Troid na mba maol tosaithe agus ‘eitleoga’ an fhómhair á seoladh cheana

Ní maith le Fianna Fáil go bhfuil an chéad bhuille buailte orthu an babhta seo i gcath bolscaireachta an bhuiséid

Troid na mba maol tosaithe agus ‘eitleoga’ an fhómhair á seoladh cheana

Teannas dáiríre nó troid na mba maol? Tá go leor dá dhéanamh i measc tráchtairí an tseachtain seo d’Fhine Gael agus Fianna Fáil a bheith in adharca a chéile faoi chúrsaí buiséid agus an bealach le tabhairt faoi chainteanna roimh ré.

Ní mó ná sásta a bhí an Tánaiste le triúr airí stáit de chuid Fhine Gael a scríobh alt san Independent ag leagan amach an méid a theastaigh uathu féin a fheiceáil sa gcáinaisnéis i mí Deireadh Fómhair.

Níl raibh sé i gceist acu cur isteach ar aon duine, a dúirt an tAire Fiontair Simon Coveney. Ag cur síos ar pholasaí Fhine Gael a n-aontaím féin leis a bhí siad, a dúirt sé. Go deimhin tá sá ráite go soiléir ag an Taoiseach go gcreideann sé féin gur cheart go mbeadh ciorruithe cánach sa cháinaisnéis ag Michael McGrath.

Sin cuid den deacracht anseo atá ag cothú an teannais, sin más teannas dáiríre é agus nach ceann de chéad eitleoga an fhómhair atá i gceist. Is é Michael McGrath an tAire Airgeadais agus deir seisean nach gcuirfear faoi ndeara dó aon pholasaí a chur i bhfeidhm nach n-aontaíonn sé féin leis. Seo an chéad uair ó 2011 nach mbeidh greim ag Fine Gael ar eochracha na Roinne Airgeadais nuair a bheidh na cainteanna as a dtiocfaidh an cháinaisnéis dá reáchtáil.

Teastaíonn ó Fhianna Fáil, go háirithe agus muid i bhfoisceacht bliana nó ocht mí dhéag d’olltoghchán, a bheith in ann a rá go mbaineann aon dea-scéalta a bheidh ann leo féin. Arduithe pinsin agus liúntais leasa shóisialaigh na heitleoga atá seolta acusan amach sna spéartha.

Ná déanadh muid dearmad go bhfuil an Comhaontas Glas fós sa rialtas freisin agus beidh siad féin ag iarraidh a bheith ag maíomh ach a bhfógraíonn Michael McGrath an cháinaisnéis. Cén bhrí agus chomh maith agus atá an scéal! Tá caint ann go mbeidh idir €60 agus €65 milliún d’fharasbarr sa Státchiste as seo go ceann roinnt blianta.

Deir an tAire McGrath go dteastaíonn uaidh ciste a bhunú do lá na coise tinne agus do na laethanta nach mbeidh dóthain den daonra ag saothrú le híoc as pinsean na ndaoine a bheidh ag éirí as.

Beartais chiallmhara don té atá ag breathnú ar an mbaol a bhaineann leis an gciste a bheith bunaithe ar ioncam o cháin chorparáide ag tráth go bhfuil an ghéarchéim in ollchomhlachtaí teicneolaíochta ag dul in olcas. Beartais, mar sin féin, nach bhfuil rótharraingteach do na polaiteoirí a bheidh ag tabhairt faoi fheachtas olltoghcháin i bhfómhar na bliana seo chugainn, b’fhéidir.

Ní maith le Fianna Fáil go bhfuil an chéad bhuille buailte orthu an babhta seo. Shíl siad agus an Roinn Airgeadais faoina scáth go mbeadh na dea-scéalta fágtha fúthu le roinnt. An bhfuil teannas dáiríre idir na páirtithe – dá laghad dá bhfuil ann déanfar go leor de sna seachtainí seo romhainn. Ná déanadh muid dearmad go scorfar an Dáil i lár mhí Iúil agus go mbeidh séasúr na seafóide faoi lán seoil ar feadh míosa nó dhó le cnoic a dhéanamh de tholláin go leor.

Fág freagra ar 'Troid na mba maol tosaithe agus ‘eitleoga’ an fhómhair á seoladh cheana'