TUAIRISC BHEO: An Straitéis 20 Bliain á plé ag an Aire Stáit Seán Kyne agus é os comhair Choiste Oireachtais na Gaeilge

Tá an tAire Seán Kyne os comhair Choiste na Gaeilge, na Gaeltachta agus na nOileán le plé a dhéanamh ar an Straitéis 20 Bliain don Ghaeilge

TUAIRISC BHEO: An Straitéis 20 Bliain á plé ag an Aire Stáit Seán Kyne agus é os comhair Choiste Oireachtais na Gaeilge

19.20 Tá an cruinniú thart.


19.15 Ráite arís ag Seán Kyne nach bhfuil an t-airgead ar fáil anois ach go bhfiosródh sé na féidearthachtaí dá dtiocfadh airgead chun cinn ó fhoinse eile.


19.12 Aindrias Ó Muineacháin ag fiafraí faoi bhóithre áise arís. Tá ceisteanna aige faoi scoileanna Gaeltachta freisin agus an polasaí oideachais don Ghaeltacht – céard a dhéanfar faoi sholáthar na múinteoirí breise leis an bpolasaí a chur i bhfeidhm? a fhiafraíonn sé.


19.00 Tá an tIonad nua do chur i bhfeidhm an pholasaí oideachais Gaeltachta bunaithe agus lonnaithe in Áth Luain agus i nGaillimh. Cuireann Catherine Connolly fáilte roimhe seo.


18.58 Ceisteanna ó Catherine Connolly anois faoin gcáipéis faoin dul chun cinn atá déanta faoin Straitéis. Deir Seán Kyne go mbeifear ag breathnú chun cinn sa cháipéis freisin ar a bhfuil le baint amach as seo go 2022.


18.44 ‘An Údarás Teanga na Gaeltachta nó Údarás na Gaeltachta atá againn?’ a fhiafraíonn Ó Clochartaigh.


18.41 Ní aontaíonn Trevor Ó Clochartaigh nach raibh daoine le Gaeilge ag cur isteach ar phostanna sa Státchóras nuair a bhí an Tíogar Ceilteach ann. Ní hin go baileach a dúirt an tAire Seán Kyne, áfach…


18.38 An Seanadóir Trevor Ó Clochartaigh (SF) ag caint anois. An bhfuil sé i gceist an t-airgead a thugtar don Ghaeilge a ardú i mbliana?’ a fhiafraíonn sé. An bhfuil “spriocanna ilbhliana” ag an Aire Kyne ó thaobh an bhuiséid de.


18.34 “Cén fáth nach bhfuil an Taoiseach sásta teacht isteach chuig an gCoiste seo?” a fhiafraíonn Ó Cuív den Aire Kyne. Deir Kyne gur ceist don Taoiseach atá ann, agus go bhfuil an-suim ag an Taoiseach sa Ghaeilge, agus in Acht na dTeangacha. Deir sé freisin go mbeidh tuilleadh eolais faoin Taoiseach san oíche amárach.


18.32 “Is cinnte go bhfuil tú ag déanamh i bhfad níos mó na an bheirt a chuaigh romhat,” a deir Éamon Ó Cuív le Seán Kyne.


18.24 “An bhfuil ceist agat?” a fhiafraíonn Catherine Connolly d’Éamon Ó Cuív. “D’fhéadfadh muid a bheith ag caint faoi seo ar feadh trí lá,” a deir Ó Cuív. “Níl trí lá againn…” a deir Connolly…


18.20 “An rud a bhí i gceist[le pleanáil teanga sa Ghaeltacht] ná go mbeadh plean rialtais agus pobail réitithe sa Ghaeltacht” a deir Éamon Ó Cuív. “Féadfaidh siad a bheith ag scríobh pleananna go deo,” a deir sé.


18.18 Is léir ón Straitéis gur cheart dúinn a bheith tosaithe ar an dara céim fheidhmithe den Straitéis faoin mbliain seo, ach “ní hamhlaidh atá”. Deir sé go bhfuil trua aige do Sheán Kyne mar is léir go bhfuil cúram na Gaeilge leagtha air fad is atá an Straitéis fágtha i “gcoirnéal beag in intinn an Rialtais”.


18.16 Éamon Ó Cuív (FF) ag labhairt faoin Straitéis 20 Bliain anois. Straitéis Rialtais a bhí i gceist nuair a tugadh isteach é, a deir sé, agus bhí an Taoiseach ceaptha a bheith i gceannas air.


18.09 Deir Seán Kyne go bhfuil cáipéis á hullmhú ag an Roinn, a fhoilseofar i gcaitheamh an tsamhraidh, a chuirfidh síos ar an méid atá bainte amach faoin Straitéis 20 Bliain don Ghaeilge go dtí seo.


18.06 Ní chreideann Brian Ó Domhnaill go mbaineann an titim i líon na gcainteoirí Gaeilge sa Ghaeltacht leis an eisimirce agus tá sé ag fiafraí den Aire Kyne céard atá á dhéanamh ag an Rialtas le fáil amach céard go díreach a tharla.


18.04 Ba chóir níos mó airgid a chur ar fáil do Scéim na bhFoghlaimeoirí Gaeilge, a deir Brian Ó Domhnaill.


18.02 Tá an Seanadóir Brian Ó Domhnaill ag cur ceisteanna anois. Ba mhaith leis cáipéis a fheiceáil ina leagtar amach na spriocanna a baineadh amach faoin Scéim 20 Bliain don Ghaeilge go dtí seo agus na spriocanna nár baineadh amach go fóill.


17.55 Tá Fergus O’Dowd ag iarraidh dul ar cuairt chuig na ceantair Ghaeltachta ar fad in Éirinn agus chuig áiteanna in Albain agus sa Bhreatain Bheag a labhraítear an Ghàidhlig agus an Bhreatnais iontu.


17.50 An Teachta Dála Fergus O’Dowd (FG) ag caint anois. Tá sé ag labhairt faoin scoil in Árainn a dtug baill an choiste cuairt uirthi níos luaithe an mhí seo. An féidir níos mó a dhéanamh le daoine a mhealladh chuig an oileán nó scoláireachtaí a chur ar fáil do dhaltaí an oileáin dul chuig an tríú leibhéal? Creideann sé go gcabhródh a leithéid daoine a choinneáil san oileán Gaeltachta.


17.48 Níl airgead ar fáil do bhóithre áise faoi láthair óna Roinn féin, a deir Kyne, ach má bhíonn airgead ar fáil ó áit eile, beidh sé sásta breathnú ar na féidearthachtaí an t-airgead sin a chur ar fáil do na bóithre.


17.37 Fiafraíonn Ó Muineacháin cén fáth nach raibh titim ar líon na gcainteoirí Gaeilge in 2011 más ar an eisimirce atáthar ag leagan an mhilleáin i mbliana. Deir sé gur fhág an t-uafás daoine an tír idir 2006 agus 2011 mar gheall ar an gcúlú eacnamaíochta ach nach raibh an titim chéanna le feiceáil i dtorthaí Dhaonáireamh 2011. Tá ceist curtha freisin aige faoin “gcoimhlint” idir airgead don phleanáil teanga agus airgead a chuirtear ar fáil d’infreastruchtúr na Gaeltachta.


17.35 Tá an Teachta Dála Aindrias Ó Muineacháin (FF) anois ag cur ceisteanna. Tá sé ag iarraidh “íomhá cheart iomlán” a fháil den Straitéis “mar slat tomhais”. Deir sé go raibh iontas air nuair a chuala sé faoi na torthaí daonáirimh agus gur bhraith sé i gcónaí go raibh “dul chun cinn” á dhéanamh.


17.30 “Tá níos mó ná sin [i gceist],” a mhaíonn Kyne faoin bpacáiste tacaíochta teaghlaigh a chuireann an Roinn ar fáil, agus é ag tagairt do ráiteas Pheadair Tóibín faoi ábhar na bpacáistí. Deir sé nach bhfuil sé cinnte faoin scéim a bhí ann roimhe seo scrúdú béil a chur ar ghasúir sa Ghaeltacht. Níl a fhios aige an raibh sé féaráilte brú a chur ar na gasúir, a deir sé.


17.24 Bhí sé ráite go mbeadh tréimhse dhá bhliain ann leis na pleananna a ullmhú, a deir Kyne, ach d’iarr na heagraíochtaí air síneadh ama a chur leis an sprioc sin agus bhí sé sásta an síneadh ama sin a cheadú, a deir sé.  Tá sé ag súil go mbeidh 13 plean foilsithe faoi dheireadh na bliana seo agus tá sé anois ag tagairt don airgead atá curtha ar fáil do phleanáil teanga sa Ghaeltacht.


17.23 Bhí díomá ar chuile dhuine faoi na torthaí daonáirimh, a deir Seán Kyne ach caithfear breathnú ar na “rudaí dearfacha” (líon na ndaoine óga a labhraíonn Gaeilge) agus caithfear breathnú ar na cúiseanna (daoine ag fágáil na tíre agus ag fágáil na gceantar Gaeltachta).


17.22 “An bhfuil deich nóiméad eile agam?” a fhiafraíonn Tóibín den Chathaoirleach, Catherine Connolly. Gáire mór óna bhfuil i láthair…

Ceist curtha aige faoi scéal na gCultúrlann ó thuaidh freisin.


17.21 Ceisteanna anois ag Tóibín faoin bpacáiste tacaíochta teaghlaigh. Deir sé nach leor na leabhair agus na dlúthdhioscaí a chuirtear ar fáil do dhaoine atá ag tógáil clainne le Gaeilge.


17.18 “Nach bhfuil sé fíor go bhfuil an próiseas pleanála teanga fíormhall?” a fhiafraíonn Peadar Tóibín den Aire Kyne.


17.17 Tá an Teachta Dála Peadar Tóibín (SF) anois ag cur ceisteanna. Tagraíonn sé don Daonáireamh a tháinig amach an mhí seo caite agus an laghdú ar líon na gcainteoirí laethúla sa Ghaeltacht. “Caithfidh muid a bheidh oscailte leis an bhfírinne,” a deir sé.


17.16 “Ní Straitéis 7 mbliana atá inti ach Straitéis 20 Bliain,” a deir Seán Kyne agus é ag tabhairt le fios nach bhfuil cur i bhfeidhm na Straitéise ach ina thús.


17.14 Tá Aire Stáit na Gaeltachta Seán Kyne ag cur síos ar na rudaí éagsúla a fhaigheann maoiniú ó Fhoras na Gaeilge agus Roinn na Gaeltachta agus ar an dul chun atá á dhéanamh, dar leis, maidir le cur i bhfeidhm Straitéis 20 Bliain na Gaeilge.


17.12 Tá tús curtha leis an gcruinniú. Níl cóip de ráiteas an Aire faighte go fóíll ag baill an Choiste.

Fág freagra ar 'TUAIRISC BHEO: An Straitéis 20 Bliain á plé ag an Aire Stáit Seán Kyne agus é os comhair Choiste Oireachtais na Gaeilge'