TUAIRISC Ó PHÁIRC AN CHRÓCAIGH: Mná Chorcaí róláidir do Ghaillimh agus cluiche ceannais den scoth romhainn

Fuair Corcaigh dhá chúl chinniúnacha sa chéad leath i gcluiche leathcheannais na hÉireann i bPáirc an Chrócaigh tráthnóna

TUAIRISC Ó PHÁIRC AN CHRÓCAIGH: Mná Chorcaí róláidir do Ghaillimh agus cluiche ceannais den scoth romhainn

Corcaigh 2-17 Gaillimh 0-13

Cluiche leathcheannais na hÉireann

Páirc an Chrócaigh

Is í foireann Chorcaí a dhéanfaidh iarracht deireadh a chur le tréimhse cheannasaíochta Átha Cliath i gcraobh peile na mban agus na Muimhnigh rómhaith do Ghaillimh i gcluiche leathcheannais an lae inniu.

Beidh Corcaigh anois ag iarraidh díoltas a bhaint amach i gcoinne mhná na príomhchathrach agus tabharfaidh taispeántas an lae inniu an-mhisneach dóibh.

Bhí cosantóirí Chorcaí ar fheabhas agus níor ghéill siad deis ar bith ar chúl i rith an chluiche uile. Rinne tosaithe na foirne an beart freisin chun Gaillimh a chur de dhroim seoil.

Cinneadh ag an nóiméad deireanach an cluiche seo a bhogadh ó Pháirc Parnell, a bhí faoi shioc, go dtí Páirc an Chrócaigh, ní fios cén tionchar a bhí ag an athrú ar ullmhúchán na bhfoirne.

Mar sin féin, chuir an t-athrú as níos mó do Ghaillimh.

Bhí Corcaigh i mBaile Átha Cliath ó oíche Dé Sathairn ach thug Gaillimh faoin aistear ar maidin. Níor tháinig siad amach ar an bpáirc go dtí 1pm agus bhí níos lú ná deich nóiméad acu chun téamh suas do chluiche leathcheannais na hÉireann ar cheann de na laethanta ba fuaire den bhliain.

Mar sin féin, níor chuir siad tús ródhona leis an gcluiche.

Bhí neart seilbhe ag mná an iarthair sa chéad cheathrú uaire, ach cé gur chruthaigh siad roinnt deiseanna chuir siad an iomarca acu amú.

Scóráil Tracey Leonard dhá phointe ó chiceanna saora sa chéad deich nóiméad, ach beidh díomá uirthi le cúpla ceann eile a chuir sí ar strae.

Ní raibh Corcaigh leath chomh caifeach ar an taobh eile agus bhí an dá chúl a fuair siad sa chéad leath cinniúnach.

Fuair Orla Finn an chéad chúilín dóibh ó chic saor agus bhí siad chun tosaigh tar éis seacht nóiméad nuair a ghearr Melissa Duggan isteach ón gcliathán chun liathróid a chur isteach íseal i gcúl na nGaillimheach.

Fuair Ciara O’Sullivan cúilín den scoth le cur le míshástacht na Gaillimhe faoina míchruinneas féin agus bhí na Corcaígh go mór i gceannas. Scóráil Orla Finn cic saor eile díreach roimh an tsosa uisce agus bhí cúl na Gaillimhe faoi léigear nuair a thosaigh an cluiche arís.

Tháinig an dara cúl tar éis 17 nóiméad. Bhuaigh Áine O’Sullivan cic amach de chuid na Gaillimhe 35 slat amach ón gcúl. Thug sí pas do Shuilleabhánach eile, Ciara, ghearr bean Mhainistir na Móna isteach agus bhuail sí iarracht íseal eile isteach i gcúl na heangaí.

D’fhág an scór sin go raibh Corcaigh seacht bpointe chun tosaigh, 2-3 in aghaidh 0-2 agus 17 nóiméad imeartha.

Lena gceart a thabhairt d’imreoirí na Gaillimhe, shocraigh siad síos arís ina dhiaidh sin. Scóráil Mairéad Seoige pointe breá tar éis 24 nóiméad, an chéad ceann ag Gaillimh le beagnach ceathrú uaire.

Scóráil bean na Fairche ceann maith eile cúpla nóiméad ina dhiaidh sin ach bhí Corcaigh fós in ann brath ar chruinneas Orla Finn ó na ciceanna saora agus bhí na Muimhnigh seacht bpointe chun tosaigh ag leath ama, 2-5 in aghaidh 0-4.

D’fheabhsaigh Gaillimh sa dara leath agus nuair a fuair Tracey Leonard dhá chic saor as a chéile, ní raibh ach an dá chúl sin ag scaradh na bhfoirne, 2-6 in aghaidh 0-6, agus 25 nóiméad caite sa dara leath. Níor ligeadh aon deis le Gaillimh teacht aniar a dhéanamh, áfach.

Scóráil Áine O’Sullivan pointe agus chruthaigh sí ceann eile do Melissa Duggan chun cur leis an bhfarasbarr. Fuair Tracey Leonard scór maith do Ghaillimh ach arís, tháinig Corcaigh ar ais le péire eile, an dá cheann acu ó bhróg Orla Finn.

Buaileadh buille ar Ghaillimh agus 12 nóiméad fágtha nuair a cuireadh an cosantóir Sinéad Burke sa loca pionóis ach bhí an cluiche imithe uathu faoin tráth sin. Scóráil Corcaigh cúig phointe sna deich nóiméid dheireanacha, i gcomparáid le péire do Ghaillimh, chun an bhearna a mhéadú.

Fág freagra ar 'TUAIRISC Ó PHÁIRC AN CHRÓCAIGH: Mná Chorcaí róláidir do Ghaillimh agus cluiche ceannais den scoth romhainn'

  • Seán Ó Briain

    Cur síos an-mhaith ar an gcluiche. Corcaigh abú.