TUAIRIM TUAIRISC – 100 lá de chogadh barbartha Putin

Tá 100 lá ann ó chuir an Rúis tús le cogadh gan chiall faoi bhagairt nárbh ann di

TUAIRIM TUAIRISC – 100 lá de chogadh barbartha Putin

100 lá ó shin, ar an 24 Feabhra, a d’fhógair Vladimir Putin go raibh tús curtha ag an Rúis le ‘gníomh míleata speisialta’ chun ‘dímhíleatú agus dínaitsiú’ a dhéanamh ar an Úcráin.

Ba leithscéal gránna áiféiseach é tús a chur le cogadh mímhorálta brúidiúil gan chúis gan ábhar.

Ach bhí dul amú ar Putin má cheap sé gur beag cur ina choinne a bheadh ann agus go ngéillfeadh an Úcráin go bog dó. Sa mhéid sin ar a laghad, ní raibh Putin leis féin – bhain misneach, diongbháilteacht agus spiorad na nÚcránach siar as mórán.

Bhí sé ceart agus cuí seasamh leo in aghaidh ionradh na Rúise. Ní bheadh in aon ní eile ach seachmall morálta agus milleánú an íobartaigh.

Ní raibh teorainn leis na huafáis le 100 lá anuas. 100 lá inar maraíodh na mílte, na céadta páiste ina measc. 100 lá inar ionsaíodh árasáin, ospidéil agus scoileanna. 100 lá a d’fhág na milliúin gan aon rogha acu ach teitheadh ón mbaile. Teifeach é duine de gach seisear Úcránach anois.

Cuimhneofar ar Putin mar bhúistéir ar theip go tubaisteach ar a straitéis mhíleata ach a lean air ag marú agus ag réabadh chun a thuilleadh náire a sheachaint.

Mar a dúirt Uachtarán Stáit Aontaithe Mheiriceá, Joe Biden, an tseachtain seo, ní hé doicheall na hÚcráine roimh an taidhleoireacht is cúis leis na cainteanna síochána a bheith ina stad ach rún na Rúise a oiread den Úcráin agus is féidir a ghabháil, beag beann ar an bhfulaingt.

Dúirt Volodymyr Zelensky, Uachtarán na hÚcráine, inné go raibh 20% de thailte a thíre anois faoi smacht na Rúise. Más go mall féin é, tá dul chun cinn á dhéanamh ag an Rúis in Donbas, an ceantar san oirthear a bhfuil siad ag díriú air ó ghéilleadar nach raibh aon ní cóir i ndán dá n-ionsaí ar Kyiv.

Ceannaire inspioráideach ag muintir na hÚcráine é Zelensky ar léir a éifeachtaí is atá a reitric faoi throid go héag. Ní chuireann sé aon fhiacail ann agus é ag cur síos ar ainghníomhartha na Rúise nó ag éileamh cabhrach chun a thír a chosaint.

Ach ní foláir go dtuigeann sé go maith leis gur faoin Úcráin féin a bheidh sé ar deireadh thiar na cinntí crua a dhéanamh faoin méid atáthar sásta a ghéilleadh ar son na síochána.

An rud is measa faoi láthair ná nach léir cathain nó conas a chuirfear deireadh leis an gcogadh.

Ní léir uaireanta ach oiread cad iad aidhmeanna fadtéarmacha thíortha an iarthair ina thaobh, údar imní nuair a chuimhníonn tú gur sárchumhacht núicléach a bhfuil uathlathaí taghdach i bhfeighil uirthi atá i mbun an tsléachta.

Dúirt an tUachtarán Biden an tseachtain seo chomh maith gurb é mian Stáit Aontaithe Mheiriceá cabhrú leis an Úcráin chun go mbeadh ar chumas a cuid ceannairí seasamh láidir a ghlacadh nuair a bheifear i mbun idirbheartaíochta amach anseo.

Agus má shuitear chun boird do chainteanna síochána dáiríre, dá chumhachtaí is a bheidh an Úcráin an uair sin is ea is fearr é.

Ní raibh aon fhonn ar Stáit Aontaithe Mheiriceá, a dúirt Biden, fad a chur leis an gcogadh ar mhaithe le dochar a dhéanamh don Rúis.

B’in soiléiriú de shaghas, ach beidh go leor ceisteanna eile le freagairt. An mbeifí sásta, mar shampla, Vladimir Putin a chur ar a thriail mar choirpeach cogaidh, gníomh a mbeadh go leor fianaise ann chun tacú leis?

Ar ndóigh, is furasta ag daoine i dtíortha eile a bheith ag seanmóireacht faoin scéal, ach is iad muintir na hÚcráine atá ag fáil bháis nó ar a dteitheadh óna a dtír atá scriosta.

Ar an dtaobh eile den scéal, ar bhealaí éagsúla, tá an cogadh caillte cheana ag Putin. Tá a arm lagaithe agus in ísle brí agus tá tíortha an iarthair níos aontaithe ina choinne ná mar a bhí riamh roimhe seo. Tá coir déanta den easaontú ag baile agus é á bhrú faoi chois aige le cinsireacht, bolscaireacht agus bréaga, ach ní féidir talamh slán a dhéanamh de go n-oibreoidh na seifteanna sin go deo.

Maidir leis an namhaid mór NATO, de thoradh an ionraidh tá iarratas déanta ag an tSualainn agus ag an bhFionlainn ar bhallraíocht sa chomhghuaillíocht chosanta.

Timpeall 10 mbliana ó shin thug 85% de mhuintir na hÚcráine le fios go raibh dearcadh fabhrach acu i leith na Rúise.

Is leor a rá go mbeadh toradh an-difriúil ar shuirbhé dá leithéid inniu.

Tá 100 lá ann ó chuir an Rúis tús le cogadh gan chiall faoi bhagairt nárbh ann di. Bímis ag súil go dtiocfaidh deireadh leis a luaithe agus is féidir agus go dtabharfar chun dlí iad siúd a bhí freagrach as na hainghníomhartha a rinneadh in áiteanna amhail Bucha, Irprin, agus Borodyanka.

Fág freagra ar 'TUAIRIM TUAIRISC – 100 lá de chogadh barbartha Putin'

  • Concubhar

    Is maith an ráiteas seo agus ba cheart go mbeadh eagarfhocal ag Tuairisc níos minicí.
    Ar ndóigh tá bolscaireacht Phutineach níos giorra don mbaile ná an Rúis. Ach is léir ón ráiteas seo nach seasann Tuairisc le tuairimí an cholúnaí, Eoin Ó Murchú, ar an ábhar seo ar a laghad. Is maith ann an soiléiriú sin.
    Chun an fhírinne a ínsint, ní thaithníonn an íomhá ar bharr an ailt liom. Cuireann an ‘R’ droim ar ais an aibitir Rúiseach i gcuimhne dhom. Ní thagann sin leis an alt. Sin tuairim pearsanta. Ní mar sin a chuirfinn an eagarfhocal i láthair agus cheapfainn go mbeadh gá le cur chuige éagsúil le h-aghaidh eagarfhocail amach anseo. Tá súil agam go mbeidh a leithéid ann arís agus go ríalta mar, i mo thuairim, tá gá le eagarfhocail in aon fhoilseachán.

  • Antóin

    Ba cheart go mbeadh eagarfhocal ag Tuairisc.ie níos minice. Tagaim le Concubhar sa mhéid sin.

    Maram go bhfuil mearbhall i mo cheann áfach théis dom an t-eagarfhocal seo a léamh. Is ait liom nach bhfuil aon iarracht déanta anailís a dhéanamh ar an gcogadh. Cheapfá gur dhúisigh Putin maidin earraigh, dúirt leis féin go raibh an lá dul chun síneadh agus gur am comhraic a bhí ann.

    ‘Cogadh gan chiall faoi bhagairt nárbh ann di’ dar le Tuairisc. Gan aon iarracht anseo údar na coimhlinte a thuiscint. Gan aon trácht ar an chogadh a bhí in Donbas agus Luhansk agus an dith a d’fhulaing na daoine ansin. Gan aon trácht ar shlándáil na Rúise i bhfianaise iarrachtaí NATO leathnú amach i dtreo na Rúise. Gan aon trácht ar fhadhb na Naitsithe san Úcráin ach an oiread. Bagairt a bhí iontu sin uilig i súile Putin

    Luaitear arís anseo na hainghníomhartha a rinneadh in áiteanna amhail Bucha, Irprin, agus Borodyanka. Má tharla siad ba cheart iad a cháineadh agus má tharla siad ar thaobh amháin bí geall gur tharla siad ar an taobh eile mar tá gach cogadh bruidiúil urghránna. Maidir leis an ainghníomh a dúradh a tharla in Bucha is iontach liom nár luaigh Méara Bucha é sin in agallamh a rinne se ar 1 Aibreán inar mhol sé forsaí na hÚcráine as an mbaile a shaoradh ó na Rúisigh a d’fhág dar leis roimh 31 Márta. Shéan an Rúis gur tharla a leithéid agus nuair a d’iarr sí séisiún éigeandála Chomhairle Slándala na Náisiún Aontaithe chun an scéal a phlé diúltaíodh di. Mar an gcéanna leis an ionsaí a dúradh a rinneadh ar Mosque in Mariupol mar a raibh suas le céad bean is páiste. Níor tharla sé.

    Is fuirist búistéir agus coirpeach cogaidh a thabhairt ar Putin ach déanfaidh Putin leas na Rúise díreach díreach mar a dhéanfaidh Biden leas Mheiriceá.

    Maidir leis an ‘R’ droim ar ais tá sé sin in aibitir na hÚcráine freisin!