Tuairimí an phobail faoi fhoilsitheoireacht agus léitheoireacht na Gaeilge á lorg ag coiste Dála

Tá Comhchoiste na Gaeilge, na Gaeltachta agus Phobal Labhartha na Gaeilge i mbun plé faoi láthair maidir le cúrsaí foilsitheoireacht agus léitheoireacht na Gaeilge

Tuairimí an phobail faoi fhoilsitheoireacht agus léitheoireacht na Gaeilge á lorg ag coiste Dála

Tá Seanadóirí agus Teachtaí Dála ag iarraidh tuairimí an phobail faoi fhoilsitheoireacht agus léitheoireacht na Gaeilge do thuarascáil nua atá á hullmhú i dTeach Laighean.

Tá Comhchoiste na Gaeilge, na Gaeltachta agus Phobal Labhartha na Gaeilge i mbun plé faoi láthair maidir le cúrsaí foilsitheoireacht agus léitheoireacht na Ghaeilge agus táthar anois ag iarraidh ar dhaoine a dtuairimí agus a moltaí a leagan faoi bhráid an choiste.

Tá sraith cruinnithe á dtionól ag an gcoiste agus ionadaithe ó na foilseacháin Ghaeilge, na comhlachtaí foilseacháin, leabharlanna agus roinnt scríbhneoirí ag teacht os a gcomhair le cur i láthair a dhéanamh.

Deir an coiste go bhfuil sé mar aidhm acu fáil amach céard iad na constaicí atá roimh  lucht foilsitheoireacht agus léitheoireacht na Gaeilge agus conas gur féidir leis an Rialtas fáil réidh leis na constaicí sin agus tacú leis an earnáil fás agus forbairt.

Tá go dtí an 9 Bealtaine ag daoine le haighneacht scríofa a leagan faoi bhráid an choiste. Moltar go mbeadh na haighneachtaí i bhfoirm leictreonach agus go mbeadh siad scríofa i nGaeilge amháin, nó go dátheangach más gá.

Is féidir tuilleadh eolais faoi conas aighneacht a dhéanamh a fháil anseo.

Ag cruinniú i dTeach Laighean an tseachtain seo, rinneadh cur síos ar na dúshláin atá roimh na meáin scríofa Ghaeilge. Tugadh le fios go raibh na meáin scríofa in áit na leathphingine i gcomparáid le maoiniú na meán Gaeilge agus eagraíochtaí Gaeilge eile agus nach bhféadfaí an earnáil a fhorbairt gan acmhainní breise.

An mhí seo caite, dúirt Foras na Gaeilge gurb í ceist an mhaoinithe an dúshlán is mó a bhí le sárú.

“Ní easpa scríbhneoirí ná údair atá ar na foilsitheoirí ach easpa acmhainní,” a dúirt Regina Uí Chollatáin, Cathaoirleach Bhord Fhoras na Gaeilge, leis an gcoiste.

Fág freagra ar 'Tuairimí an phobail faoi fhoilsitheoireacht agus léitheoireacht na Gaeilge á lorg ag coiste Dála'

  • Gabriel Rosenstock

    Tá deis anois ag scríbhneoirí agus léitheoirí na Gaeilge moltaí a chur faoi bhráid an Rialtais.
    Mar shampla, d’fhéadfaí moladh a dhéanamh go gcaithfidh TG4 clár ealaíon a bheith mar chuid sheasta dá sceideal, clár a chuirfeadh leabhair Ghaeilge i láthair an phobail; d’fhéadfaí moladh a dhéanamh chun IMRAM, féile litríochta, a neartú agus seónna a léiriú ar fud na tíre agus thar lear; d’fhéadfaí moladh a dhéanamh chun iachall a chur ar Litríocht Éireann/ Literature Ireland tacú le haistriúcháin ó Ghaeilge go Béarla, i dtreo is go gcloisfí níos mó faoi scríbhneoireacht na Gaeilge, ag baile agus i gcéin:
    https://www.academia.edu/49489154/Irish_Murdoch
    Níl ansin ach trí phointe a ritheann liom féin ach dá luafaí in aighneachtaí eile iad, seans go ndéanfaí machnamh orthu.

    Táim cinnte go bhfuil go leor smaointe eile amuigh ansin. Mar shampla, arbh fhéidir leis an gComhairle Ealaíon a rá le féilte litríochta agus le hirisí litríochta go mbeadh méadú 10% ar an deontas a dháilfí orthu ach 10% dá gclár a bheith tiomanta don Ghaeilge?

  • KH

    Moladh eile:

    – Go bhfostófaí cainteoirí eiseamláireacha le saothair a léamh os ard agus raidhse closleabhar a chur ar fáil do phobal na teanga; go gcuirfí airgead ar fáil chuige sin.

  • Caitlín Mhic Amhlaigh

    Mholfainnse nach mbeadh cead an téarma ‘Irish Writers ‘ a úsáid feasta gan ‘Scríobhnóirí I nGaeilge’ a lua faoi’n mbrat céanna !
    Joseph O’Conner . Áine Ní Ghlinn, Marian Keys, Gabriel Rosenstock srl.