Tuairimí an phobail á lorg faoi ainmneacha Gaeilge a thabhairt ar thoghcheantair an Tuaiscirt

Tá aighneachtaí á lorg ag Coimisinéir um Theorainneacha Thuaisceart Éireann faoi cibé ar cheart nó nár cheart ainmneacha oifigiúla na gceantar bardais agus na dtoghcheantar a chur i nGaeilge

Tuairimí an phobail á lorg faoi ainmneacha Gaeilge a thabhairt ar thoghcheantair an Tuaiscirt

Tá tuairimí an phobail á lorg ag an gCoimisinéir um Theorainneacha Rialtais Áitiúil ó thuaidh faoi cibé ar cheart nó nár cheart ainm oifigiúil Gaeilge a chur ar cheantair bardais agus toghcheantair an Tuaiscirt.

Mar chuid den athbhreithniú atá á dhéanamh ar an 11 ceantar ina bhfuil rialtas áitiúil ag feidhmiú sa tuaisceart, tá an Coimisinéir Sarah Havlin ag lorg aighneachtaí ón bpobal faoi ainm Gaeilge, nó ainm dátheangach, Gaeilge agus Béarla, nó ainm trítheangach, Gaeilge, Béarla agus Ultais, a bheith ar thoghcheantair agus ceantair bhardais feasta.

Tá go dtí an 21 Meán Fómhair ag daoine aighneacht a chur isteach faoin cheist mar chuid den chomhairliúchán poiblí atá á reáchtáil ag an gCoimisinéir um Theorainneacha Rialtais Áitiúil do Thuaisceart Éireann.

Cé nach bhfuil moladh faoi theanga ainmneacha na gceantar ar cheann de na moltaí atá curtha chun cinn ag an Choimisinéir ina dréacht-tuarascáil, deir sí go bhfuil “fáilte” roimh mholtaí ón phobal faoin cheist.

“Go dtí seo tá aighneacht faighte agam ag moladh go mbeadh ainm Gaeilge nó ainm dátheangach – Gaeilge agus Béarla, nó ainm trítheangach – Gaeilge, Béarla agus Ultais, ar na toghcheantair agus ar na bardais. Níl an moladh sin déanta agamsa i mo mholtaí sealadacha ach iarraim ar dhaoine tuilleadh moltaí a dhéanamh faoin gceist sin agus comhairliúchán poiblí níos leithne ar siúl faoi láthair,” a deir an Coimisinéir Sarah Halvin.

Beidh sraith éisteachtaí poiblí á reáchtáil san fhómhar don 11 ceantar áitiúil éagsúil nuair a thiocfaidh deireadh leis an chomhairliúchán poiblí.

Is féidir aighneacht a chur isteach ar líne anseo.

Fág freagra ar 'Tuairimí an phobail á lorg faoi ainmneacha Gaeilge a thabhairt ar thoghcheantair an Tuaiscirt'