TUAIRISC Ó PHÁIRC AN CHRÓCAIGH: Áth Cliath ag ceiliúradh agus Maigh Eo cloíte faoi dheireadh acu

Croí cloiche a bheadh ag duine nach mbeadh trua acu do Mhaigh Eo, ach ní mór a rá freisin go raibh a mbua tuillte ag Áth Cliath

TUAIRISC Ó PHÁIRC AN CHRÓCAIGH: Áth Cliath ag ceiliúradh agus Maigh Eo cloíte faoi dheireadh acu

Níor chaill fear an mhisnigh ariamh é, a deir siad agus ní raibh aon easpa de sin ar Jim Gavin ná ar Stephen Rochford sa gcaoi ar thugadar faoin athimirt ar Chluiche Ceannais Peile na hÉireann ar Pháirc an Chrócaigh tráthnóna.

Baineann scéal an bhainisteora ag Maigh Eo leis an mbáireoir a chuir sé chun páirce – tús áit tugtha aige do Rob Hennelly, nár imir ó bhuaigh Gaillimh i gCraobh Chonnacht,  ar David Clarke, a bhí ainmnithe agus luaite go láidir leis an ionad sin ar fhoireann All Star na bliana seo de bharr a thaispeántais ó shin agus go háirithe sa gcluiche comhscóir.

Bhí ainmneacha Bernard Brogan, Michael Darragh McCauley agus Davy Byrne ar an bhfoireann a fógraíodh le linn na seachtaine, ach ba ar bhinse na n-ionadaithe a bhí siad siúd agus Mick Fitzimons Paddy Andrews agus Paul Mannion istigh ina n-áit nuair a chaith an réiteoir, Maurice Deegan, liathróid isteach.

Faoin am ar shéid Deegan an fheadóg don uair dheireanach beagnach 80 nóiméad dár gcionn, bhí tionchar nach beag ag na hathruithe sin ar fad ar bhua cúilín Átha Cliath, 1-15 in aghaidh 1-14, agus scéal an bháireora i gceartlár na heachtra ba mhó ba chionsiocair leis sin.

Ba as droch-chiceanna amach de chuid Hennelly a fuair Áth Cliath péire de na ceithre chúilín a bhí acu sna sé nóiméad ba thúisce, ach lena gceart a thabhairt do Mhaigh Eo bhí siadsan ar comhscór nuair a fuaireadar ceithre cinn dá gcuid féin sna sé nóiméad a lean.

Chuir dhá chúilín de chuid Dean Rock as ciceanna saora Áth Cliath ar ais chun cinn, ach sa 17ú nóiméad scóráil Lee Keegan cúl do Mhaigh Eo tar éis píosa deas imeartha de chuid Aidan O’Shea a chuir an seans ar fáil dó – go dtí sin bhí Keegan tógtha go hiomlán leis an gcath pearsanta a bhíonn idir é agus Diarmuid Connolly chuile uair a n-imríonn na foirne seo a chéile.

Sa gceathrú huaire deireanach den leath sin, bhí na foirne ar comhscór faoi dhó arís agus tús cúilín faighte ag seaimpíní na bliana seo caite nuair a taispeánadh cárta dubh do Keegan.

Ar bhuille leathama tharla cúpla scliúchas a d’fhág go bhféadfadh tuilleadh imreoirí a bheith ruaigthe, ach an babhta seo shocraigh Deegan go mba leor cártaí buí a thaispeáint do Donal Vaughan Mhaigh Eo agus do Diarmuid Connolly agus John Small Átha Cliath.

Farasbarr cúilín amháin a bhí acu siúd ag an sos, 0-10 in aghaidh 1-6.

D’fhág cúilíní de chuid Cillian agus Diarmuid O’Connor Maigh Eo chun cinn ar atosú dóibh, ach ansin tar éis do Hennelly iarracht neamhurchóideach go leor a scaoileadh as a lámha agus an liathróid ag trasnú an chúil, chaith sé é féin i mullach Paddy Andrews.

D’fhág cárta dubh an báireoir díbeartha thug chuir cúl Diarmuid Connolly ón gcic éirice tús d’Áth Cliath nár chailleadar. 1-11 in aghaidh 1-8 ab ea an scór.

D’fhág cic saor de chuid Cillian agus ard-scór ó Kevin McLoughlin lena chiotóg sa 53ú nóiméad nach raibh eatarthu ach an bhearna ba lú, ach ina dhiaidh sin chinntigh dhá athrú a rinne Gavin go raibh Corn Mhig Uidhir le fanacht in Áth Cliath dhá  bhliain as a chéile den chéad uair ó 1976/77.

Thug Gavin isteach Bernard Brogan, a scóráil cúilín, chomh maith le Cormac Costello a fuair ceann leis an gcéad sheilbh a fuair sé agus ceann eile díreach ina dhiaidh.

D’fhág dhá chic saor de chuid an Chonchubharaigh nach raibh eatarthu ach an bhearna ba lú agus gan fanta de ghnátham ach cúig nóiméad. Bhí seans ag Maigh Eo ar an gcomhscór faoi dhó lena linn siúd agus na hocht nóiméad am breise a imríodh  – chiceáil an t-ionadaí Conor O’Shea an liathróid isteach i lámha Stephen Cluxton leis an gcéad cheann agus ag an bhfíordheireadh chuir Cillian O’Connor cic saor nach raibh éasca amú.

Idir eatarthu scóráil an Coisdealbhach an cúilín a d’fhág an Chraobh ag Áth Cliath don 26ú uair.

Comhrac maith, seachas dea-imirt a facthas agus níor chuidigh sé le cúrsaí go bhfuil na foirne seo tar éis a chéile a imirt go minic le gairid agus nach é an léamh céanna atá ag aon réiteoir is cosúil anois ar céard a thuilleann cárta dubh – rud a taispeánadh do lánchúlaí Átha Cliath Johnny Cooper sa gcéad leath, ach a d’fhéadfadh a bheith taispeánta freisin d’imreoirí go leor eile.

Croí cloiche a bheadh ag duine nach mbeadh trua aige do Mhaigh Eo, ach ní mór a rá freisin go raibh a mbua tuillte ag Áth Cliath, más ar éigean féin é, go príomha de bharr chumas a mbainisteora na hathruithe cearta a dhéanamh ag an tráth cuí.

Áth Cliath: S. Cluxton (c); P. McMahon, J. Cooper, M. Fitzsimons; J. McCarthy, C. O’Sullivan, J. Small; B. Fenton, P. Flynn; D. Connolly, C. Kilkenny, P. Andrews; P. Mannion, D. Rock, K. McManamon. Lucht scórála d’Áth Cliath: D. Rock (0-9, 7 cic saor); D. Connolly (1-1, 1-0 cic pionóís); C. Costello (0-3); K. McManamon, B. Brogan (0-1 an duine).

Fir ionaid d’Áth Cliath: D. Byrne do J. Cooper (cárta dubh, 20); B. Brogan do P. Andrews (47); M.D. Macauley do P. Mannion (52); C. Costello do K. McManamon (57); E. Lowndes for J. Small (60); D. Daly for C. O’Sullivan (inj 70+2).

Maigh Eo: R. Hennelly; K. Higgins, B. Harrison; K. McLoughlin; P. Durcan, C. Boyle, L. Keegan; S. O’Shea, D. Vaughan; D. O’Connor, A. O’Shea, T. Parsons; J. Doherty; A. Moran, C. O’Connor (c). Lucht scórála do Mhaigh Eo: C. O’Connor (0-9 cic saor); L. Keegan (1-0); P. Durcan (0-2); A. Moran, D. O’Connor, K. McLoughlin (0-1 an duine).

Fir ionaid do Mhaigh Eo: S. Coen do L. Keegan (cárta dubh 35+2); B. Moran do T. Parsons (ionadaí fola, 35+9); C. O’Shea do D. Vaughan (h-t); D. Clarke do R. Hennelly (cárta dubh, 40); B. Moran do A. Moran (55); A. Dillon do J. Doherty (60); C. Barrett do C. Boyle (70+2).

Fág freagra ar 'TUAIRISC Ó PHÁIRC AN CHRÓCAIGH: Áth Cliath ag ceiliúradh agus Maigh Eo cloíte faoi dheireadh acu'