jack Fagan go dtí Darragh Lyons agus bháigh Lyons é san eangach. Bhí Port Láirge a cúig phointe chun tosaigh, 2-22 in aghaidh 2-17, agus thart ar 15 nóiméad fágtha.
Níor chlis orthu san am a bhí fágtha. Cé gur scóráil Cill Chainnigh trí phointe as a chéile chun an bhearna a laghdú go dtí dhá phointe ag tráth amháin, fuair Austin Gleeson scór deas mar fhreagra. Bhabhtáil na foirne scóranna in am cúitimh ach ba é Gleeson a bhuail an buille deireanach ar fhoireann Bhrian Cody le cúilín iontach eile. Bhí na Cait cloíte agus Port Láirge cáilithe don chluiche ceannais.
A leithéid d’athrú ón gcéad leath nuair a bhí Cill Chainnigh chomh mór sin i gceannas agus Port Láirge i ndroch-chaoi.
Tá go leor imreoirí nua tugtha isteach ag Brian Cody ar fhoireann Chill Chainnigh le blianta beaga anuas ach bhreathnaigh sé go raibh seanmhianach na gCat iontu ag tús an chluiche, cé gur chabhraigh sé go mór leo go raibh Port Láirge ag titim as a chéile.
Sa chéad chúig nóiméad, bhí trí iarracht ar chúilín ag an dá fhoireann. Scóráil Cill Chainnigh trí phointe, chuir na Déisigh a dtrí dheis amú.
Scóráil Cill Chainnigh an chéad chúl den chluiche tar éis 13 nóiméad. Scaoileadh Richie Hogan isteach ach nuair a rinne Stephen O’Keeffe sábháil den scoth chun a iarracht a stop bhí Martin Keoghan díreach san áit cheart.
Thug an sos uisce faoiseamh do Phort Láirge ach má thug níor mhair sé i bhfad. Scóráil TJ Reid an dara cúl tar éis 23 nóiméad agus nuair a fuair Cill Chainnigh trí phointe eile as a chéile bhí siad naoi bpointe chun tosaigh théis 30 nóiméad,, 2-10 in aghaidh 0-7.
Fuair Stephen Bennett cúpla scór deas do Phort Láirge chun an bhearna a laghdú roimh leath ama ach bhí an chuma ar an scéal go raibh an damáiste déanta. Ní raibh mórán sa slua beag i bPáirc an Chrócaigh ag súil le céard a bhí le teacht.
Cill Chainnigh: E. Murphy; C. Delaney, H. Lawlor, T. Walsh; P. Walsh, C. Buckley (0-1), P. Deegan (0-1); C. Browne, C. Fogarty; J. Donnelly (0-2), TJ Reid (1-14, 0-13 ó phocanna saora), M Keoghan (1-1); B. Ryan, R. Hogan (0-2), E. Cody (0-1). Fir Ionaid: W. Walsh in áit M. Keoghan (38 nóim), C. Fennelly in áit B. Ryan (48 nóim), N. Brassil in áit R. Hogan (56 nóim), G. Aylward in áit E. Cody (57 nóim),
Port Láirge: S. O’Keeffe; I. Kenny, C. Prunty, S. McNulty (0-1); C. Lyons (0-2), T. de Búrca (0-1), K. Moran; J. Barron (0-1), J. Dillon; J. Fagan (0-1), K. Bennett, S. Bennett (1-10, 0-7 ó phocanna saora); D. Hutchison (0-2), A. Gleeson (0-3), J. Prendergast (0-2). Fir Ionaid: N. Montgomery (0-2) in áit J. Dillon (17 nóim), D. Lyons (1-0) in áit K. Bennett (48 nóim), I. Daly (0-1) in áit K. Moran (60 nóim), C. Gleeson in áit J. Prendergast (60 nóim), P. Curran in áit J. Fagan (67 nóim).
Réiteoir: Fergal Horgan.
Fág freagra ar 'TUAIRISC Ó PHÁIRC AN CHRÓCAIGH: Na Cait cloíte agus Port Láirge cáilithe don chluiche ceannais'