TUAIRISC BHEO: An Coimisinéir ag an gComhchoiste Oireachtais

Fáilte romhaibh go beothuairisciú Tuairisc.ie ar chruinniú an Choimisinéara Teanga Rónán Ó Domhnaill leis an gComhchoiste Oireachtais um Fhormhaoirsiú ar an tSeirbhís Phoiblí agus Achainíocha. Tosóidh imeachtaí an Chomhchoiste ag 4pm agus is féidir an scéal a leanúint anseo i dteannta Mhaitiú Uí Choimín. Fágaigí trácht ag bun na míre seo más mian libh.

29/1/2014. Sinn Fein Political Reforms

5.20 pm – Ach breis foirne a bheith aige d’fhéadfaí monatóireacht “níos leithne” a dhéanamh ar chomhlachtaí poiblí, a deir an Coimisinéir. Athrú chun feabhais ba ea é gur cuireadh deireadh leis an bplean Oifig an Choimisinéara a chónascadh le hOifig an Ombudsman, a deir an Coimisinéir Teanga, ach thug sé le fios gurbh iad na leasuithe a dhéanfaí sa deireadh ar an Acht Teanga a neosafadh cé acu an bhfuil aon rud athruithe dáiríre nó an mbeifear ag streachailt i gcónaí le “scéimeanna gan éifeacht” agus “deacrachtaí le cearta teanga a fháil”. Deireadh leis an gcruinniú.


5.15 pm – Aengus Ó Snodaigh, atá ag feidhmiú mar Chathoirleach ar an gcoiste inniu, ag ceistiú an Choimisinéara. Cad iad na tograí eile a chuirfeadh sé i gcrích dá mbeadh breis foirne aige? Fiafraíonn sé freisin, an bhfuil aon athrú ar an “meon” i leith na teanga a thug ar Sheán Ó Cuirreáin éirí as mar Choimisinéir?


5.10 pm – Trí mhóreasnamh atá ar na leasuithe atá molta don Acht Teanga mar atá, a deir an Coimisinéir Teanga. 1. Nach ndéanfaí rangnú ar chomhlachtaí poiblí de réir an méid teagmhála a bhíonn acu leis an bpobal. 2. Nach bhfuil dóthain rialacháin sa reachtaíocht a fheidhmeodh mar chrann taca na scéimeanna teanga. 3. Nach bhfuil foráil ar leith ann a chinnteodh cearta teanga phobal na Gaeltachta.


5.05 pm – 105 gearán a fuair Oifig an Choimisinéara faoi chomhlachtaí nár tháinig faoi scáth an Achta anuraidh, léiriú a deir sé ar an ngá le cur leis an liosta de chomhlachtaí poiblí a thagann faoin Acht.


5.00 pm – Deir an Seanadóir Trevor Ó Clochartaigh go bhfuil na leasuithe atá molta don Acht Teanga bunaithe ar léamh an Stáit ar an reachtaíocht teanga seachas ar na moltaí a tháinig ón bpobal féin. Ceist ardaithe ag an Seanadóir faoi scéal na maidine seo ar Tuairisc.ie faoi chinneadh an BAI faoi ghearán maidir le clár raidió inar pléadh ceist na Gaeilge.


4.50 pm – An Coimisinéir ag freagairt ceisiteanna ón Seanadaóir Trevor Ó Clochartaigh, Sinn Féin. Deir sé go mbeadh tairbhe ar leith ag baint le ‘clár poiblí’ mar nach dteastaíonn ó chomhlachtaí poiblí go mbeadh siad ainmnithe ar chlár ag Tithe an Oireachtais. Maidir le scéimeanna teanga, tá níos mó acu a aontú ná mar a bhí roimhe seo ach tá an Coimisinéir in amhras go “ginearálta” faoi éifeacht chóras na sceimeanna teanga. Tuilleadh rialacháin sa reachtaíocht féin a theastaíonn seachas bheith ag brath go hiomlán ar scéimeanna teanga, dar leis.


4.46 pm –  Dar leis an gCoimisinéir go bhfuil ról tábhachtach ag an gCoiste maidir le míniú a lorg ó chomhlachtaí poiblí ar na cúiseanna a roghnaíonn siad gan moltaí a bhíonn déanta i dtuarascáil reachtúil a chur i bhfeidhm. Deir Ó Domhnaill gur chóir liosta d’eagraíochtaí a dteipeann orthu a ndualgais teanga a chomhlíonadh a fhoilsiú ar chlár poiblí chun brú a chur orthu cloí leis an reachtaíocht. Deir sé go bhfuil gá lena leithéid de chlár poiblí le go mbeadh teacht ‘éasca’ agus ‘leanúnach’ ar eolas faoi chomhlachtaí poiblí a sháraíonn a dualgais reachtúla teanga. Deireadh le cur i láthair an Choimisinéara.


4.43 pm-  Is faoin Aire Gaeltachta nuashonrú a dhéanamh ar sceideal an Achta le cur le liosta na gcomhlachtaí poiblí a thagann faoi scáth na reachtaíocha, “gníomh nár rinneadh ach an t-aon uair amháin sa bhliain 2006”. Fáiltíonn an Coimisinéir mar sin roimh an moladh atá déanta sna go dtabharfaí comhlachtaí poiblí faoi scáth na reachtaíochta “go huathoibríoch”.


 4.40 pm – Tá, a deir an Coimisinéir, bearnaí suntasacha idir na leasuithe a mhol Oifig an Choimisinéara Teanga ar an Acht Teanga agus na leasuithe atá molta i gceannteidil an bhille leasaithe d’Acht na dTeangacha Oifigiúla a foilsíódh roinnt míonna ó shin. Baineann na bearnaí sin “go príomha leis na cearta teanga a chóir a bheith ar fáil do phobail ina bhfuil an Ghaeilge fós in uachtar iontu mar theanga labhartha laethúil”.


4.40 pm – Tá, a deir an Coimisinéir, bearnaí suntasacha idir na leasuithe a mhol Oifig an Choimisinéara Teanga ar an Acht Teanga agus na leasuithe atá molta i gceannteidil an bhille leasaithe d’Acht na dTeangacha Oifigiúla a foilsíódh roinnt míonna ó shin. Baineann na bearnaí sin “go príomha leis na cearta teanga a chóir a bheith ar fáil do phobail ina bhfuil an Ghaeilge fós in uachtar iontu mar theanga labhartha laethúil. ”Baineann cearta teanga le gach saoránach, cearta atá cosanta ní amháin i reachtaíocht ach i mBunreacht na tíre leis, a deir Ó Domhnaill. Tá sé “ríthábhachtach” go leagfaí amach san Acht leasaithe “cur chuige soiléir a fhreastalóidh ar na riachtanais a eascraíonn óna cearta sin”. Deir sé go bhfuil a chumas cosaint a dhéanamh ar chearta teanga an tsaoránaigh ag brath “ní h-amháin ar na cumhachtaí atá ar fáil dó ach freisin ar an reachtaíocht atá mar bhonn agus mar thaca do na cearta sin.” Deir sé go bhfuil sé spéisiúil gur bhain 28% de na himscrúduithe a rinneadh go dtí seo le fórálacha teanga a bhí déanta i reachtaíocht eile seachas Acht na dTeangacha Oifigiúla.Is faoin Aire Gaeltachta nuashonrú a dhéanamh ar sceideal an Achta le cur le liosta na gcomhlachtaí poiblí a thagann faoi scáth na reachtaíocha, “gníomh nár rinneadh ach an t-aon uair amháin sa bhliain 2006”. Fáiltíonn an Coimisinéir mar sin roimh an moladh atá déanta sna go dtabharfaí comhlachtaí poiblí faoi scáth na reachtaíochta “go huathoibríoch”.


4. 38 pm – Is é an tAcht Teanga an bhunchloch ar a bhfuil cearta teanga agus Oifig an Choimisinéara bunaithe, a deir Ó Domhnaill. Líon teoranta dualgais a leagtar ar gach comhlacht poiblí a thagann faoi scáth na reachtaíochta, a deir sé.  “Ní gá dom a thabhairt le fios in athuair an t-imní atá léirithe agam roimhe seo maidir le feidhmiú chóras na scéimeanna teanga,” a deir an Coimisinéir.


4.35 pm – Tugann an tAcht Teanga deis do dhaoine a gcuid cearta a éileamh gan dul i muinín na gcúirteanna, cur chuige “costasach agus anróiteach”, a deir an Coimisinéir. Maíonn an Coimisinéir go léiríonn líon na ngearán a fhaigheann a Oifig go bhfuil “muinín ag pobal na Gaeilge agus na Gaeltachta” as cumas na hoifige dul i ngleic le gearáin a bhaineann le heaspa seirbhísí trí Ghaeilge a bheith ar fáil ón státchóras.


4.30 pm – Cruinniú tosaithe.  Glacann an Coimisinéir Teanga, Rónán Ó Domhnaill buíochas leis an gComhchoiste as cuireadh a thabhairt dó teacht ina láthair. Cur síos déanta aige ar obair Oifig an Choimisinéara. Fiú leis an ardú atá tagtha ar sholáthar airgid na hOifige don bhliain 2015, tá sí fós ar cheann de na hOifigí Stáit is lú sa tír, a deir sé.


 

Fág freagra ar 'TUAIRISC BHEO: An Coimisinéir ag an gComhchoiste Oireachtais'

  • Eoin

    Féirplé daoibh as an tseirbhís seo a chur ar fáil dúinne nach féidir linn breathnú air. Ba cheart clár poiblí a bheith ann freisin chun béim a leagan ar na comhlachtaí poiblí atá ag déanamh jab maith freisin, seachas ‘náiriú’ amháin, b’fhéidir…