TUAIRISC Ó PHÁIRC AN CHRÓCAIGH: Clú buan tuillte ag Luimneach agus craobh na hÉireann buaite arís acu

Bhí Luimneach ar fheabhas ó thús deireadh chluiche ceannais na hÉireann inniu agus b’oiriúnach an clabhsúr a dtaispeántas neamhthrócaireach ar bhliain inar bhuadar gach aon cheann de na deich gcluiche a d’imríodar

TUAIRISC Ó PHÁIRC AN CHRÓCAIGH: Clú buan tuillte ag Luimneach agus craobh na hÉireann buaite arís acu

Captaen Luimnigh Declan Hannon agus Corn Liam Mhic Cárthaigh á ardú aige den dara huair le trí bliana. Pictiúr: Seán Ó Mainnín

Tá craobh iománaíochta na hÉireann buaite den dara huair le trí bliana anuas ag Luimneach agus an ceann is fearr faighte acu ar Phort Láirge. Farasbarr 11 pointe a bhí ag Luimneach sa deireadh agus ní raibh aon rian de spiorad na féile le braistint ina gcur chuige. Tar éis na mblianta fada den chos ar bolg, is iad Luimneach anois a bhíonn ag satailt ar fhoirne eile.

Bhíodar ar fheabhas ó thús deireadh agus b’oiriúnach an clabhsúr ar chúrsaí a dtaispeántas neamhthrócaireach ar bhliain inar bhuadar gach aon cheann de na deich gcluiche a d’imríodar.

Níor éirigh le Port Láirge an t-éasc is lú a nochtadh inniu iontu, ach ní cás aon fhoireann amháin é sin.

Agus Corn Liam Mhic Cárthaigh ardaithe ag Declan Hannon den dara huair, tá gaisce déanta acu nach bhfuil déanta ag aon fhoireann as an gcontae ó ré Mick Mackey.

Nuair a bheifear ag eachtraí uair éigin amach anseo faoin ré seo, bí siúráilte nach le hainm aon duine amháin a luafar í. Mar thar aon ní eile, is sárfhoireann iad Luimneach. Gearóid Hegarty, a fuair seacht bpointe, a bhí mar laoch na himeartha inniu ach sí fírinne an scéil ná go raibh laochra acu ar fud na páirce.

Mar sin féin, ní foláir nó go raibh lucht leanúna Luimnigh ag tochas a gcinn agus iad ag féachaint ar chlár na scór ag leath-am. In ainneoin gur fhág foireann John Kiely Port Láirge i dtaobh le trí phointe ón imirt sa chéad leath ní raibh de bhearna idir na foirne ag leath-am ach trí phointe. Ní hé gur chuir Luimneach an oiread sin deiseanna amú ach oiread, ach ghéilleadar an iomarca pocanna saora agus d’fhág san go raibh Port Láirge fós sa rás.

Ar a shon sin agus uile, bhí údair imní go leor ag Liam Cahill agus a fhoireann bhainistíochta ag an mbriseadh. Sa dara nóiméad féin, léirigh Luimneach go mbeadh thiar ar Phort Láirge dá mbeidís ag brath ar Luimneach a bheith á ghlacadh bog ar na maidí. I ndiaidh breis is tríocha soicind de shracadh agus stolladh thug Luimneach an sliotar leo as an dtranglam daichead méadar amach ó bháide Phort Láirge agus d’aimsigh Tom Morrissey an chéad scór. Díreach ina dhiaidh sin, thug Jack Fagan faoi leathsheans ar chúl nuair ba stuama an beart, b’fhéidir, an sliotar a chur thar an trasnán.

Níorbh é an uair dheireanach a thabharfadh imreoir de chuid na nDéise faoin mbáide nuair ba ghá aon saghas scóir in aon chor.

Aaron Gillane, Kyle Hayes, Dan Morrissey agus Darragh O’Donovan ag ceiliúradh. Pictiúr: Seán Ó Mainnín/Tuairisc.ie

Seamus Flanagan a fuair an chéad scór eile, cúilín álainn ó uillinn ghéar i ndiaidh pas fada fiar – an saghas scóir atá mar bhonn le cur chuige Luimnigh. A bhuíochas de dhá phoc saor ó Stephen Bennett, bhí na foirne ar comhscór tar éis sé nóiméad. Ba den uair dheireanach é agus fuair Tom Morrissey a dhara pointe chun Luimneach a chur chun tosaigh.

Cé go raibh ag éirí go maith go dtí seo le Tadhg de Búrca os comhair líne lánchúil Phort Láirge bhí searradh á bhaint anois as a nguaillí ag na sealgairí istigh ag Luimneach agus fuair Aaron Gillane pointe iontach tar éis naoi nóiméad.

Droch-chomhartha eile do Phort Láirge ab ea an méid spáis a bhí á thabhairt acu do Chian Lynch, fear nach dteastaíonn ach orlach uaidh chun dul i mbun a chuid draíochta. Nuair a deineadh calaois ar Gillane tar éis 11 nóiméad fuair sé féin an poc saor chun bearna trí phointe a chur idir na foirne.

Nóiméad ina dhiaidh sin bhí Lynch lárnach i sárphaiste imeartha ó Luimneach. I ndiaidh dó pasanna a bhabhtáil go healaíonta le Graham Mulcahy agus Kyle Hayes sheol sé an sliotar go dtí Hayes arís. Dhein Stephen O’Keeffe sábháil iontach chun a iarracht siúd a stopadh agus dhein sé sábháil mhíorúilteach eile nuair a phreab an sliotar ar ais chuig Lynch a bhuail é gan breith air.

Agus a raibh de chaint déanta faoi Luimneach agus a n-easpa cúl ba dhóbair go bhfuair siad ceann de na cinn is fearr atá feicthe riamh againn i glcuiche mór i bPáirc an Chrocáigh.

Falla Luimnigh. Pictiúr: Seán Ó Mainnín/Tuairisc.ie

Thóg sé nach mór ceathrú uaire ar Phort Láirge a gcéad scór ón imirt a fháil, an-phointe ó i bhfad amach ag Austin Gleeson, a dhein a dhícheall an lá go léir chun Port Láirge a choimeád ar barra uisce. D’fhág poc saor eile ó Bennett do Phort Láirge agus pointí ó Will O’Donoghue agus Declan Hannon do Luimneach go raibh seaimpíní na Mumhan chun tosaigh, 0-8 in aghaidh 0-4, agus sinn ag tarrac ar an gcéad sos uisce. Léiriú ar neart Luimnigh ab ea é áfach nárbh léargas róchruinn an scór ar a máistreacht ar chúrsaí.

Tar éis an tsosa uisce buaileadh buille trom ar Phort Láirge nuair ab éigean do Thadhg De Búrca an pháirc a fhágáint le gortú. Más aon ní, áfach, b’amhlaidh go raibh imeacht anabaí a gceannaire ina spreagadh ag na Déise mar as sin go leath-am a bhí an tréimhse ab fhearr san imirt acu.

Chruthaigh Kyle Hayes, a bhí nótálta arís ina ionad nua, a chéad scór do Hegarty agus ansin fuair an leathchúlaí ar chlé cúilín é féin a d’fhág bearna sé phointe idir na foirne den chéad uair agus 25 nóiméad caite.

Ach as sin go leath-am fuair Port Láirge seacht bpointe i gcomparáid le ceithre cinn do Luimneach.

B’in an bhearna ba lú a bheadh idir na foirne as sin go ceann scríbe.

Ag tús an dara leatha, chuach Luimneach an t-anam as Port Láirge le ceithre scór as a chéile, dhá cheann ó Flanagan, poc saor ó Gillane agus ceann ó Hegarty. Tom Morrissey a chruthaigh an scór sin do Hegarty sa 37ú nóiméad agus laistigh de chúig nóiméad eile bhí dhá cheann eile cruthaithe ag Morrissey dó.

Bhí Port Láirge fós ag brath ar na pocanna saora cé gur éirigh lena naoscaire óg Dessie Hutchinson agus a seanfhondúir Kevin Moran pointe an duine a fháil dóibh ón imirt. Bhí Luimneach naoi bpointe chun tosaigh tar éis 50 nóiméad agus má bhí slad á dhéanamh ag Hegarty, Morrissey agus a gcomrádaithe sna tosaithe, chuaigh an bolta níos daingne fós ar an doras thiar sa dara leath. Bhí Seán Finn, Dan Morrissey agus Barry Nash ar fheabhas sa líne lánchúil agus ba é an dála céanna é ag Nickie Quaid a bhí os cionn a bhuille sa bháide.

Ocht bpointe ar fad a fuair Port Láirge ón imirt, léargas glinn eile ar fhorlámhas chosantóirí Luimnigh.

Fuair Luimneach an chéad scór i ndiaidh an dara sos uisce – poc saor ó Gillane nuair a deineadh calaois ar an bhfear ionaid Peter Casey – agus bhíodar ag imirt anois leis an mustar agus poimp a shamhlaítear le plúr na bhfoirne.

Faoin am go bhfuair Gearóid Hegarty a sheachtú pointe tar éis 64 nóiméad ba í an t-aon cheist a bhí le freagairt ná cén bhearna a bheadh idir na foirne. Fuair Tom Morrissey a chúigiú cúilín in am breise, pointe a d’fhág go raibh 11 pointe idir na foirne nuair a séideadh an fheadóg dheireanach.

B’iontach an dul chun cinn a dhein Port Láirge i mbliain aisteach 2020, ach i ndiaidh biaiste iomána ina raibh Luimneach do-chloíte tá an chuma ar an scéal nach bhfuil an faobhar bainte dá ngoile go fóill.

Fág freagra ar 'TUAIRISC Ó PHÁIRC AN CHRÓCAIGH: Clú buan tuillte ag Luimneach agus craobh na hÉireann buaite arís acu'