Tuairisc eile ó ‘crazytown’ ag údar anaithnid an New York Times

An gairm chatha roimh na toghcháin lárthéarma a bhí ag údar anaithnid an ailt chonspóidigh a d’fhoilsigh an New York Times?

Tuairisc eile ó ‘crazytown’ ag údar anaithnid an New York Times

Ar tú a scríobh é? Sin an cheist atá ar intinn chuile dhuine atá ag obair sa Teach Bán agus i saol na polaitíochta i Washington agus daoine ag iarraidh meabhair a bhaint as an gcor is déanaí i scéal an uachtaráin Donald Trump.

Nach tráthúil gur tháinig ‘deep throat’ nua chun cinn an tseachtain chéanna a raibh Bob Woodward, duine d’iriseoirí Watergate,  le cloisteáil ag caint faoina leabhar nua Fear ina ndéanann sé cur síos ar chúrsaí sa Teach Bán faoi láthair. Beidh Fear ar fáil sna siopaí ar an 11 Meán Fómhair, cothrom an lae gur tharla na hionsaithe sceimhlitheoireachta a chuir dlús leis an ngluaiseacht pholaitiúil as ar eascair Trump, d’fhéadfá a rá.

An fógra réabhlóide mar sin an t-alt a d’fhoilsigh an New York Times le fostaí anaithnid de chuid Trump inar dúradh go bhfuil cuid d’fhoireann an Uachtaráin chomh buartha sin faoina réimeas gur ag obair ina choinne a bhíonn siad? Meas tú? Nach mbíonn sé de nós i gcónaí ag státseirbhísigh agus comhairleoirí polaiteoirí a leas féin a dhéanamh? Fearacht go leor eile de na heachtraí a bhaineann le polaitíocht na Stát Aontaithe le gairid ritheann sé liom gur gearr le heagrán den West Wing an scéal seo.

Tá na meáin ag baint na sála dá chéile ag iarraidh ainm an údair a fháil, tá baill rialtais Trump ag séanadh go láidir go raibh aon bhaint acu féin leis agus tá an New York Times ag tabhairt le fios go mb’fhéidir go bhfuil tuilleadh ar an mbealach ón údar céanna.

Meatacháin an té a scríobh an t-alt agus an dream a d’fhoilsigh é, a dúirt Sarah Sanders urlabhraí de chuid an Uachtaráin. Chuir Trump féin tréas i leith an scríbhneora agus mhol sé go dtabharfaí ar láimh an t-údar don Rialtas.

Meabhraíonn lucht a chosanta gur toghadh Trump go daonlathach. Maíonn Trump go bhfuil ag éirí thar barr leis sa Teach Bán. Ach meas tú nár mheasa fós ‘crazytown’, mar a thugann Woodward ar an Teach Bán, murach an éirí amach ciúin a mhaíonn an t-údar anaithnid a bheith ar siúl ann?

Níl a fhios agam an réabhlóid é an iarracht seo dochar doleigheasta a dhéanamh do réimeas an Tí Bháin, ach dearbhú eile é go bhfuil rudaí ina gcíor thuathail, mar atá á thuairisciú go forleathan le tamall.

Nó an bhféadfadh nach raibh ann ach nod don eolach roinnt seachtainí roimh na toghcháin lárthéarma?

Pé scéal é, is ag gníomhú ón taobh istigh atá údar an ailt sa New York Times agus a chomhghleacaithe. Beidh deis ar an 6 Samhain ag pobal Mheiriceá gníomh a dhéanamh ón taobh amuigh.

Fág freagra ar 'Tuairisc eile ó ‘crazytown’ ag údar anaithnid an New York Times'