TUAIRISC BHEO: Seirbhís farantóireachta Árann agus buiséad na Gaeilge á bplé i dTithe an Oireachtais

Seo tuairisciú beo ar chruinniú de chuid an Choiste Ealaíon, Oidhreachta, Gnóthaí Réigiúnacha, Tuaithe agus Gaeltachta i dTithe an Oireachtais agus seirbhís farantóireachta Inis Mór agus buiséad na Gaeilge faoi chaibidil ann

TUAIRISC BHEO: Seirbhís farantóireachta Árann agus buiséad na Gaeilge á bplé i dTithe an Oireachtais

17.53 Deireadh curtha leis an gcruinniú. An chéad chruinniú eile le bheith ann ar an 21 Eanáir 2017.


17.50 Seán Kyne ag freagairt na gceisteanna ó Éamon Ó Cuív anois. Is faoi na comharchumainn atá ceisteanna faoi na hoileáin. Tá na ceisteanna a bhaineann leis an nGaeilge nár freagraíodh iad inniu le cur ar aghaidh chuig an Aire i ndiaidh an chruinnithe,


17.42 Ceisteanna á gcur anois ag Éamon Ó Cuív.


17.38 Ní aontaíonn Kyne nach bhfuil béim cheart á cur ag an Roinn ar chúrsaí Gaeilge agus Gaeltachta. “Nílimid a rá nach dteastaíonn níos mó airgid,” a deir sé. Tá laghdú ar chaighdeán na Gaeilge i measc múinteoirí bunscoile, a deir sé, ach táthar ag dul i ngleic leis an bhfadhb sin.


17.35 “Ainmnigh Roinn atá níos measa ó thaobh an mhaoinithe de ná mar atá Roinn na Gaeltachta ó 2008 i leith.” “Bhí gach Roinn thíos ó thaobh cúrsaí airgid”. Peadar Tóibín agus Seán Kyne ag caint (argóint?) faoin laghdú atá déanta ar bhuiséad na Gaeilge agus na Gaeltachta le hocht mbliana anuas.


17.32 Tá gach duine ag iarraidh níos mó airgid. Níl sé féaráilte a rá go bhfuil an Ghaeilge buailte níos measa ná earnálacha eile, a deir Seán Kyne. Tá obair ar siúl anois le hairgead breise a thabhairt don Ghaeilge. Beidh airgead breise ann do 2018 freisin, a deir sé. Beidh cás láidir á chur os comhair an Aire Caiteachais Phoiblí an bhliain seo chugainn.


17.30 Bhí sraith fhada ceisteanna ag gCathaoirleach Peadar Tóibín faoi rudaí éagsúla. Tá Seán Kyne á bhfreagairt anois.


17.22 Ní bhfuair Seán Kyne cuireadh in am don chruinniú a bhí ag an mBuan-Choiste Gaeilge Dé Máirt. Tháinig an cuireadh oíche Dé hAoine. Níl aon fhadhb aige freastal ar na cruinnithe sin, a deir sé.


17.21 Tá trí phlean teanga fós le fógairt – is próiseas fada atá ann, dar le Kyne, agus déanfar go luath é.


17.20 Tá €1 milliún caite ar an Straitéis 20 Bliain don Ghaeilge i 2016 – ar phleananna teanga den chuid is mó, ach caitheadh cuid de ar thograí digiteacha freisin.


17.18 Ceadófar ocht bplean teanga in 2017. Pleananna a bheidh críochnaithe. Tá an próiseas ar siúl i 23 ceantar, an chuid is mó de na Limistéir Pleanála Teanga. Tá breis ama ceadaithe do chuid acu.


17.17 Deir Seán Kyne go bhfuil an cheist pléite aige leis an Aire Leanaí Katherine Zappone.


17.14 Ceisteanna á gcur anois ag Trevor Ó Clochartaigh faoi naíonraí Gaeltachta. Tá sé deacair teacht ar dhaoine le Gaeilge, agus deir sé go mbeidh géarchéim ann i mí Eanáir nuair a thiocfaidh rialacha nua isteach faoi FETAC 5 a bheith ag daoine atá ag obair i naíolanna Gaeltachta.


17.08 Fadhbanna teicniúla…


17.02 Tá Seán Kyne den tuairim nach íocaíocht aon-uaire atá i gceist leis an deontas seo agus tá súil aige go mbeidh an buiséad céanna ann don Fhoras Teanga. Tá na hAirí ó thuaidh “ar an eolas” faoin deontas seo agus beidh cruinniú de chuid na Comhairle Aireachta Thuaidh-Theas ann i mí Eanáir.


17.00 Ní bheidh an Foras ag ceannach foirgneamh nua don cheannáras nua. Níl a fhios ag Seán Kyne cé mhéad airgid a chaithfear ar athlonnú cheannáras na heagraíochta.


16.57 €260,000 le híoc i mbliana a deir Seán Kyne. €21,000 de sin ag dul go Bord na hUltaise.


16.53 Tá muid ar ais arís agus buiséad na Gaeilge do 2017 á phlé ag an gCoiste. Tá ceisteanna curtha ag Éamon Ó Cuív faoin airgead a fógraíodh d’Fhoras na Gaeilge ar maidin (timpeall €1 milliún). An mbronnfar an t-airgead roimh dheireadh na bliana? Nó an mbaineann sé leis an mbliain seo chugainn?


15.05 Tá deireadh anois leis an bplé faoin tseirbhís farantóireachta go hInis Mór. Beidh muid ag filleadh arís ar ball don phlé faoi bhuiséad na Gaeilge.


15.03 Tá Kyne sásta breathnú ar na costais, a deir sé (arís). Tá sé ag súil, freisin, go mbeidh socrú ann go luath maidir leis an tseirbhís aeir.


14.59 “Níl againn na costais a bhaineann le gach rud. Níl sé trédhearcach,” a mhaíonn Peadar Tóibín. Deir sé, mar a dúirt Cathy Ní Ghoill inné, gur cosúil go mbreathnaíonn an Chomhairle Contae ar Inis Mór mar ‘cash cow’. An mbeidh conradh ann i 2017? Agus an mbeidh Inis Mór ar comhchéim leis na hoileáin eile maidir le praghas?


14.57 “Tá mé ag éisteacht,” a deir Seán Kyne.


14.51 Deir Kyne gurb é an rud is tábhachtaí anois ná go mbeadh seirbhís ann ó Eanáir go Márta 2017. Níl Ó Cuív ag scaoileadh leis, áfach, agus é sa tóir ar eolas faoin difríocht idir na táillí atá ann d’Inis Mór agus na hoileáin eile timpeall na hÉireann. Ba cheart go mbeadh táille €10 (duine fásta) agus €6 (gasúr) i gceist d’Inis Mór, a deir sé. “Ní bheidh aon ghlacadh leis uaimse má tá airgead stáit le híoc le seirbhís farantóireachta agus nach é an t-airgead céanna a bheidh le híoc do na hoileáin eile,” a deir sé.


14.48 Tá dul chun cinn déanta ag an Aire Seán Kyne, a deir Ó Cuív, ach tá dhá bhunrud le réiteach – ceist na dtáillí agus ceist an chonartha bhuain.


14.44 Éamon Ó Cuív ag caint anois.


14.43 Údar imní do Trevor Ó Clochartaigh nach bhfuil na figiúirí a bhaineann le céibh Inis Oírr feicthe ag an Aire Stáit Seán Kyne.


14.41 Tá sé ar intinn ag Seán Kyne go mbeidh conradh ann do sheirbhís farantóireachta a mhairfeadh cúig bliana – ó 2017 amach.


14.36 Is ceist don Chomhairle Contae é an easpa áiseanna ar an gcéibh i gCill Rónáin, a deir Kyne.


14.34 Próiseas comhairliúcháin le muintir uile Árann le bheith ann i 2017, a deir Seán Kyne. Is smaoineamh maith coiste a bhunú a bhreathnódh i ndiaidh na n-oileán ar fad in Éirinn, agus coistí áitiúla a bhunú sna comhairlí contae, a deir sé.


14.32 “An bhfuil sibh sásta, nuair a chaith sibh €48 milliún, nach bhfuil leithreas, cith ná foscadh maith le fáil ar an gcéibh [Cill Rónáin], agus táille á íoc ag na paisinéirí atá ag dul isteach is amach as an áit?” – Ó Clochartaigh.


14.29 An Seanadóir Trevor Ó Clochartaigh (SF) ag caint faoin tseirbhís farantóireachta anois. “Tá sé dleathach, ach an bhfuil sé ceart, go mbeifí ag lorg an airgid seo?” a fhiafraíonn sé. Tuairim an Aire iarrtha aige. “Ar chóir don Roinn fordheontas a chur ar fáil? In áit a bheith ag caint ar tháillí calafoirt, ar chóir a bheith ag caint ar fhordheontas?”


14.27 Ní bheidh an tAire Humphreys ag plé leis na ceisteanna Gaeilge ná le ceist na seirbhíse farantóireachta. Is é an tAire Stáit Seán Kyne a bheidh ag freagairt na gceisteanna a bhaineann leis na hábhair seo.


14.24 Tús curtha leis an gcruinniú. An tAire Heather Humphreys, Joe Hamill, Feargal Ó Coiligh, William Parnell, Aodhán Mac Cormaic, agus JP Ahern i láthair.

Fág freagra ar 'TUAIRISC BHEO: Seirbhís farantóireachta Árann agus buiséad na Gaeilge á bplé i dTithe an Oireachtais'