Troy fágtha gan aon chosaint sa deireadh agus críoch thobann le séasúr na seafóide 

Moladh a thuill an bheirt cheannairí rialtais i mBéal na Blá, ach ar an drochuair dóibhsean bhí scéal eile a raibh níos mó suime ag iriseoirí ann

Troy fágtha gan aon chosaint sa deireadh agus críoch thobann le séasúr na seafóide 

Tagann scéal chun cinn chuile shamhradh a mbaineann na meáin fad agus leithead as. Cé go bhfuil an Dáil scortha agus go leor leor daoine (polaiteoirí san áireamh) ar saoire, bíonn cláracha le líonadh agus colúin le scríobh. Caithfear rud éigin a aimsiú a mheallfaidh éisteoirí agus léitheoirí.

In alt a scríobh sé le gairid rinne an t-iarAire Gnóthaí Eachtracha Dermot Ahern cur síos ar an bplean a bhíodh ag Bertie Ahern le linn dó bheith ina Thaoiseach. Thugadh sé treoir do chomhairleoirí caidreamh poiblí an pháirtí beart scéalta a chruinniú a d’eiseofaí de réir a chéile le linn na seachtainí a mbíonn scéalta gann. 

Chinntigh sin, dar leis, go mbeadh, dea-scéalta faoin rialtas ag teacht amach go rialta agus níos tábhachtaí ná sin nach mbeadh an oiread fonn tochailte ar iriseoirí mar go mbeadh na scéalta á gcur ar fáil dóibh.

Chaithfeadh go raibh Micheál Martin ag súil an tseachtain seo go mbeadh dea-chuma air féin agus an rialtas tar éis ghaisce staire an Domhnaigh seo caite i mBéal na Blá. É féin agus an Tánaiste ar an láthair chéanna le chéile ag moladh a chéile. 

Rinne siad trácht ar shuáilcí an rialtais reatha, labhair siad faoin athmhuintearas atá tarlaithe sa tír agus, gan iad a lua, thug siad ropadh do Shinn Féin as a bheith ag cur na staire as a riocht. Cuireadh fainic orainn ar fad gan a bheith meallta ag Sinn Féin agus a gcuid mianta.

Ar an drochuair don bheirt cheannairí rialtais bhí scéal eile a raibh níos mó suime ag iriseoirí agus ag an bpobal ann. An ‘botún daonna’, mar a thug sé féin air, a rinne Robert Troy nár chomhlíon a chuid dualgas i dtaobh clár leasanna chomhaltaí an Oireachtais. Tá a leithscéal gafa aige cúpla uair, é ag maíomh go bhfuil náire air go raibh sé chomh siléigeach. 

In ainneoin a chomhghleacaithe i bhFianna Fáil agus Fine Gael a bheith ag tacú leis, ba léir nuair a dúirt ceannaire na nGlasach Eamon Ryan go raibh soiléiriú breise á lorg aige faoin scéal go raibh go leor ag cur na ceiste – cén fáth nach bhfuil fonn ar an Taoiseach ná ar an Tánaiste brú a chur air?

Ní hionann a chás agus cás Barry Cowen agus Dara Calleary, beirt eile a chaill a bpostanna mar gheall ar chonspóidí éagsúla, a dúirt an Taoiseach. 

Tá leithscéal gafa aige, arsa Leo Varadkar.

Ach sháraigh Troy rialacha an Oireachtais nuair nár dhearbhaigh sé a leas mar ba chóir i dtaca lena chuid réadmhaoine. Sháraigh sé na rialacha, bíodh sin in aon turas nó de thimpiste. Bhain sé úsáid as ardán na Dála le scéimeanna do thiarnaí talún a cheistiú. Agus chuaigh sé i bhfolach ar feadh tamall laethanta le go bhféadfadh sé freagraí na gceisteanna a bhí á gcur a réiteach.

Chuir sé an chuid is measa de pholaitíocht na hÉireann ar a súile dúinn in athuair. Doicheall nó teip maidir le cloí le rialacha, doicheall roimh cheisteanna a fhreagairt agus éirí as le ráiteas neamhleithscéalach. 

Cothaíonn an scéal ar fad easpa muiníne i rialtas a bheidh faoi bhrú as seo go ceann roinnt seachtainí ag cainteanna Buiséid. Tá deireadh an-tobann tagtha le séasúr na seafóide i mbliana.

Fág freagra ar 'Troy fágtha gan aon chosaint sa deireadh agus críoch thobann le séasúr na seafóide '