TUAIRISC BHEO: Ceist an Achta Gaeilge don Tuaisceart á plé i dTithe an Oireachtais

Tá ionadaithe ó Chonradh na Gaeilge i láthair an Choiste Oireachtais um Chur i bhFeidhm Chomhaontú Aoine an Chéasta i dTithe an Oireachtais

TUAIRISC BHEO: Ceist an Achta Gaeilge don Tuaisceart á plé i dTithe an Oireachtais

16.07 Tá an cruinniú thart.


16.05 Cuireadh tugtha ag Ciarán Mac Giolla Bhéin do bhaill an Choiste teacht ag an léirsiú mór atá beartaithe ag Conradh na Gaeilge agus eagraíochtaí eile teanga (An Dream Dearg srl) níos deireanaí an mhí seo. Glactar le rún go dtacaíonn baill an choiste le héileamh an Chonartha ar Acht Teanga don Tuaisceart.


16.01 Ceist curtha faoi sheirbhísí teilifíse agus ábhar ar líne a bheith ar fáil do mhuintir an Tuaiscirt.


15.58 ‘No difficulty for us to support your proposals, we can hear the frustration in your voices, there is definitely a need for an Irish Language Act in the North,’ a deir cathaoirleach an Choiste Katherine Funchion (SF). Deir sí go bhfuil ‘an-obair’ ar bun ag Conradh na Gaeilge ó thuaidh. Tá meas níos mó ar an teanga ó bhí sí féin ar mheánscoil.


15.53 Tá tacaíocht ann ón bpobal, tá sí ann i measc fhormhór na bpolaiteoirí tofa agus tá sí ann ó eagraíochtaí idirnáisiúnta, [do reachtaíocht teanga], a deir Pádraig Ó Tiarnaigh.


15.51 Ciarán Mac Giolla Bhéin ag cur síos ar na céimeanna a tugadh i dtreo Acht Gaeilge le tamall de bhlianta anuas, an próiseas comhairliúcháin faoi straitéis don teanga, cás cúirte an Chonartha in aghaidh Stormont agus araile. Beidh ceist na straitéise á brú chun tosaigh nuair a bheidh Stormont ann arís.


15.49 An Dr Pádraig Ó Tiarnaigh ag caint faoi na daoine ó thuaidh a bhíonn in aghaidh Achta Gaeilge, ach deir sé go bhfuil líon na ndaoine sin ag dul i laghad agus tagraíonn sé do na cruinnithe a bhí ag “an freasúra is mó”, an DUP,  le pobal na Gaeilge le deireanas.


15.45 Ciarán Mac Giolla Bhéin anois ag caint – é ag iarraidh “guth láidir aontaithe, traspháirtí” ar son an Achta ó na páirtithe ó dheas. Aontaíonn sé le O’Sullivan go bhfuil an Coimisinéir ar cheann de na rudaí is tábhachtaí san Acht Gaeilge ó thuaidh mar is é a bheidh ag cinntiú go gcuirtear gach rud i bhfeidhm. Tá staitisticí na Gaelscolaíochta á dtabhairt anois aige – an chosúlacht ar an scéal go méadóidh an earnáil 50% sna seacht mbliana atá amach romhainn, a mhaíonn sé. Rud maith é sin, a deir sé, ach cruthaíonn fás mór mar sin fadhbanna nuair nach mbíonn tacaíocht/acmhainní ann. “Ní féidir linn freastal ar an éileamh atá ann,” a deir sé.


15.44 Is cinnte nach bhfuil an rialtas thuaidh ná theas ag freastal ar an éileamh ar an nGaelscolaíocht, a mhaíonn de Spáinn, agus é ag tagairt d’fhógra a rinne an Roinn Oideachais inniu maidir le ceithre scoil nua, scoil lán-Ghaeilge i gCorcaigh ina measc.


15.42 Julian de Spáinn, Ard-Rúnaí Chonradh na Gaeilge anois ag freagairt na gceisteanna. Tá laghdú mór déanta ar bhuiséad an Fhorais le blianta anuas, a deir sé, agus tá 80 eagraíocht Ghaeilge ag éileamh tuilleadh infheistíochta. “Tá rud éigin briste sa chóras le Foras na Gaeilge a mhaoiniú,” a deir sé, agus iarrann sé ar an gCoiste é sin a fhiosrú.


15.40 Katherine Funchion (cathaoirleach an choiste) ag fiafraí faoi líon na gcainteoirí Gaeilge (Daonáireamh 2016) agus an t-éileamh “mór” atá ar an nGaeloideachas. “An bhfeiceann sibh aon nasc eatarthu?”


15.38  An Seanadóir de chuid Shinn Féin, Niall Ó Donnghaile (as Béal Feirste) ag caint anois. Tagairtí don fheachtas d’Acht Gaeilge ó thuaidh, tacaíonn sé leis an bplécháipéis freisin. Ba cheart don Choiste a bheith páirteach san fheachtas don Acht atá ag dul ar aghaidh. Ba cheart go mbeadh baill tofa an Oireachtais ag rá go dtacaíonn siad le hAcht Gaeilge ó thuaidh mar a rinne an tAire Gnóthaí Eachtracha níos luaithe i mbliana, a deir sé.


15.36 Moladh tugtha freisin ag an dTeachta Dála neamhspleách  Maureen O’Sullivan do cháipéis an Chonartha. An rud is tábhachtaí, dar léi, an Coimisinéir Teanga agus Lárionad Aistriúcháin. Ceist curtha aici faoin nGaelscolaíocht ó thuaidh freisin.


15.34 Ceisteanna anois ó na polaiteoirí. Fáilte curtha roimh ionadaithe an Chonartha ag Declan Breathnach, TD de chuid Fhianna Fáil. “Tír gan teanga, tír gan anam,” a deir sé, agus obair an Chonartha “ar fud na tíre” molta aige. “Ba chóir go mbeadh Acht Teanga agaibh ó thuaidh.” Tagraíonn sé do chóras na Breataine Bige agus an rath atá ar an gcóras sin. “Ba chóir [na moltaí] a chur os comhair níos mó daoine go bhfeicfidh siad nach bhfuil sibh ag iarraidh an teanga a bhrú siar scornach na ndaoine nach bhfuil spéis acu inti,” a deir sé. Ceisteanna curtha aige faoi fhigiúirí Dhaonáireamh 2016.


15.32 Tá stádas oifigiúil don Ghaeilge ag croí an Achta, murach sin ní fiú na rudaí eile a chur isteach, a deir Mac Giolla Bhéin. Tá sé ag cur síos go mion anois ar na rudaí uilig atá molta ag an gConradh: Gaeilge sa Tionól, seirbhísí ó chomhlachtaí poiblí, polasaí Gaeilge sna Comhairlí áitiúla, Gaeilge sna cúirteanna, aitheantas do ‘líonraí Gaeilge’ ó thuaidh (tá péire ann), ceist na comharthaíochta agus na logainmneacha, Coimisinéir Teanga, Gaeilge sna meáin chumarsáide, agus córas an Ghaeloideachais.


15.29 Mac Giolla Bhéin ag cur síos ar an gcáipéis a réitigh Conradh na Gaeilge faoin Acht Gaeilge níos luaithe i mbliana.


15.28 Tá spiorad Chomhaontú Aoine an Chéasta “caillte”, a deir Ciarán Mac Giolla Bhéin, ach tá pobal beo bríomhar ann ó thuaidh atá ag caitheamh a saol trí mheán na Gaeilge, a deir sé.


15.26 Iarrtha ag Julian de Spáinn ar an gCoiste rún a rith ag tacú le moltaí an Chonartha mar gheall ar Acht Teanga agus go n-iarrfadh an Coiste ar an Taoiseach aird a thabhairt ar na moltaí sin.


15.24 Ceist mhór a chuireann imní ar an gConradh ná tionchar an Bhreatimeachta. Is í an Chairt Eorpach do Mhionteangacha an chosaint is mó atá ag an nGaeilge ó thuaidh faoi láthair, a deir de Spáinn, agus is ábhar buartha go mbeidh deis ag an Stát tarraingt siar ó na dualgais teanga atá orthu faoin gCairt mar gheall ar an mBreatimeacht.


15.22 Níl forálacha an Chomhaontaithe á gcur i bhfeidhm agus nuair a chuirtear i bhfeidhm iad déantar iarrachtaí láidre iad a aisghairm, a mhaíonn de Spáinn. Scéal Scéim Líofa luaite aige mar shampla de rud a d’fhág ‘blas searbh i mbéal an phobail’.


15.20 Tá go leor den dul chun cinn atá déanta ó thaobh na Gaeilge mar thoradh ar dhíograis na gcainteoirí ó thuaidh agus déanta in ainneoin an Stáit ní mar gheall ar an Stát, a deir Ard-Rúnaí an Chonartha Julian de Spáinn.


15.18 Tá cruinniú an choiste i seisiún poiblí anois agus fáilte curtha roimh Julian de Spáinn, Pádraig Ó Tiarnaigh agus Ciarán Mac Giolla Bhéin ó Chonradh na Gaeilge.