TUAIRIM TUAIRISC: Deis é foilsiú figiúirí daonáirimh aghaidh a thabhairt ar an bhfírinne faoin nGaeilge

Pé acu ardú nó laghdú ar líon na gcainteoirí Gaeilge a fhógrófar inniu níor chóir aon chaint a dhéanfar faoi chás na Gaeilge i nDaonáireamh 2022 a shlogadh gan chogaint

TUAIRIM TUAIRISC: Deis é foilsiú figiúirí daonáirimh aghaidh a thabhairt ar an bhfírinne faoin nGaeilge

Is furasta a shamhlú cén cur chuige a bheadh ag duine a bheadh ag iarraidh an plána mín a chur ar thorthaí an daonáirimh i leith na Gaeilge más drochscéal eile atá ann.

Más laghdú eile ar líon na gcainteoirí laethúla atá sna figiúirí atá le foilsiú inniu, gach seans go mbainfear leas as an bpaindéim Covid-19 mar mhíniú ar an meath agus go maífear nach raibh dóthain ama fós ag an gcóras pleanála teanga cúrsaí a athrú.

Sin mórán mar a tharla sa Bhreatain Bheag.

Cuireadh an milleán ar Covid as an laghdú ar líon na gcainteoirí ansin ach má cuireadh is beag glacadh a bhí ag daoine leis.

Dúirt coimisinéir teanga na Breatnaise, mar shampla, gurbh amhlaidh nach raibh aon “dul chun cinn fiúntach” déanta in earnáil an oideachais agus go raibh sé “díchéillí” a bheith ag iarraidh an locht uile a chur ar an bpaindéim.

Ba chóir a bheith chomh hamhrasach céanna faoi aon iarracht a dhéanfaí inniu chun aon drochscéal a mhíniú.

Más dea-scéal atá romhainn agus ardú ar líon na gcainteoirí laethúla, gan dabht malairt poirt a bheidh ann. Sa chás sin, is dócha go ndéarfar go léiríonn na figiúirí go bhfuil an phleanáil teanga ag obair agus gan í i réim ach le cúpla bliain anuas.

Arís níor chóir caint mar sin a shlogadh gan chogaint.

Pé acu laghdú nó méadú a fhógrófar inniu níor mhór cuimhneamh ar an mór-chomhthéacs sochtheangeolaíoch – an ghéarchéim teanga sa Ghaeltacht.

Sí fírinne an scéil ná nach dtiocfaidh mórán feabhais ar chúrsaí nó go ngéillfear gurb ann dá leithéid de ghéarchéim agus gur gá gníomhú dá réir.

Ina áit sin, is é an seachrán atá fós ar an gcomhartha sóirt is mó ar pholasaí teanga an Stáit.

Is í an sprioc oifigiúil atá sa Straitéis 20 Bliain don Ghaeilge i gcónaí ná go mbeadh 250,000 cainteoir laethúil Gaeilge lasmuigh den chóras oideachais faoin mbliain 2030.

Ardú timpeall 250% a bheadh ansin as seo go ceann seacht mbliana go leith.

Deis atá i bhfoilsiú na bhfigiúirí daonáirimh is déanaí inniu deireadh a chur le cur i gcéill mar sin, aghaidh a thabhairt ar an bhfírinne agus polasaí teanga níos macánta agus níos radacaí a thabhairt isteach.

Fág freagra ar 'TUAIRIM TUAIRISC: Deis é foilsiú figiúirí daonáirimh aghaidh a thabhairt ar an bhfírinne faoin nGaeilge'