Tuairisc faoi thuilte Otharlann Leitir Ceanainn ar na bacáin

Isteach is amach le 400,00 míle euro de dhochar a rinneadh d'Aonad Éigeandála na hOtharlainne anuraidh

Letterkenny_General-Hospital

Tá sé fógartha tráthnóna ag Feidhmeannacht na Seirbhísí Sláinte go bhfuil an tuairisc faoi na tuilte a tharla ag otharlann Leitir Ceanainn beagnach críochnaithe. Baineann an tuairisc le dhá thuile a bhuail Aonad Éigeandála na hotharlainne i mí Lúnasa anuraidh agus i mí Iúil 2013. Tharla luach 26 milliún euro de dhamáiste i 2013 nuair a scrios tuile go leor de sheomraí na hotharlainne, agus cuireadh as go mór do sheirbhísí sláinte ansin. Tuigtear gur thart ar 400,00 míle euro de dhochar a rinneadh d’Aonad Éigeandála na hOtharlainne arís anuraidh nuair a tháinig tuile uisce ón phríomhbhóthar isteach doirse an aonaid.

Caithfear tuairisc na Feidhmeannachta a chur ar aghaidh chuig grúpa Otharlanna Saolta lena scrúdú. Tuigtear gur taobh istigh de roinnt seachtainí a tharlóidh seo. Beidh ar Ghrúpa Stiúrtha Otharlann Leitir Ceanainn súil a chaitheamh ar an tuairisc agus ansin beidh cead é a fhoilsiú go poiblí.

Táthar ag fanacht go géar le os cionn sé mhí le torthaí na tuairisce, mar go bhfuil ionadaithe poiblí i nDún na nGall ag cur i leith an HSE go raibh rabhadh agus eolas acu faoin bhaol ard tuilte a bhain le láthair na hotharlainne agus nár dearnadh na bacanna cearta a fheistiú in am. Bhí inneall tochailte lonnaithe ag Aonad Éigeandála na hOtharlainne ar feadh bliana ar eagla go dtarlódh tuile eile agus rinneadh córas draenála úr chomh maith.

Fág freagra ar 'Tuairisc faoi thuilte Otharlann Leitir Ceanainn ar na bacáin'