Tuairisc Bheo: Faigh an cor is déanaí i scéal Buiséad 2019 le Tuairisc.ie…

Foilsítear anseo tuairisc bheo Tuairisc.ie ar Buiséad 2019 agus na scéalta is déanaí faoi chás na Gaeilge, na Gaeltachta agus na n-oileán

Tuairisc Bheo: Faigh an cor is déanaí i scéal Buiséad 2019 le Tuairisc.ie…
Uachtarán Conradh na Gaeilge, Niall Comer

16.23: ‘Níor tugadh cothrom na Féinne don Ghaeilge agus don Ghaeltacht i mBuiséad 2019’

Ní leor an t-ardú a fógraíodh inniu sa Bhuiséad do chúrsaí Gaeilge agus Gaeltachta agus níor tugadh ‘cothrom na Féinne’ do phobal na teanga, dar le Conradh na Gaeilge.

Chuir an eagraíocht fáilte roimh an maoiniú breise a fógraíodh d’Údarás na Gaeltachta, do chomharchumainn Ghaeltachta, do lárionaid Ghaeilge, don phleanáil teanga agus do bhunú scéim scoláireachtaí coláistí samhraidh do pháistí ó scoileanna DEIS. Dúradh, áfach, nach leor an t-airgead breise a cuireadh ar fáil.

Dúirt Uachtarán an Chonartha, Niall Comer, go raibh “díomá” ar Chonradh na Gaeilge “nár ghníomh an Taoiseach, Leo Varadkar a dhóthain go fóill ar an gcás a cuireadh os a chomhair i mí an Mheithimh nuair a rinneadh soiléir é go raibh slad déanta ar mhaoiniú na Gaeilge agus na Gaeltachta ó 2008”.

“Aithníonn Conradh na Gaeilge an t-ardú buiséid atá á chur ar fáil, ach tá géarchéim sa Ghaeltacht, agus seirbhísí á mbaint ó na pobail sna ceantair sin. Tá sé thar am ag an Rialtas tuilleadh freagrachta a ghlacadh agus na hacmhainní iomlána, cearta a chur ar fáil leis na pobail seo a gcosaint,” a dúirt Niall Comer, Uachtarán an Chonartha.
Dúirt Julian de Spáinn, Ard-Rúnaí Chonradh na Gaeilge, gur léirigh an buiséad seo “níos mó ná riamh, an gá atá ann le hAire Sinsearach don Ghaeilge agus don Ghaeltacht laistigh den Rialtas”.

Tá Conradh na Gaeilge ag éileamh ar an Taoiseach Leo Varadkar “cruachás phobal na Gaeilge agus na Gaeltachta a réiteach” agus a bplean infheistíochta don teanga a chur i bhfeidhm, plean, a deir siad, a chruthódh 1,150 post agus “a chuirfeadh iliomad deiseanna úsáide Gaeilge ar fáil don phobal trí chéile”.


15.59: Briseadh síos ar bhuiséad na Gaeilge agus na Gaeltachta do 2019

€13.323m atá le cur ar fáil don Fhoras Teanga – Foras na Gaeilge agus Gníomhaireacht na hUltaise – in 2019, laghdú ar an €14.028 milliún a cuireadh ar fáil don Fhoras Teanga i mBuiséad 2018.

Tá Conradh na Gaeilge agus polaiteoirí de chuid an fhreasúra ag iarraidh go gcuirfí sruthanna maoinithe eile ar fáil don teanga ionas nach mbeidh an Ghaeilge thíos leis an bhfolús polaitiúil in Stormont.

Thug Aire Stáit na Gaeltachta Joe McHugh leid tráthnóna go raibh sé sásta a mhachnamh a dhéanamh ar na moltaí sin.

Idir an dá linn, tá briseadh síos níos iomláine curtha ar fáil ag Roinn na Gaeltachta faoin soláthar don Ghaeilge agus don Ghaeltacht i mBuiséad 2019.

  • €600,000 don phróiseas pleanála teanga
  • €1.5 milliún breise do bhuiséad caipitil Údarás na Gaeltachta
  • €500,000 do Scéimeanna Tacaíochta Gaeltachta
  • €500,000 do chomharchumainn Ghaeltachta agus eagraíochtaí forbartha pobail Gaeltachta, den chuid is mó
  • €580,000 do Scéimeanna Tacaíochta Gaeilge lasmuigh den Ghaeltacht.
  • €1.5m chun forbairt a dhéanamh ar infreastruchtúr na gcuan ar Oileáin Árann agus ar Thoraigh agus do sheirbhísí iompair na n-oileán

Tá ráiteas eile tugtha ag Aire Stáit na Gaeltachta, Joe McHugh, faoi fhógra an lae inniu. 

“Mar Aire Stáit don Ghaeilge, do na ceantair Ghaeltachta agus dár n-oileáin, tuigim go rímhaith an dualgas atá orm úsáid na Gaeilge ar fud na tíre a chosaint agus a fheabhsú.

I ndiaidh an ratha a bhí ar Bhliain na Gaeilge 2018, fáiltím roimh an mhaoiniú breise de €5 milliún atá á leithdháileadh do mo Roinn do mo réimse freagrachta i gCáinaisnéis 2019 a fógraíodh inniu.” 


Micheál Ó hÉanaigh, Priomhfheidhmeannach, Údarás na Gaeltacha

15.42: Fáilte curtha ag Údarás na Gaeltachta roimh ardú buiséid, ach níl an tAire Stáit ‘sásta’…

Tá fáilte curtha ag Údarás na Gaeltachta roimh an scéala go mbeidh os cionn €2 milliún breise acu in 2019.

Dúirt Aire Stáit na Gaeltachta Joe McHugh ar RTÉ Raidió na Gaeltachta nach raibh sé féin “sásta” leis an méadú ar bhuiséad na heagraíochta agus go raibh níos mó ag teastáil. Dúirt sé go mbeadh sé ag iarraidh tuilleadh airgid a fháil don Údarás don bliain seo chugainn.

Tá tuilleadh eolais curtha ar fáil acu chomh maith faoin ardú sin – €1.5 milliún an t-ardú ar bhuiséad caipitil na heagraíochta fiontraíochta rud a fhágann go mbeidh soláthar caipitil €8.5 milliún acu in 2019 le tabhairt faoina gclár forbartha, fiontraíochta agus fostaíochta. €500,000 atá geallta “do ghníomhaíochtaí faoi chiste forbartha pobail, teanga agus cultúrtha an Údaráis” a chaithfear den chuid is mó ar mhaoiniú na gcomharchumann agus eagraíochtaí pobail. €600,000 breise a bheidh ann do chúrsaí pleanála teanga, ach ní fios cén sciar de sin a bheidh á chaitheamh sa Ghaeltacht.

Dúirt Mícheál Ó hÉanaigh, Príomhfheidhmeannach an Údaráis,

Cuireann muid fáilte roimh an ardú atá curtha ar an mbonnlíne maidir le ciste caipitil an Údaráis a thacóidh linn agus muid ag cur i bhfeidhm straitéis nua na heagraíochta don tréimhse 2018-2020.

 Tá spriocanna dúshlánacha agus uaillmhianacha leagtha amach sa straitéis seo agus sa bPlean Gníomhaíochta don Ghaeilge 2018-2022 agus cuirfidh an soláthar seo ar ár gcumas gnéithe tábhachtacha den straitéis seo a chur i bhfeidhm agus fostaíocht bhreise a chruthú sna ceantracha Gaeltachta.

Fáiltíonn muid chomh maith roimh an soláthar breise atá déanta maidir leis an gciste forbartha pobail, teanga agus cultúrtha a chuirfidh ar ár gcumas tuilleadh tacaíochta a chur ar fáil dár bpáirtnéirí sna comharchumainn Ghaeltachta agus le hearnálacha atá tábhachtach don Ghaeltacht ar nós an turasóireacht chultúrtha.

Cuirfidh an t-allúntas sonrach maidir leis an bpleanáil teanga ar ár gcumas agus ar chumas na gceanneagraíochtaí pleanála teanga ar fud na Gaeltachta leanacht leis an obair thábhachtach atá ar siúl maidir le réiteach agus cur i bhfeidhm pleananna teanga sna 26 Limistéar Pleanála Teanga ar fud tíre.


15.26: ‘Taispeánann an Buiséad seo nach ann don Ghaeilge dar leis an Rialtas’

Ní mó ná sásta atá urlabhraí Gaeilge agus Gaeltachta Éamón Ó Cuív leis an soláthar don Ghaeilge agus don Ghaeltacht. Seo an méid a bhí le rá aige le Tuairisc.ie tráthnóna.

Ó thaobh na Gaeltachta de, buiséad an-díomách ar fad atá ann. Tá an Ghaeltacht fágtha ar leataobh. Ní raibh sí fiú luaite ina óráid ag an Aire Airgeadais. Taispeánann sé nach ann don Ghaeilge, dar leis an Rialtas.

Bhí €4 mhilliún nó mar sin d’ardú ar chaiteachas Gaeltachta a bhí ann anuraidh agus €4 mhilliún ardú arís i mbliana. Tá an chuid is mó den airgead á chaitheamh ar chultúr agus ar chúrsaí oidhreachta agus is beag atá ag dul chun na Gaeltachta.  Fuair an tÚdarás €2 mhilliún d’airgead caipitil agus tá rud éigin ann do chomharchumainn na Gaeltachta. Glacaim leis gur thart ar €10,000 míle in aghaidh an chomharchumainn atá i gceist, rud atá an-lag ar fad. Tá €60o,000 breise ann don phleanáil teanga, sin airgead do shé phlean teanga.


14.57. Anailís ar bhuiséad na Gaeilge agus na Gaeltachta do 2019…

Mar a tuairiscíodh ar an suíomh seo maidin inniu is dírithe ar bhuiséad caipitil Údarás na Gaeltachta, ar an bpleanáil teanga agus ar na comharchumainn Ghaeltachta is mó a bhí an t-ardú ar chiste na Gaeilge agus na Gaeltachta i mBuiséad 2019. Ardú 8% ar bhuiséad na Gaeilge agus na Gaeltachta a bhí i gceist, €67.5 milliún i gcomórtas le €62.6 milliún anuraidh.

€2 milliún breise atá á chur ar fáil don Údarás do chruthú fostaíochta agus beidh €600,000 breise ar fáil don eagraíocht fiontraíochta le caitheamh ar an bpleanáil teanga agus ar chomharchumainn agus eagraíochtaí pobail Gaeltachta. Tá cuid eile den €4.9 milliún le caitheamh ar infreastruchtúir agus seirbhísí iompair chuig Oileáin Árann agus Toraigh.

Mar a léiríonn an tábla thíos is lú an céatadán de mhéadú ar bhuiséad na Gaeilge, na Gaeltachta agus na n-oileán ná an céatadán i gcás na rannóga eile sa Roinn Cultúir, Oidhreachta agus Gaeltachta. Airgead caipitil agus reatha atá i gceist leis an ardú €5 milliún ar bhuiséad na Gaeilge. Infheistíocht bhreise €9 milliún a bhí á lorg ag Conradh na Gaeilge agus páirtithe an fhreasúra.

€5 milliún a bhí á lorg d’Údarás na Gaeltachta ag an gConradh. €2 milliún breise a bhí á lorg don phleanáil teanga ach thart ar an tríú cuid de sin atá curtha ar fáil do 2019.

13.6% den airgead breise a fuair an Roinn Cultúir, Oidhreachta agus Gaeltachta a cuireadh i dtreo chiste na Gaeilge, na Gaeltachta agus na nOileán.

Dáileadh an airgid bhreise sa Roinn Cultúir, Oidhreachta agus Gaeltachta
Oidhreacht +15%
Ealaíona agus Cultúr +13.5%
An Chomhairle Ealaíon +10%
Gaeilge, Gaeltacht agus Oileáin +8%

14.28: Ardú 8% ar bhuiséad na Gaeilge agus na Gaeltachta

Ardú 8% ar bhuiséad na Gaeilge agus na Gaeltachta. €67.5 milliún a bheidh ar fáil don Ghaeilge, don Ghaeltacht agus do na hoileáin in 2019, méadú ar an €62.6 milliún a cuireadh ar fáil anuraidh. €2 milliún breise d’airgead caipitil d’Údarás na Gaeltachta do chruthú fostaíochta, ardú do chomharchumainn agus eagraíochtaí pobail sa Ghaeltacht agus €600,000 breise don phleanáil teanga agus d’fheidhmiú pleananna teanga.

 Seo a dúirt Aire Stáit na Gaeltachta Joe McHugh faoin scéal:

Daigneoidh an méadú €5 mhilliún atá á leithdháileadh don Ghaeilge, don Ghaeltacht agus do na hOileáin i gCáinaisnéis 2019 an rath atá ar Bhliain na Gaeilge 2018 agus cuirfidh sé leis anfhuinneamh i dtaobh pleanáil teanga a bhfuil borradh faoi le bliain anuas. 

Is fiú os cionn €67.5 milliún an caiteachas iomlán don Ghaeilge, don Ghaeltacht agus do na hOileáin leis an méadú seo ar mhaoiniú 2018.  In éindí leis na tiomantais i dtaca le hinfreastruchtúr cé agus tacaíochtaí iompair chuig Oileáin Árann agus Toraigh atá i dTionscadal Éireann 2040, léiríonn an méadú seo ar chaiteachas an meas atá ag an Rialtas seo ar ár dteanga, i gceantair Ghaeltachta agus ar fud an náisiúin araon.


14.12: Focal ar bith faoin nGaeilge ná faoin nGaeltacht ag an Aire ina óráid…

€15 milliún breise in airgead reatha agus €21 milliún breise in airgead caipitil don Roinn Cultúir, Oidhreachta agus Gaeltachta. Ní fios go fóill cén chuid de seo a chuirfear ar leataobh don Ghaeilge, don Ghaeltacht agus do na hoileáin, ach níor thagair an tAire ar chor ar bith do na cúrsaí sin ina óráid. Léiriú follasach is ea an t-ardú ar thábhact cúrsaí cultúir agus oidhreachta agus cabhróidh sé le lucht na n-ealaíon.


Pictiúr: RollingNews.ie

14.04: 800 Garda nua agus cúpla rud eile..

Suas le 800 Garda nua geallta. Síneadh ama go dtí 2024 don fhaoiseamh cánach d’infheistíocht i dtionscal na scannán. Cáin bhreisluacha d’fhoilseacháin ar líne le gearradh ó 23% go dtí 9% – ar lá breithe Tuairisc.ie!


13.58: ‘Cáin scoir’ nó ‘exit tax’ nua…

Iontas na n-iontas, an ráta cánach le fanacht ag 12.5%. ‘Cáin scoir’ nó ‘exit tax’ nua – 12.5% – le gearradh ar ghnóthaí a bhogann a gcuid acmhainní thar sáile agus nach mbíonn ag íoc cánach anseo. Meán oíche a thiocfaidh an cháin nua i bhfeidhm.

Ní bheidh cáin le híoc ag daoine ar shealbhús a fhágann a muintir le huacht acu, ach amháin sa chás gur fiú níos mó ná €320,000 é. €310,000 a bhíodh ann.

Ardú i ndán i mí Eanáir don cháin bhreisluacha 9% a ghearrtar ar lucht earnáil na n-óstán agus na mbialann agus 13.5% an ráta nua. ‘A chúram déanta’ ag ráta níos ísle agus cabhróidh an ráta nua leis an Rialtas tuilleadh infheistíochta a dhéanamh, a deir an tAire. €35 milliún á chur ar fáil do chúrsaí turasóireachta mar chúiteamh. An cháin bhreisluacha le fanacht ag 9% i gcás nuachtán.


Pictiúr: Sam Boal/Rollingnews.ie

13.43: 1,300 post breise do mhúinteoirí geallta…

1,300 post breise do mhúinteoirí. Ardú 5% ar dheontas caipitíochta scoile. €10.8 billiún san iomlán an busiéad don Roinn Oideachais.

Future Growth Loan Scheme’ do SMEs san earnáil talmhaíochta agus bia. €300 milliún san iomlán ar fáil mar iasachtaí ag brath ar reachtaíocht nua.


13.37: 50 cent breise ar bhosca toitíní agus faoiseamh cánach do thiarnaí talún

Faoiseamh cánach 100% ar ús morgáiste a íocann tiarnaí talún ar thithe agus árasáin atá ar cíos acu agus imní ar an Rialtas go bhfágfadh na húinéirí tithe seo margadh an chíosa.

€17 billiún mar bhuiséád do chúrsaí sláinte, an caiteachas is mó i stair an stáit, a deir an tAire. €84 milliún breise do chúrsaí meabhair sláinte.

Cuirfear leis an tairseach ioncaim don chárta cuairt dochtúra – €25 do dhuine singil agus €45 don lánúin. €20 milliún breise don Chiste Náisiúnta um Cheannach Cóireála.

Ardú 50 cent ar bhosca tobach – €12.70 an bhosca feasta. Ardú €5 sa tseachtain ar íocaíochtaí leasa shóisialaigh, agus tabharfar ar ais ina iomlán bónas dúbailte na Nollag.


13.27: Óráid an Aire – Béim ar an mBreatimeacht agus cúrsaí tithíochta

Tá a óráid bhuiséid á tabhairt anois ag an Aire Airgeadais sa Dáil. Cúrsaí Breatimeachta go mór sa treis agus é ag trácht ar na dúshláin atá romhainn. Tá sé deimhnithe aige go mbeidh leas á bhaint as an €1.1 billiún sa bhreis a fuarthas gan choinne i gcáin chorparáide an tseachtain seo caite. Thug an Chomhairle Fhioscach Chomhairleach na hÉireann nár chóir géilleadh don chathú na srianta buiséid a chaitheamh i dtraipisí mar gheall ar an airgead sin a bheith ar fáil. Seo an chéad bhuiséad comhardaithe ó 2017, a deir sé. 0.1% de GDP, an olltáirgeacht intíre, a bheith mar easnamh sa bhuiséad i mbliana, in ainneoin moltaí go gceadófaí barrachas i mbliana, go háirithe i bhfianaise a leochailí a d’fhéadfadh cúrsaí eacnamaíochta a bheith de bharr an Bhreatimeachta. €7.3 billiún. Ceadófar barrachas sna blianta amach romhainn a deir sé.

€1.5 billiún breise le caitheamh, €7 milliún níos mó ná an €800 milliún a bhí á lua, agus €7.3 billiún ar fad an caiteachas caipitil a bheidh ann. €2.3 billiún le caitheamh ar chúrsaí tithíochta agus tógfar níos mó tithe ná mar a deineadh le 10 mbliana anuas.  €60 milliún breise do chásanna géarchéime tithíochta. €1.25 billiún do thithe sóisialta nua.


An tAire Airgeadais Paschal Donohue ar tí rúin an Bhuiséid a nochtadh. Pictiúr: Sam Boal/RollingNews.ie

12.38 An té nach trua leis do chás ná déan do ghearán leis – seanfhocail an Bhuiséid

Tabhair cluas bhodhar don ‘spin’ agus féach a bhfuil de ghaois faoi na cúrsaí seo i dteanga na muintire. Seo roinnt seanfhocal díobh. Beidh a thuilleadh ar ball againn.

An té is mó a osclaíonn a bhéal is lú a osclaíonn a sparán.

Is fearr beagán cúnaimh ná mórán trua.

An té nach trua leis do chás ná déan do ghearán leis.

An té is treise lann bíodh an gabhar bán agus an fia aige.

Dá mbeadh cuinneog ag an gcat ba mhinic a smut féin inti.


12.30 Lean scéal an Bhuiséid ar na meáin chraolta Ghaeilge

Beidh clár beo ó Theach Laighean, Lá na Cáinaisnéise, á chraoladh ar RTÉ Raidió na Gaeltachta inniu 1.30pm agus 4.30pm.

Is í Gormfhlaith Ní Thuairisg a chuirfidh an clár i láthair.

I measc na n-aíonna a bheas ar chlár buiséid RTÉ Raidió na Gaeltachta, beidh Aire Stáit na Gaeltachta Joe McHugh, an comhairleoir cánach Ciarán Ó Feinneadha, an t-iarAire Airgeadais Alan Dukes agus Conall Ó Móráin, tráchtaire eacnamaíochta.

Leanfar leis an anailís bheo ó Theach Laighean leis an chlár Pléscéal, a bheas á chur i láthair ag Tristan Rosenstock. Eoin Ó Murchú, colúnaí de chuid Tuairisc.ie, An Dr Ciarán Mac an Bhaird, léachtóir le Gnó agus Bainistíocht i Fiontar in Ollscoil Chathair Bhaile Átha Cliath, An Comhairleoir Deirdre Donnelly agus urlabhraithe ó na páirtithe a bheas le cloisteáil ar phainéal cainteoirí an chláir sin.

Craolfar clár beo uair an chloig faoin mBuiséaar TG4 ag 7pm.

Comhléiriú é seo idir Nuacht TG4/RTÉ agus Seacht Lá, a bheas a chur i láthair ag Páidí Ó Lionáird ó stiúideo Bhaile na nGall.

Beidh Deirdre Ní Mhaoileoin, saineolaí cánach, Cathal Mac Coille, colúnaí de chuid Tuairisc.ie agus an Dr. Eoghan Mac Donnacha ina measc siúd a bheas i mbun anailíse ar an bhuiséad ar TG4.

Chomh maith leis an phlé sa stiúideo, beidh tuairiscí ag Eibhlín Ní Choisdealbha agus Sorcha Ní Riada ón Dáil agus pacáistí ó iriseoirí eile faoi ghnéithe éagsúla den bhuiséad.


12.24 Cás samplach – Bríd agus Pádraig agus buiséad na Gaeilge

Is aoibhinn le tráchtairí agus lucht anailíse an cás samplach aimsir an Bhuiséid. Mar is gnách, beimid ag coimeád súil ghéar anseo inniu ar chás samplach ar leith –teanga Bhríd agus Phádraig, lánúin bhocht chéasta atá amach sna blianta agus atá ag súil le faoiseamh éigin inniu! Cloisfear go leor inniu faoin ‘squeezed middle’, nó ‘an dream sa lár atá faoi bhrú’, ach beidh na scéalta is déanaí faoin nGaeilge agus faoin nGaeltacht, an dream sin atá ‘squeezed ar an imeall’, i gcroílár ár dtuairisce faoi Bhuiséad 2019. Cad atá i ndán d’Údarás na Gaeltachta, do na comharchumainn Ghaeltachta agus do na heagraíochtaí teanga? Cad a bheidh ann mar sholáthar don Ghaeilge, don Ghaeltacht agus do na hoileáin i mBliain seo ár nGaeilge 2018? Údar misnigh nó béim síos eile?

Fanaigí linn, ach seo thíos an scéal is déanaí …

BUISÉAD 2019: Súil le hardú éigin ar chiste na Gaeilge agus na Gaeltachta inniu


12.15 Crúb le leagan ar chreach na cánach corparáidí…

Is beag rúndiamhair a bhaineann le Buiséad ar na saolta seo agus is amhlaidh an scéal i mbliana agus eolas á sceitheadh go tréan le tamall anuas faoi na hiontais agus na neamhiontais atá i ndán dúinn i mBuiséad 2019. Mar sin féin ó foilsíodh an cuntas thíos ar Tuairisc.ie ar maidin, tá cúpla cor eile sa scéal.

‘Spás fioscach’ de ar a laghad €800 milliún a bhí beartaithe ag an Rialtas, is é sin an méid airgid atá á chur ar leataobh do chaiteachas ar sheirbhísí poiblí sa bhreis ar a bhfuil á chaitheamh faoi láthair orthu.

Ach tuairiscítear anois go bhfuil neamhaird déanta ag an Rialtas de rabhadh Chomhairle Fhioscach Chomhairleach na hÉireann nár chóir géilleadh don chathú na srianta buiséid a chaitheamh i dtraipisí i bhfianaise an €1.1 billiún sa bhreis a fuarthas gan choinne i gcáin chorparáide an tseachtain seo caite. Tuairiscítear gur idir €1.4 billiún agus €1.5 billiún a bheidh i bpacáiste an lae inniu agus crúb le leagan ar chreach na cánach corparáidí. Tuairiscítear leis nach bhfuil aon ardú i ndán don cháin charbóin, go bhfógrófar €55 milliún breise don chúrsaí meabhairshláinte agus €20 milliún breise don Chiste Náisiúnta um Cheannach Cóireála. Chomh maith leis sin, cuirfear leis an tairseach ioncaim don chárta cuairt dochtúra – €25 do dhuine singil agus €45 don lánúin – ionas go mbeidh 100,000 duine eile i dteideal a leithéid a fháil.

Béim ar chaiteachas seachas ciorruithe cánach á tuar i mBuiséad 2019


12.08: Buiséad nó cáinaisnéis? Cé acu atá ceart?

Mar is iondúil, cuirtear tús anseo lá an Bhuiséid leis an gceist is tábhachtaí acu ar fad. Buiséad nó cáinaisnéis, nó an mar a chéile iad? Seo an míniú atá ag lucht aistear.ie ar an scéal.

‘Is é ‘buiséad’ an focal is mó stádas sa teanga fhoirmiúil, fiú sa chomhthéacs polaitiúil, m.sh. ‘buiséad éigeandála’. Ní cúrsaí cánach amháin a bhíonn i gceist sa bhuiséad, ach caiteachas, íocaíochtaí leasa shóisialaigh agus araile.’


12.00 Fáilte go dtí tuairisciú beo Tuairisc.ie ar Bhuiséad 2019. Bígí linn i gcaitheamh an lae chun gach eolas a fháil faoin mbuiséad.

Fógróidh an tAire Airgeadais Paschal Donohoe Buiséad 2019 ag 1pm i nDáil Éireann. Beifear ag coimeád súil ghéar anseo chomh maith ar chás na Gaeilge agus na Gaeltachta. Lean sinn freisin ar Twitter agus ar Facebook.

Fág freagra ar 'Tuairisc Bheo: Faigh an cor is déanaí i scéal Buiséad 2019 le Tuairisc.ie…'