Tuairisc.ie i measc 5 shuíomh Gaeilge atá ainmnithe do Ghradam Eir Spiders 2015

Tuairisc.ie i measc na suíomhanna atá ainmnithe sa rannóg don suíomh Gaeilge is fearr ag na gradaim teicneolaíochta digití bhliantiúla a bhronnann an comhlacht Eir

eir-spiders-logo-670x310

Cúig cinn de shuíomhanna gréasáin Gaeilge atá curtha ar an ngearrliosta don suíomh Gaeilge is fearr ag Gradaim Spider Eir, ina measc Tuairisc.ie.

Is iad na suíomhanna Gaeilge a bhain áit amach do na gradaim idirlín i mbliana ná suíomhanna Cló Iar-Chonnacht, Conradh na Gaeilge, Nós, TG4 agus Tuairisc.ie.

Bronnfar na gradaim teicneolaíochta digití ag ócáid i mBaile Átha Cliath ar an 29 Deireadh Fómhair.

20 rannóg ar fad atá i gceist leis na Gradaim Spider, atá á mbronnadh don 20ú babhta i mbliana.

Is iad Foras na Gaeilge a dhéanann urraíocht ar an rannóg Ghaeilge a thugann aitheantas ‘do shuíomh, ardán, tionscadal nó feachtas a léiríonn nuálaíocht agus intleachtacht i réimse na teanga’.

 

Fág freagra ar 'Tuairisc.ie i measc 5 shuíomh Gaeilge atá ainmnithe do Ghradam Eir Spiders 2015'