TUAIRISC Ó PHÁIRC AN CHRÓCAIGH: Áth Cliath ar a sáimhín só agus cluiche ceannais na hÉireann bainte amach acu arís

Bhí Áth Cliath i bhfad rómhaith do chontae an Chabháin i gcluiche leathcheannais an lae inniu i bPáirc an Chrócaigh

TUAIRISC Ó PHÁIRC AN CHRÓCAIGH: Áth Cliath ar a sáimhín só agus cluiche ceannais na hÉireann bainte amach acu arís

Cluiche Leathcheannais Chraobh Shinsir Peile na hÉireann

Áth Cliath 1-24 An Cabhán 0-12

Páirc an Chrócaigh

Tá cluiche ceannais na hÉireann bainte amach arís ag peileadóirí Átha Cliath arís agus muid fós ag fanacht ar fhoireann éigin a thabhrfaidh a ndúshlán.

Farasbarr 11 pointe a bhí acu in aghaidh na hIarmhí, 22 pointe a bhí idir iad agus Laois, agus 21 pointe a bhí le spáráil acu i gcoinne na Mí. Farasbarr 15 pointe a bhí acu i gcoinne an Chábháin i gcluiche leathcheannais na hÉireann inniu.

Breathnaíonn sé freisin go bhféadfaidís imirt níos fearr dá mba ghá.

Cad eile is féidir a dhéanamh ach iad a mholadh as a mianach a léiriú arís eile. Bhí Brian Fenton ar fheabhas, mar is iondúil. Bhí Ciarán Kilkenny agus Con O’Callaghan ar an gcaoi céanna. Léirigh Dean Rock go raibh sé gach pioc chomh maith ón imirt agus atá sé ó na ciceanna saora. Sé phointe a scórail Rock. Ceithre cinn a fuair sin ón imirt agus lena a chos chlé a fuair sé dhá cheann acu sin.

Ní raibh aon údar náire ag baint le taispeántas an Chabháin i bPáirc an Chrócaigh anocht. Rinne siad a ndícheall, níor ghéill siad riamh, ach bhí Áth Cliath i bhfad bhfad rómhaith dóibh. Seanscéal agus meirg air.

Bhí sé soiléir luath go maith sa chluiche nach mbeadh an lá le seaimpíní Uladh. Má bhí seans ar bith le bheith ag an gCabhán an cluiche a bhuachan, bheadh orthu taispeántas gan locht a thabhairt ach rinne siad i bhfad an iomarca botún.

Chuir siad tús breá leis an lá nuair a fuair Martin Reilly cúilín agus gan ach 15 soicind imeartha. Ach bhí freagra ag Áth Cliath acu ar an bpointe.

 Brian Fenton agus Davy Byrne, Áth Cliath, agus Padraig Faulkner, contae an Chabháin  ©INPHO/Tommy Dickson

Bhí na foirne ar comhscór arís théis trí nóiméad ach bhí i bhfad níos mó dua ag baint leis na scóranna a bhí á bhfáil ag contae an Chabháin i gcomparáid leis na cinn a bhí á bhfáil ag Áth Cliath. Is ansin a thosaigh na botúin agus ghéill an Cabhán seilbh na liathróide róbhog agus rómhinic.

Mar bharr ar an donas, chuir Chris Conroy pas díreach amach thar an líne agus gan brú dá laghad air. Fuair Áth Cliath seilbh na liathróide agus, tar éis scata beag pasanna, fuair Robbie McDaid cúilín a chuir Áth Cliath chun tosaigh den chéad uair sa chluiche.

Fuair Thomas Galligan scór breá chun na foirne a chur ar comhscór arís, ach bhí an Cabhán ag íoc go daor as na botúin a bhí á ndéanamh acu. Chaill Killian Brady seilbh go héasca, seoladh an liathróid chomh fada le Con O’Callaghan, chinn fear Chuala nach raibh deis ar chúl ann agus fuair sé pointe eile.

Bhí an iomarca spáis á thabhairt ag cosantóirí an Chabháin do Dean Rock agus Paddy Small agus thapaigh an bheirt na deiseanna a tugadh dóibh. Fuair Rock a chéad scór tar éis naoi nóiméad agus fuair sé an dara ceann gan mhoill nuair a chaill Killian Brady seilbh na liathróide arís. Baineadh Brady amach go luath ina dhiaidh sin.

Nuair a rinneadh calaois ar Paddy Small tar éis do Gerard Smith an liathróid a chailleadh, chuir Rock ceithre phointe idir na foirne, 0-7 in aghaidh 0-3, agus ceathrú uaire imeartha. Ba léir go raibh an Cabhán i dtrioblóid.

Fuair an leathchúlaí láir Ciarán Brady scór deas do na hUltaigh díreach roimh an tsosa uisce ach bhí Áth Cliath i gcónaí in ann scóranna a fháil chun deireadh a chur le haon teacht aniar.

Léirigh Brian Fenton a chumas le scór deas díreach théis an tsosa agus cé gur bhabhtáil na foirne scóranna idir sin agus leath ama, ní raibh aon bhrú rómhór ar Áth Cliath.

Ciarán Kilkenny agus Killian Clarke á fhaire. ©INPHO/Tommy Dickson

Cuig phointe a bhí idir na foirne ag leath ama, 0-12 in aghaidh 0-7, ach chuir Áth Cliath deireadh le pé údar dóchais a bhí ag an gCabhán sa chéad chúig nóiméad den dara leath. Fuair Con O’Callaghan scór bog ag tús an dara leath, scóráil Fenton pointe iontach ina dhiaidh sin agus nuair a chuir Paddy Small pointe eile ar chlár na scór, bhí Áth Cliath ocht bpointe chun tosaigh agus iad ar a saimhín só.

Fuair an Cabhán a gcéad scór sa dara leath nuair a bhain Conor Madden an sprioc amach ach fuair Áth Cliath an chéad trí scór eile chun an bhearna a mhéadú.

Tháinig trí scór eile go tapa agus le ceathrú uaire fágtha bhí Áth Cliath 12 pointe chun cinn, 0-21 in aghaidh 0-9. Fuair Martin Reilly, Oisín Kiernan agus James Smith cúilíní deasa don Chabhán ach bhí a rás rite.

Bhí sé soiléir go raibh cúl ag teacht d’Áth Cliath agus tháinig sé faoi dheireadh tar éis 65 nóiméad. Chaill an Cabhán seilbh na liathróide 45m amach óna gcúl féin, thug Michael Fitzsimons pas do Rock, sheol seisean an liathróid chuig Robert McDaid agus chuir fear Bhaile Baodáin cúl leis an dá phointe a bhí faighte cheana aige.

Fuair Ciarán Kilkenny, Dean Rock agus an t-ionadaí Cormac Costello cúilín an duine roimh dheireadh na himeartha chun sméar mhullaigh a chur ar chúrsaí ach bhí an bheocht imithe as an gcoimhlint i bhfad roimhe sin.

Áth Cliath: S. Cluxton; M. Fitzsimons, D. Byrne, E. Murchan; J. Cooper, J. Small, R. McDaid (1-2); B. Fenton (0-3), J. McCarthy; N. Scully, C. Kilkenny (0-4, 0-1 ó mharc), S. Bugler; P. Small (0-2, 0-1 ó mhac), C. O’Callaghan (0-4), D. Rock (0-6, 0-2 ó chiceanna saora). Fir Ionaid: B. Howard (0-1) in áit S. Bugler (48 nóim), P. McMahon in áit J. Cooper (51 nóim), P. Mannion in áit P. Small (54 nóim), C. Costello (0-1) in áit N. Scully (63 nóim), C. Basquel in áit D. Rock (70 nóim).

An Cabhán: R. Galligan; J. McLoughlin, P. Faulkner, K. Clarke; G. Smith, Ciarán Brady (0-1), L. Fortune; T. Galligan (0-1), K. Brady; M. Reilly (0-3), G. McKiernan (0-1 ó chic saor), O. Kiernan (0-2); C. Madden (0-1), C. Conroy (0-1 ó chic saor), J. Smith (0-2). Fir Ionaid: C. Smith in áit K. Brady (17 nóim), S. Murray in áit C. Conroy (34 nóim), N. Murray in áit K. Clarke (45 nóim), Conor Smith in áit C. Smith (51 nóim), S. Smith in áit C. Madden (63 nóim),

Réiteoir: Ciarán Brannigan.

Fág freagra ar 'TUAIRISC Ó PHÁIRC AN CHRÓCAIGH: Áth Cliath ar a sáimhín só agus cluiche ceannais na hÉireann bainte amach acu arís'

  • Rob

    Is botún é ‘Áth Cliath’ mar ainm, níl aon chiall ag baint leis seachas áth déanta as cliath. Má tá ‘Dublin’ i gceist, ba chóir ‘Baile Átha Cliath’ a bheith ann ‘Bleá Cliath’ fiú nó bain triail as ‘Dubh Linn’! Is míthuiscint é ar chiall agus ar stair an ainm.

  • Aodhagán

    An bhfuil tú cinnte nach raibh an t-áth cliath ann roimh an baile a Roib? Nach ionadaithe an chontae iad na himreoirí agus ní Baile Átha Cliath amháin? Agus Dubh Linn? Is níl a fhios agam an file é an t-údar ach bhí sé ag scríobh anseo ina ionad mar iriseoir chun cothrom na Féinne a thabhairt dó.