Tá tuairimí an phobail á lorg ag Cathaoirleach Choiste Gaeilge an Oireachtais maidir le leasuithe ar an bhille teanga ar glacadh leis ag an dara céim sa Dáil níos túisce an mhí seo.
Cé go bhfuil fáilte curtha ag Aengus Ó Snodaigh, Cathaoirleach Choiste na Gaeilge, na Gaeltachta agus Phobal Labhartha na Gaeilge agus urlabhraí Gaeilge Shinn Féin, roimh na leasuithe atá molta ag an rialtas, dúirt sé go bhfuil “géarghá” le hathruithe “suntasacha” a dhéanamh ar an reachtaíocht teanga.
“Fáiltím roimh na leasuithe atá molta ag an Rialtas ach ní théann siad fada go leor agus tá a lán eile ar gá a athrú sa bhille le go mbeadh sé foirfe agus go mbeadh buntáiste ann do lucht na Gaeilge agus na Gaeltachta.
“Táim ag lorg tuairimí ón phobal maidir leis na leasuithe atá le déanamh ar an mbille chun an Ghaeilge a chosaint agus a chur chun cinn,” a dúirt sé.
Céim an-tábhachtach é céim an choiste den bhille agus meastar go bhféadfadh na scórtha leasú a bheith á moladh an tráth sin ag polaiteoirí.
Deir an Teachta Dála Aengus Ó Snodaigh, go bhfuil sé tábhachtach go mbeadh deis ag daoine agus eagraíochtaí Gaeilge leasuithe ar an bhille a mholadh agus go bpléifí ansin iad ag cruinnithe an choiste Gaeilge sna seachtainí amach romhainn.
Ag trácht dó faoi na leasuithe atá molta ag an rialtas, dúirt Cathaoirleach Choiste Gaeilge an Oireachtais go raibh “imní” air féin faoi leasuithe áirithe.
Ina measc sin, an fhoráil sa bhille a thabharfadh údarás don aire an sprioc-am, 2030, a chur ar athlá. Baineann an fhoráil sin leis an chuspóir sa bhille teanga go mbeadh 20% d’earcaigh nua sa tseirbhís phoiblí ina gcainteoirí Gaeilge.
“Níl ciall ag baint le spriocdháta gur féidir le hAire é a athrú, agus ba chóir go mbeadh spriocanna ann i gcomhair 2040, 2050, agus spriocdháta eile chun go mbeadh seirbhísí stáit ar fáil trí mheán na Gaeilge i gceantair Ghaeltachta roimh bhliain faoi leith,” a dúirt Ó Snodaigh.
Dúirt Urlabhraí Gaeilge Shinn Féin go raibh “easnamh” sa bhille i dtaobh dréachtchaighdeáin teanga agus fadhbanna eile a bhaineann leis an choiste comhairleach atá le bunú.
“Ba chóir go mbeadh ionadaíocht ag pobal na Gaeilge, agus ag eagrais Ghaeilge agus Ghaeltachta ar an gcoiste comhairleach.
“Go fóill, níl aon fhoráil sa mBille a chuirfeadh dualgas ar an stát seirbhísí Gaeilge a chinntiú sa Ghaeltacht,” a dúirt sé.
Dúirt Cathaoirleach an Choiste Gaeilge, Gaeltachta agus Phobal Labhartha na Gaeilge gur “deis” atá sa Bhille Teanga an státchóras a chur “ar bhóthar a leasa” ó thaobh cearta teanga.
“Tá sé soiléir do phobal na Gaeilge faoin am seo nach bhfuil aon fhiúntas ag baint leis na moltaí mura bhfuil bata againn freisin chun iad a bhrú chun an leasú sin a dhéanamh.
“Tá súil agam go ndéanfaidh an rialtas cinneadh glacadh le leasuithe de chuid an fhreasúra freisin agus muid á phlé sa Choiste, ionas go mbeidh muid in ann an Bille is foirfe a achtú sa deireadh,” a dúirt urlabhraí Gaeilge Shinn Féin, Aengus Ó Snodaigh.
Táthar ag fanacht ar shoiléiriú i gcónaí faoi cé atá freagrach as an chéad chéim eile d’aistear an bhille teanga trí Thithe an Oireachtais.
Dúirt Ó Snodaigh, urlabhraí Gaeilge Shinn Féin, go mbeadh sé “tubaisteach” dá leagfaí cúram an bhille ar choiste Oireachtais eile – An Coiste Turasóireachta, Cultúir, Ealaíon, Gaeltachta, Spóirt agus Meán.
Iarrtar ar dhaoine a gcuid moltaí faoin bhille teanga a chur i ríomhphoist chuig Cathaoirleach an Choiste Gaeilge, Gaeltachta agus Phobal Labhartha na Gaeilge ag aengus.osnodaigh@oireachtas.ie.
Fág freagra ar 'Tuairimí an phobail faoi reachtaíocht teanga á lorg ag Coiste Gaeilge an Oireachtais'