TUAIRISC BHEO: Ceist na Gaeilge i gcúrsaí earcaíochta faoi chaibidil i dTithe an Oireachtais

Tá ionadaithe Roinn Caiteachais Phoiblí agus Athchóirithe, an roinn atá freagrach as cur i bhfeidhm pholasaí an Stáit i leith na Gaeilge i gcúrsaí earcaíochta, os comhair Choiste Oireachtais na Gaeilge tráthnóna, mar a mbeidh cúrsaí earcaíochta agus ceannteidil na reachtaíochta teanga nua á phlé. Beidh tuairisc bheo anseo againn...

TUAIRISC BHEO: Ceist na Gaeilge i gcúrsaí earcaíochta faoi chaibidil i dTithe an Oireachtais

18.59 Tá an cruinniú thart.


18.56 Tá Catherine Connolly an-churtha amach go bhfuil imeachtaí á reáchtáil i mBéarla ag an gCoiste Gaeilge. Tá sí ag fiosrú faoin bpróiseas earcaíochta – cén uair le linn an phróisis a chuirtear ceist faoi chumas sa Ghaeilge. Deir an Roinn Caiteachais Phoiblí go mbíonn ceist ar an bhfoirm iarratais agus má léirítear spéis déantar scrúdú Gaeilge le cumas a mheas.


18.54 Tá na freagraí céanna agus na ceisteanna céanna fós á dtabhairt agus á gcur.


18.50 Tá deireadh ag teacht leis an gcruinniú anois. Ceist dheiridh ó Trevor Ó Clochartaigh. Ó 2011 – 2017, cé mhéid iarratas ar phost do dhaoine a bheadh inniúil sa Ghaeilge a iarradh orthu a líonadh? 73 post ‘Gaeilge’ a bhí i gceist ó 2015, a deir Ó Caingne.


18.46 Níl an Straitéis 20 Bliain léite ag Ó Caingne ach léigh sé alt 9 mar baineann sé leis an Roinn a bhfuil sé ag obair inti.


18.45 Tá na ceisteanna céanna á gcur anois arís agus arís eile…Cén tslat tomhais atá agaibh maidir leis an éileamh? .


18.40 Ní féidir linn a bheith sásta le bhur bhfreagra, a deir Connolly, nuair a mhíníonn Ó Caingne nach bhfuil aon bhealach ann leis an gcumas sa Ghaeilge atá ag fostaithe sa státseirbhís a thomhas.


18.37 “Cén chaoi a mbainfidh sibh an 20% amach?” a fhiafraíonn Ó Clochartaigh agus é ag tagairt don líon Gaeilgeoirí i measc earcaigh nua atá luaite mar sprioc sa dréachtreachtaíocht. Deir Ó Caingne arís go bhfuil an earcaíocht bunaithe ar éileamh.


18.29 Deir Ó Caingne, arís eile, nach ndéanfar dóthain margaíochta ar an státseirbhís mar ionad oibre do chainteoirí Gaeilge. Dúirt sé go bhfuil iarrachtaí ar bun anois é sin a réiteach agus go leanfar leis na hiarrachtaí sin go ceann trí bliana.


18.26 An Seanadóir Brian Ó Domhnaill anois ag caint. “Tóg é agus tiocfaidh siad,” a deir sé. “Tá muid ag rá nach bhfuil an tseirbhís ar fáil agus mar sin ní thiocfar ar a tóir”. Maíonn sé nach bhfuil aon phlean ag an Roinn Caiteachais Phoiblí feabhas a chur ar rudaí.


18.21 Is faoi na Ranna eile atá sé an t-éileamh ar sheirbhísí Gaeilge a thomhas sna Ranna sin, a deir Ó Caingne arís eile. Dúirt sé go bhfuil an Roinn sásta gur féidir freastal ar an éileamh sin.


18.19 “Caithfidh muid a chinntiú go mbreathnaítear ar an státseirbhís mar ionad oibre ar féidir le cainteoirí Gaeilge dul chun cinn a dhéanamh ann,” a deir Ó Caingne. Deir sé go bhfuil post mar mhúinteoir bunscoile níos mealltaí do chainteoirí Gaeltachta faoi láthair agus gur gá don státseirbhís “margaíocht níos fearr a dhéanamh”.


18.16 “It would appear at this time that supply is greater than demand,” a deir Ó Caingne faoi líon na ndaoine a bhfuil Gaeilge acu sa státseirbhís. Is éard atá i gceist aige go bhfuil níos mó daoine le Gaeilge fostaithe ann ná mar atá poist “sainaitheanta” mar phoist a bhfuil riachtanas Gaeilge leo.


18.15 “An bhfuil tú chun feitheamh go mbeidh iachall oraibh nó an bhfuil an dea-thoil ann daoine le Gaeilge a fhostú?” a fhiafraíonn Ó Muineacháin.


18.13 Deir Ó Caingne go bhfuil beagnach gach post ina dteastaíonn Gaeilge líonta anois. Deir sé go raibh deacrachtaí le dhá phost mar theastaigh caighdeán an-ard Gaeilge dóibh, ach go bhfuil siad sin líonta anois freisin.


18.11 Ceisteanna á gcur ag an Teachta Aindrias Ó Muineacháin.


17.58 Tá Catherine Connolly “beagán measctha” agus í den tuairim nach bhfuil na hoifigigh cinnte faoi na dualgais atá orthu.


17.56 Catherine Connolly ag déanamh tréaniarrachta an Ghaeilge a choinneáil mar theanga oibre an choiste. Éamon Ó Cuív ag iarraidh Béarla a labhairt le heolas cruinn a fháil agus léiriú a thabhairt ar an deacracht a bhíonn ag cainteoirí Gaeilge seirbhís mhaith a fháil i nGaeilge.


17.52 Ní bhacann cainteoirí breátha Gaeilge seirbhísí a lorg i nGaeilge cé nach mbíonn acu ach “Béarla briste” acu. Iompaíonn Ó Cuív ar an mBéarla le teann frustrachais ach iarrann an cathaoirleach air Gaeilge a labhairt, “I’ll speak my own choice of language” a deir Ó Cuív. Géilleann an cathaoirleach, ach deir Ó Cuív gur léiriú ar an bhfadhb trí chéile é go gcaithfidh sé Béarla a labhairt le heolas cruinn a fháil.


17.50  “Tá an t-éileamh an-íseal,” a deir Ó Caingne ach níl ceist Uí Chuív freagartha aige go fóilleach. Fuair siad ríomhphost amháin agus glaoch amháin i nGaeilge le 12 mí anuas, a deir fear na Roinne Caiteachais Phoiblí. Maíonn Ó Cuív  arís nach mbacfadh duine le seirbhís a lorg i nGaeilge mura mbíonn  a fhios aige  go bhfaighfear í. “Má ghlaoimse ar do Roinn ag iarraidh gnó a dhéanamh i nGaeilge, cén seans a bheadh agam an gnó sin a dhéanamh i nGaeilge?”. Deir Ó Caingne nach eol dó go mbíonn aon deacracht ag daoine teacht ar sheirbhísí i nGaeilge sa Roinn.

“Tá cúpla ceist le freagairt,” a deir Connolly. “Ach seo an ceann is tábhachtaí,” a deir Ó Cuív.


17.49 “Níl a fhios agam cén chaoi a measann na Ranna éagsúla an t-éileamh ar sheirbhísí Gaeilge,” a deir Ó Caingne. Ceist ag an gcathaoirleach faoi ráiteas tosaigh Uí Chaingne inar luadh “monatóireacht ar éileamh” . Míníonn Ó Caingne gur faoina Roinn féin a bhí sé ag caint. Tá ceist anois ó Éamon Ó Cuív faoin Roinn áirithe sin.


17.48 Níl aon chóras lárnach ann le héileamh ar sheirbhísí i nGaeilge a thomhas, a deirtear.”Agus sin an áit a theipeann ar an gcóras,” a deir Ó Cuív.


17.45  An bhfuil sé i gceist dul i gcomhairle leis an bpobal faoin éileamh atá ann ar sheirbhísí i nGaeilge? a fhiafraíonn Ó Cuív. Deir sé nach gcreideann sé nach bhfuil daoine a bhfuil Gaeilge acu ann le róil a líonadh sa státseirbhís. “Tá an oiread daltaí ag teacht amach as na Gaelscoileanna ach caithfidh na caighdeán a bheith ceart” a deir sé.


17.43 Deir Éamon Ó Cuív nach féidir an t-éileamh ar sheirbhísí i nGaeilge a thomhais nuair nach gcuirtear seirbhísí i nGaeilge ar fáil. ‘Cén fáth go gcuirfeá do chuid anála amú ag cuartú seirbhís as Gaeilge?’ a fhiafraíonn sé.


17.40 Éamon Ó Cuív anois ag caint. An nós atá ag muintir na Gaeltachta (agus na Gaeilge) déileáil le gach Roinn stáit seachas Roinn na Gaeltachta i mBéarla agus mar sin níl aon eolas cruinn ar fáil faoin éileamh atá ar sheirbhísí Gaeilge. “Tá a fhios ag chuile dhuine nach bhfaighidh tú an tseirbhís” má lorgaítear i nGaeilge í, a deir sé. Ag tagairt dá oifig féin anois, deir sé go n-úsáideann sé Gaeilge nuair a bhíonn a fhios aige go bhfuil Gaeilge ag an Roinn atá i gceist ach gur Béarla a úsáidfidh siad.

“Cuir ceist le do thoil, a Theachta,” a impíonn an cathaoirleach.


17.37 Tá Ó Clochartaigh anois ag míniú ról an Choimisinéara Teanga d’oifigigh na Roinne… Níl Ó Caingne ar aon intinn faoi seo le Trevor Ó Clochartaigh. Maíonn sé gur ceist don Roinn Chultúir í “neamhghéilliúlacht” na ranna maidir lena ndualgais teanga a chur i bhfeidhm. (Post nua tugtha ag Ó Caingne do Ó Clochartaigh – “A Theachta” a deir sé leis an Seanadóir!)


17.34 Is ábhar mór imní do Trevor Ó Clochartaigh nach dtuigtear an ról mór ag an Aire Caiteachais Phoiblí sna ceisteanna seo.


17.32 Tosaíonn Ó Clochartaigh ag cur a chuid ceisteanna i mBéarla ach ní maith leis an gCathaoireach an cur chuige sin. “Leanfaidh muid ar aghaidh i nGaeilge más féidir,” a deir sí. Mar fhreagra ar cheist (Ghaeilge) an tSeanadóra, deir Ó Caingne gur ceist don Roinn Chultúir an “neamhghéilliúlacht”.


17.30 Is faoi na Ranna éagsúla a rá céard is “dátheangach feidhmiúil” ann, de réir a riachtanas féin, a deir Ó Caingne. De réir mo thuisceana, is duine atá inniúil sa Ghaeilge atá i gceist leis an dátheangach feidhmiúil, a deir Ó Caingne. Deir sé  go bhfuil córas nua measúnuithe dá gcuid féin anois i bhfeidhm agus  go bhfuil siad sásta leis sin.


17.28 Níl aon mhaith le go leor leor daoine a thabhairt isteach le Gaeilge, a deir Trevor Ó Clochartaigh, má tá siad uilig curtha isteach in aon Roinn amháin (an Roinn Oideachais, mar shampla); ba cheart iad a scaipeadh ar fud an stáchórais. Tá ceist eile aige faoin téarma “functional bilingual” – céard atá i gceist leis sin? Cén chaoi a ndéantar tomhais air sin?


17.25 “Cén caighdeán Gaeilge atá ag an dream a deir go bhfuil Gaeilge acu?” a fhiafraíonn Ó Clochartaigh. Ar chaith siad cúpla seachtain sa Ghaeltacht? An bhfuil céim sa Ghaeilge acu? Ceist eile uaidh faoi dhóchas na Roinne go mbainfear na spriocanna (20%) amach.


17.22 Deir Catherine Connolly go bhfuil sé “osréalaíoch” a bheith ag éisteacht le Béarla agus ag léamh i nGaeilge (ag tagairt don ráiteas scríofa a cuireadh ar fáil don choiste). Tá sí anois ag ceistiú cén fáth nach bhfuil an duine a réitigh an cháipéis anseo le plé leis an gcoiste i nGaeilge. Deir Nioclás Ó Miacháin ón Roinn Caiteachais Phoiblí nach bhfuil Gaeilge ag an té sin. Ceistíonn Connolly ról an duine sin mar dhuine a dhéanann monatóireacht ar chúrsaí Gaeilge sa Roinn. “Is í mo thuiscint nach bhfuil Gaeilge aici,” a deirtear. “Osréalaíoch,” a deir Connolly. Ceisteanna anois ón Seanadóir Trevor Ó Clochartaigh.


17.21 Deir sé gur fhreastail breis agus 304 státseirbhíseach ar ranganna de chuid Gaelchultúr Teo ó 2013 agus gur fhreastail 4,744 fostaí sa tSeirbhís Phoiblí arranganna de chuid na heagraíochta. “Tá mé cinnte go dtuigfidh an Comhchoiste go bhfuil iarrachtaí maithe ar bun le líon na ndaoine atá inniúil sa Ghaeilge sa Státseirbhís a mhéadú. Ach, ní hé sin le rá nach bhfuil aon locht ar an gcur chuige mar atá, a deir  Príomhoifigeach Acmhainní Daonna sa Roinn  Caiteachais Phoiblí agus Athchóirithe. Deir sé go bhfuil an tír ag “teacht ó chomhthéacs eacnamaíoch” a bhí an-deacair.


17.19 Cé gur ar an Roinn Caiteachais Phoiblí agus Athchóirithe atá an phríomhfhreagracht as an nGaeilge sa Státseirbhís  “tá freagracht ar gach Roinn na riachtanais Ghaeilge atá acu a aithint agus gníomhú dá réir, go háirithe i dtaobh seirbhísí poiblí a chur ar fáil i gCeantair Gaeltachta”. Deir Ó Caingne gurb é an ceannteideal is tábhachtai sa Bhille teanga nua ná Ceannteideal 9 a bhfuil sé mar aidhm aige a chinntiú go mbeadh 20% d’earcaigh nua sa tseirbhís phoiblí ina gcainteoirí Gaeilge agus go mbeadh  gach oifig phoiblí atá lonnaithe sa Ghaeltacht ag feidhmiú trí Ghaeilge. Deir sé go bhfuil na ceannteidil sin pléite le Roinn na Gaeltachta ach ní deir go fóill linn cén toradh a bhí ar an bplé sin nó cén dearcadh atá ag an Roinn Caiteachais Phoiblí faoin 20%’.


17.17 “Is cuspóir de chuid an Rialtais é a chinntiú “go bhfuil dóthain foirne ann sa Státseirbhís atá inniúil sa Ghaeilge”. Deir Ó Caingne go bhfuil seachtar ina Roinn féin atá inniúil sa Ghaeilge.


17.15 Is é Dáithí Ó Caingne, Rúnaí Cúnta sa Roinn Caiteachais Phoiblí agus Athchóirithe, atá ag labhairt thar ceann na roinne sin. As Béarla a labhróidh sé.


17.12 Tús curtha leis an gcruinniú ag an gcathaoirleach, an Teachta Dála neamhspleách, Catherine Connolly. Fáilte curtha roimh na haíonna aici. “Tá a fhios agam nach bhfuil Gaeilge ar bhur dtoil agaibh ach is féidir libh úsáid a bhaint as na cluasáin,” a deir sí.


16.55: Leanfaidh Comhchoiste na Gaeilge, na Gaeltachta, na nOileán agus Phobal Labhartha na Gaeilge (is ea, tá teideal nua acu!) leis an scrúdú réamhreachtach atá a dhéanamh acu ar cheannteidil Bhille na dTeangacha Oifigiúla ag an gcruinniú den choiste a bheidh ar siúl gan mhoill. Dúirt Cathaoirleach an Choiste, Caitríona Ní Chonghaile, TD: “Ag an gcruinniú, tiocfaidh an Coiste le chéile le hionadaithe ón Roinn Caiteachais Phoiblí agus Athchóirithe chun plé a dhéanamh ar ról na Roinne maidir le foireann a earcú ar fud na seirbhíse poiblí atá líofa in dhá theanga oifigiúla an Stáit agus atá in ann seirbhís a sholáthar don phobal i gceachtar den dá theanga oifigiúla. Tá suim ar leith ag an gCoiste cíoradh a dhéanamh ar conas mar a rachaidh an Roinn i ngleic leis an moladh i gCeannteideal 9 de Cheannteidil Bhille na dTeangacha Oifigiúla (Leasú), 2017 a dhéanfaidh socrú go mbeidh an dá theanga oifigiúla, Gaeilge agus Béarla, ar a dtoil ag 20% d’earcaigh nua sa tseirbhís phoiblí”. Dúirt an Cathaoirleach go raibh “go leor ceisteanna” le cur maidir leis an moladh seo  “go háirithe, cibé acu an sprioc nó ceanglas atá ann”. Pléifear chomh maith “na céimeanna” atá tugtha ag an Roinn Caiteachais Phoiblí agus Athchóirithe maidir le cur i gcrích na mbeartas a leagtar amach i dtaobh cúrsaí earcaíochta sa Straitéis 20 Bliain don Ghaeilge 2010-2030.

Idir an dá linn, léirigh tuairisc a foilsíodh ar an suíomh seo inniu go dtugtar le fios i dtuarascáil taighde de chuid Choiste Oireachtais na Gaeilge nár iarr 75% de chomhlachtaí poiblí ar an tSeirbhís um Cheapacháin Phoiblí oiread agus fostaí amháin a raibh Gaeilge acu a sholáthar dóibh. Tá léirithe go minic ag Tuairisc.ie go bhfuil polasaí earcaíochta an Stáit i leith na Gaeilge in aimhréidh. As an 18,775 post státseirbhíse a bhí ag 15 roinn Rialtais ag deireadh na bliana seo caite, ní raibh ach 15 post aitheanta mar phoist a raibh líofacht sa Ghaeilge ag teastáil lena n-aghaidh. Agus nach mór dhá bhliain caite ó tugadh treoir do gach Roinn na poist a mbeadh daoine le Gaeilge ag teastáil iontu a liostú, ní raibh ach 0.08% de na poist i 15 Roinn aitheanta mar phoist do dhaoine a raibh líofacht sa Ghaeilge acu.  D’fhág sé sin gur leor Béarla do 99.92% de na poist. Léirigh taighde a d’fhoilsigh an Coimisinéir Teanga níos túisce i mbliana nach raibh “socruithe cinnte d’earcú comhaltaí foirne le Gaeilge” luaite ach i gcás 7.5% de na scéimeanna teanga a aontaíodh le linn na mblianta 2015 agus 2016.