TUAIRISC Ó PHÁIRC AN CHRÓCAIGH: Craobh na hÉireann buaite den cheathrú huair as a chéile ag mná Átha Cliath

Thóg sé tamall ar Áth Cliath a gcéilí comhraic a chur de dhroim seoil ach bhí a mbua tuillte go maith acu

TUAIRISC Ó PHÁIRC AN CHRÓCAIGH: Craobh na hÉireann buaite den cheathrú huair as a chéile ag mná Átha Cliath

Cluiche Ceannais Chraobh Shinsir Pheil na mBan

Páirc an Chrócaigh

Áth Cliath 1-10 Corcaigh 1-5

Tá Craobh na hÉireann buaite den cheathrú huair as a chéile ag mná Átha Cliath a fuair an ceann is fearr ar Chorcaigh i gcluiche ceannais na hÉireann i bPáirc an Chrócaigh tráthnóna.

Cé gurb iad Áth Cliath ab fhearr d’fhormhór na coimhlinte, rinne siad crua orthu féin é ar feadh tréimhsí fada. Níor cheart go mbeidís chun deiridh ag leatham, ach chuir seaimpíní na hÉireann seans i ndiaidh seans amú.

D’fheabhsaigh siad go mór sa dara leath, áfach, agus ba mhór an spreagadh dóibh an cic éirice a scóráil Carla Rowe ceithre nóiméad isteach sa dara leath.

Bhí Rowe, Jennifer Dunne i lár na páirce agus na cosantóirí Sinéad Goldrick agus Siobhán McGrath ar fheabhas d’Áth Cliath.

Bhí Corcaigh ag brath rómhór ar Chiara O’Sullivan chun deiseanna a chruthú dóibh agus ní raibh mórán tionchair ar an imirt ag Doireann O’Sullivan ná ag Saoirse Noonan, beirt tosaithe den scoth.

Thóg sé tamall fada ar Áth Cliath smacht a fháil ar chúrsaí, áfach. Ba léir nach raibh siad i mbarr a maitheasa nuair a chuir Sinéad Aherne cic saor éasca amú sa chéad nóiméad, botún neamhghnách. Bhí Corcaigh níos cruinne nuair a tugadh deis dóibh go luath ina dhiaidh sin.

Cic éirice agus cúl ó Carla Rowe. ©INPHO/Ryan Byrne

Bhí na Súilleabhánaigh i gcroílár na gluaiseachta. Chuaigh Ciara O’Sullivan ar ruathar fada trí lár na páirce sular thug sí pas dá deirfiúr, Doireann. Chuir sise an liathróid i chuig an Súilleabhánach eile sa líne lántosach, Áine Terry, agus bhuail sí raspar go cúl na heangaí chun tús iontach a chur leis an gcluiche do Chorcaigh.

Fuair Nicole Owens an chéad phointe d’Áth Cliath théis 3 nóiméad nuair a bhuail sí iarracht íseal thar an trasnán ach bhí mná na príomhchathrach ciontach as deiseanna iontacha a chur amú.

Chuir Owens agus Niamh McEvoy iarrachtaí ar phointí amú agus bhí dhá deis eile den scoth ag Áth Cliath leath bealaigh tríd an chéad leath. Chruthaigh comhimirt dheas idir Lydnsey Davey, Jennifer Dunne agus Nicole Owens deis d’Owens ach bhuail sí a hiarracht díreach in aghaidh Martina O’Brien i gcúl Chorcaí.

Bhí seans níos fearr fós ag Noelle Healy nuair a ghearr sí tríd nóiméad ina dhiaidh sin ach, gan ach an cúl báire roimpi, chuir Healy a hiarracht an taobh mícheart den phosta agus ar fóraoil.

Bhí Áth Cliath ceithre phointe chun deiridh faoin tráth sin agus pointí faighte ag Áine Terry O’Sullivan agus Orla Finn chun an bhearna idir na foirne a mhéadú.

Thosaigh teacht aniar Átha Cliath i ndiaidh an tsosa uisce, áfach. Shlánaigh Sineád Aherne cic saor agus scóráil Noelle Healy pointe eile tar éis do Healy, Sinéad Goldrick, Lyndsey Davey agus Niamh McEvoy pasanna a bhabhtáil gar do chúl Chorcaí.

Is iad na Corcaígh a thosaigh ag cur deiseanna amú ansin agus níor thapaigh Ciara O’Sullivan ná Áine Terry O’Sullivan na deiseanna a bhí acu.

Mar sin féin, fuair Orla Finn cúilín ó chic saor a d’fhág go raibh Corcaigh trí phointe chun tosaigh ag leatham, 1-3 in aghaidh 0-3.

Jennifer Dunne, Carla Rowe agus Niamh McEvoy ag ceiliúradh. ©INPHO/Ryan Byrne

Chuir Áth Cliath tús maith leis an dara leath nuair a tháinig an cosantóir Aoife Kane suas an pháirc chun a léiriú do na tosaithe conas an sprioc a bhaint amach. Ba ansin sa 34ú nóiméad a tharla corr cinniúnach i scéal an chluiche.

Bhuaigh Carla Rowe seilbh na liathróide, thug sí pas do Nicole Owens agus d’imigh Rowe léi. Faoin am gur tháinig an liathróid ina treo arís, bhí Rowe i mbéal an chúil áit ar tharraing cúl báire Chorcaí Martina O’Brien chun talún í.

Is é Rowe féin a thóg an cic éirice agus sheoil sí an liathróid isteach sa chúinne chun Áth Cliath a chur chun tosaigh den chéad uair sa chluiche, 1-4 in aghaidh 1-3.

Agus an pháirc fágtha ag Sinéad Aherne ag leath ama, is í Rowe a bhí i mbun na gciceanna saora agus scóráil sí péire chun bearna trí phointe a chur idir na foirne agus ceathrú uaire fágtha.

Ní raibh ag éirí le Corcaigh oiread sin deiseanna a chruthú sa dara leath ach chuir siad an beagán a chruthaigh siad amú. Chuir Saoirse Noonan péire ar seachrán leath bealaigh tríd an dara leath agus cé go bhfuair Ciara O’Sullivan scór, bhí freagra ag Áth Cliath uirthi.

Scóráil an t-ionadaí Kate Sullivan pointe deas tar éis do Sinéad Goldrick seilbh na liathróide a bhuachan.

Agus sé nóiméad fágtha, scóráil Orla Finn pointe do Chorcaigh chun dhá phointe a fhágáil idir na foirne, 1-7 in aghaidh 1-5, ach ní raibh an chuma riamh orthu go n-éireodh leo an bhearna a iamh.

Áth Cliath agus Nicole Owens a fuair an chéad scór eile den chluiche agus bhí rás Chorcaí rite nuair a taispeánadh cárta buí do Dhoireann O’Sullivan. Bhí imreoir sa bhreis ag Áth Cliath don cheithre nóiméad deireanacha agus chuir Noelle Healy pointe eile ar chlár na scór. Fuair Carla Rowe an cúilín deireanach den chluiche ó chic saor chun agus bhí Craobh na hÉireann buaite ag sárfhoireann Átha Cliath den cheathrú huair as a chéile.

Áth Cliath: C. Trant; M. Byrne, N. Collins, A. Kane (0-1); L. Caffrey, S. McGrath, S. Goldrick; L. Magee, J. Dunne; N. Healy (0-2), L. Davey, C. Rowe (1-3, 1-0 ó chic éirice, 0-3 ó chiceanna saora); S. Aherne (0-1 ó chic saor), N. McEvoy, N. Owens (0-2). Mná Ionaid: K. Sullivan in áit S. Aherne (Leath ama); O. Nolan in áit A. Kane (49 nóim); S. McCaffrey in áit N. McEvoy (39 nóim); C. O’Connor in áit N. Owens (57 nóim); S. Aherne in áit L. Davey (59 nóim).

Corcaigh: M. O’Brien; E. Meaney, R. Phelan, S. Kelly; M. Duggan, A. Hutchins, E. O’Shea; M. O’Callaghan, H. Looney; E. Kiely, C. O’Sullivan, O. Finn; A. O’Sullivan, D. O’Sullivan, S. Noonan. Mná ionaid: N. Cotter in áit E. Reilly (42 nóim); S. O’Leary in áit O. Finn (55 nóim); L. Coppinger in áit S. Noonan (55 nóim); A. Kelleher in áit E. Meaney (59 nóim); M. Cahalane in áit S. Kelly (59 nóim).

Réiteoir: Jonathan Murphy.

Fág freagra ar 'TUAIRISC Ó PHÁIRC AN CHRÓCAIGH: Craobh na hÉireann buaite den cheathrú huair as a chéile ag mná Átha Cliath'