Tuairisc faoi aighneas sheirbhís farantóireachta Thoraí le réiteach ag Ó Gallchóir ‘taobh istigh de sheachtain go leith’

Dheimhnigh an Roinn Cultúir, Oidhreachta agus Gaeltachta tráthnóna go mbeidh iarcheannasaí TG4 ag dul i mbun oibre láithreach mar idirghabhálaí idir an Roinn agus Comharchumann Thoraí

Tuairisc faoi aighneas sheirbhís farantóireachta Thoraí le réiteach ag Ó Gallchóir ‘taobh istigh de sheachtain go leith’

Dheimhnigh an Roinn Cultúir, Oidhreachta agus Gaeltachta tráthnóna go mbeidh iarcheannasaí TG4 ag dul i mbun oibre láithreach mar idirghabhálaí idir an Roinn agus Comharchumann Thoraí

Déanfaidh Pól Ó Gallchóir, iarcheannasaí TG4, tuairisc a chur le chéile faoin aighneas maidir le seirbhís farantóireachta Thoraí “taobh istigh de sheachtain go leith nó mar sin”.

Tuairiscíodh inné go raibh Ó Gallchóir ceaptha mar idirghabhálaí idir Roinn na Gaeltachta agus Comharchumann Thoraí chun iarracht a dhéanamh réiteach a fháil ar an aighneas faoi sheirbhís farantóireachta an oileáin Ghaeltachta.

Dheimhnigh an Roinn Cultúir, Oidhreachta agus Gaeltachta tráthnóna go mbeadh sé ag dul i mbun oibre láithreach.

“Le comhaontú idir an Roinn Cultúir, Oidhreachta agus Gaeltachta agus Comharchumann Thoraí, tá Pól Ó Gallchóir, iar-Phríomhfheidhmeannach TG4, ceaptha anois le feidhmiú mar idirghabhálaí san aighneas maidir le seirbhís fharantóireachta Thoraí.

“Beidh an tUas Ó Gallchóir i mbun cainte leis na páirtithe leasmhara as seo go ceann seachtaine agus cuirfidh sé a thuairisc faoi bhráid na Roinne agus an Comharchumainn taobh istigh de sheachtain go leith nó mar sin.”

Dúradh nach raibh sé i gceist ag an Roinn aon ráiteas eile a dhéanamh i dtaobh an ábhair seo go dtí go mbeidh an próiseas seo críochnaithe

Beidh Cathaoirleach Bhord Fhoras na Gaeilge, arb as Gaoth Dobhair ó dhúchas dó, ina idirghabhálaí idir Roinn na Gaeltachta agus muintir Thoraí sa phlé eatarthu faoin gconspóid a bhaineann leis an mbád an ‘Queen of Aran’.

Dhearbhaigh an Roinn Cultúir, Oidhreachta agus Gaeltachta an tseachtain seo caite nach bhfuil aon dul siar ar an gcinneadh go rachaidh an ‘Queen of Aran’ i mbun seirbhís farantóireachta oileán Thoraí ón 1 Aibreáin.

Tá ráite ag muintir Thoraí go gcuirfidh siad bac ar ché an oileáin an lá sin má dhéanann an bád farantóireachta iarracht teacht go dtí an t-oileán agus iad den tuairim go bhfuil an bád  “róshean” agus nach bhfuil sí “sábháilte” dá bharr.

Tá muintir an oileáin ag iarraidh go gcuirfí ar ceal an conradh seirbhíse farantóireachta cúig bliana a bronnadh ar an gcomhlacht Réalt na Maidne, ar leo an ‘Queen of Aran’, ach is cosúil nach bhfuil aon fhuascailt go fóill ar an aighneas seo agus Roinn na Gaeltachta ag rá nach bhfuil aon dul siar ar an gcinneadh sin.

Dúirt Stiúrthóir na Gaeilge i Roinn na Gaeltachta, Aodhán Mac Cormaic, an tseachtain seo caite gur faoi Oifig an tSuirbhéara Mhuirí atá sé a rá an bhfuil an ‘Queen of Aran’ sábháilte nó nach bhfuil agus go raibh an Roinn “muiníneach” go bhfaighidh an bád teastas sábháilteachta ó Oifig an tSuirbhéara.

Fág freagra ar 'Tuairisc faoi aighneas sheirbhís farantóireachta Thoraí le réiteach ag Ó Gallchóir ‘taobh istigh de sheachtain go leith’'