Trump na Bréige Móire ceann feadhna na bPoblachtach i gcónaí

Mar thoradh ar an tacaíocht leanúnach atá ag Donald Trump i measc na cosmhuintire ní féidir le lucht ceannais a pháirtí droim láimhe a thabhairt leis

Trump na Bréige Móire ceann feadhna na bPoblachtach i gcónaí

Is gnáth le hiarrthóirí nach n-éiríonn leo  i dtoghchán uachtaránachta sna Stát Aontaithe filleadh ar an Seanad nó pé cúram a bhí orthu sular reáchtáladh an toghchán go dtí an chéad toghchán eile. Sin má tá i gceist acu a n-ainm a chur chun cinn arís.

Fearacht chuile bheart eile atá déanta aige ó chaill sé an toghchán taca an ama seo anuraidh ní hamhlaidh an cás do Donald Trump. Tá sé ag taisteal na tíre, ag reáchtáil slógaí ag a bhfuil sé ag maíomh go ndearnadh feall air. ‘The big lie’ atá baiste ag codanna áirithe de na meáin sna Stáit Aontaithe ar an méid atá á mhaíomh aige ach tá na milliúin i measc lucht leanúna na bPoblachtach a chreideann go ndearnadh caimiléireacht go leor le linn na vótála faoi Shamhain anuraidh a cheil an Teach Bán air.

Rinneadh géarcháineadh ar an Wall Street Journal an tseachtain seo as litir ón iarUachtarán a fhoilsiú. Sa litir mhaígh Trump go ndearnadh caimiléireacht i gcomhaireamh vótaí in Pennsylvania agus bhí sé ag éileamh iniúchadh iomlán ar thoradh an toghcháin sa Stát sin anuraidh. Chuir sé alltacht ar go leor go mbeadh nuachtán den stádas atá ag an Wall Street Journal sásta a leithéid a dhéanamh ach léiríonn sé arís eile an tionchar atá ag Trump ar an tír.

Mar thoradh ar an tacaíocht leanúnach atá ag Trump i measc na cosmhuintire ní féidir le ceannasaithe an pháirtí droim láimhe a thabhairt leis, go poiblí ar aon nós. Ciallaíonn sé sin gurb é Trump ceann feadhna na bPoblachtach i gcónaí agus go bhfeicfidh muid a thionchar sin ar an bpáirtí sna seachtainí seo romhainn.

Is fáinne fí síoraí seasta í polaitíocht na Stát Aontaithe – tá sé bliain ó toghadh Biden agus beidh toghcháin lár téarma ar siúl bliain ón am seo.

Tá toghcháin á reáchtáil an tseachtain seo chugainn a thabharfaidh breithiúnas dúinn ar meon an phobail i leith na polaitíochta sna Stáit Aontaithe agus ar uachtaránacht Joe Biden. Ghnóthaigh Joe Biden toghchán na huachtaránachta le 10 bpointe anuraidh. Sa toghchán don ghobharnóir a reáchtálfar an Mháirt seo chugainn tá an t-iarrthóir Daonlathach Terry McAuliffe gob ar ghob le hiarrthóir na bPoblachtach, an fear gnó Glenn Youngkin. Go deimhin tá suntas tugtha dó i rith an fheachtais gur beag caint atá déanta faoin Uachtarán nua-thofa agus an stocaireacht ar bun.

Toghfar comharba Bill de Blasio an tseachtain seo chugainn freisin.  Is iad an Daonlathach Eric Adams agus an Poblachtach Curtis Sliwa na hiarrthóirí do cheann do na hoifigí is cumhachtaí sna Stáit Aontaithe. Cé go dtuigeann na tráchtairí go bhfuil an pholaitíocht logánta coinneofar súil ar vóta na bpáirtithe. Níl amhras ach gur ag an Daonlathach a bheidh an bua ach léargas eile a bheidh ann ar mheon na ndaoine tar éis bliana de ré Biden agus útamáil go leor ag iarraidh reachtaíocht a rith.

Beidh Joe Biden ag freastal ar chomhdháil Cop26 an deireadh seachtaine seo i nGlaschú agus buíoch go maith  a bheidh cuid dá lucht leanúna. Ainneoin a raibh á gheallúint an t-am seo anuraidh agus an cur síos ar Mheiriceá nua, tá an port céanna casta chuile lá ó shin agus ní léir go bhfuil an Trumpach ceansaithe go fóill.

Fág freagra ar 'Trump na Bréige Móire ceann feadhna na bPoblachtach i gcónaí'

  • Pádraig O'hEipicín

    Tá Trump go Mhór ar son na Beatha.
    Tá Biden go mhór ar son an Ghinmhilleadh.
    Cé acú is fearr.