TUAIRIM TUAIRISC : Ardú croí agus meanman do phobal na Gaeilge é éacht stairiúil ‘An Cailín Ciúin’

D’éirigh leis ‘An Cailín Ciúin’ an teanga a chur i lár an aonaigh ar shlí, b’fhéidir, nár éirigh le haon saothar eile sa teanga riamh

TUAIRIM TUAIRISC : Ardú croí agus meanman do phobal na Gaeilge é éacht stairiúil ‘An Cailín Ciúin’

Dá dtosófaí arís ar theagasc ‘Stair na Gaeilge’ i scoileanna na tíre is cinnte go gcaithfí slí a dhéanamh do An Cailín Ciúin agus na scannáin Ghaeilge taobh leis an bhFiannaíocht, na lámhscríbhinní, filíocht na mbard agus mórfhilí an 20ú haois.

Tá gaisce i ndiaidh gaisce déanta ag scannán fíorálainn Choilm Bairéad le bliain anuas, ach ba é fógra an lae inné go raibh ainmniúchán Oscar faighte ag An Cailín Ciúin a chuir an dlaoi mhullaigh ar an scéal.

Lá dár saol a bhí ann gan aon agó, agus níl aon dabht ach gur údar mór mórtais do phobal na Gaeilge éacht stairiúil An Cailín Ciúin.

D’éirigh leis an scannán seo an teanga a chur i lár an aonaigh ar shlí, b’fhéidir, nár éirigh le haon saothar eile sa teanga.

Níos fearr fós d’éirigh leis an méid sin a dhéanamh mar gur píosa ealaíne den scoth atá ann.

Beidh léamh ar leith ag pobal na Gaeilge ar ghnéithe áirithe den scannán – an t-aon Bhéarlóir sa scéal a bheith ag bagairt ón imeall, mar shampla – ach scéal uilíoch atá in An Cailín Ciúin.

D’éirigh leis an scannán na léirmheastóirí, lucht na ngradam agus daoine ar fud an domhain a chur faoi gheasa mar gur scannán beag draíochta atá ann a bhfuil ardchaighdeán ag baint le gach aon chuid de.

Ní tógtha ar lucht mionteanga go dtéann siad i muinín na háibhéile uaireanta agus a gcuid féin á cosaint nó á cur chun cinn acu.

Maítear rómhinic go bhfuil an saothar Gaeilge seo nó siúd inchurtha le haon rud atá ann i mBéarla ná in aon teanga eile, nó maítear dá mba i mBéarla a bheadh an saothar Gaeilge seo nó siúd go mbeadh an saol is a mháthair ag caint faoi.

I gcás An Cailín Ciúin, ní hamháin go bhfuil sé inchurtha leis na scannáin atá á ndéanamh i dteangacha eile, ach tá sé i bhfad níos fearr ná a bhformhór mór.

Léiríonn An Cailín Ciúin cad is féidir a bhaint amach i mionteanga nuair a dhírítear go neamhleithscéalach ar chaighdeán an tsaothair seachas leathshúil a bheith i gcónaí ar mhianta mhargadh na mórtheanga.

Míorúilt bheag de scannán é ‘An Cailín Ciúin’

Ba mhór an t-údar mórtais dúinn chomh maith an uaisleacht, an tuiscint agus an dínit shéimh a léirigh lucht déanta An Cailín Ciúin agus poiblíocht á saothrú acu dá seoid de scannán ar fud an domhain.

Ardú croí agus meanman a bhí ann a bheith ag éisteacht le Colm Bairéad agus an léiritheoir, Cleona Ní Chrualaoi, ag trácht ar thábhacht na Gaeilge agus iad ar a n-aistear diamhair go dtí Oscair na bliana 2023.

Tá moladh mór tuillte chomh maith ag TG4 agus lucht bunaithe na scéime Cine4 ónar eascair An Cailín Ciúin. Dála na smaointe is fearr go léir, díol iontais ab ea é nár chuimhnigh aon duine go dtí sin air.

Tá Cine4 ag soláthar scoth na scannán Gaeilge ó bunaíodh é agus is deacair a shamhlú anois nach bhfuil ach sé bliana ann ó cuireadh scannán i Spáinnis chun cinn mar iarrthóir na hÉireann ar ainmniúchán don Oscar don scannán idirnáisiúnta is fearr.

Tá moladh ar leith tuillte leis ag ceannasaí TG4 Alan Esslemont as an mbaint mhór a bhí aige le bunú na scéime a d’fhág go mbeidh scannán beag Gaeilge ag triall ar amharclann Dolby in Hollywood ar an 13 Márta.

Ag Alan Esslemont a bhí an tuar dána go bhféadfadh scannán Gaeilge de chuid Cine 4 duais Oscar a bhuachan lá éigin.

Féadaimis a bheith ag brionglóidí anois go gcruthóidh scannán Choilm Bairéad go raibh an ceart aige agus go mbainfidh An Cailín Ciúin deor eile asainn na mhí seo chugainn.

Fág freagra ar 'TUAIRIM TUAIRISC : Ardú croí agus meanman do phobal na Gaeilge é éacht stairiúil ‘An Cailín Ciúin’'

  • Áine Nic Niallais

    Comhghairdeas ó chroí le hachan duine a bhí páirteach i gcruthú an scannáin ghalánta seo – tá ár gcroí ardaithe go hard na spéire le bród agaibh!

  • Niall Gòrdan (Niall na Naoi bPionta)

    Ní ciúin atá Gaeil na hÉireann faoin scannán seo…. 7 nach maith a thuill siad é sin! Mo cheol sibh thall ;-)