‘Troid mhór fhada’ déanta ag fear Gaeltachta agus a bhean le teacht ar an bhfírinne faoi bhás a linbh san ospidéal

Socraíodh inniu cás Ard-Chúirte faoi leanbh a bhí 42 uair agus 27 nóiméad d’aois nuair a bhásaigh sí in Ospidéal an Choim

‘Troid mhór fhada’ déanta ag fear Gaeltachta agus a bhean le teacht ar an bhfírinne faoi bhás a linbh san ospidéal

Deir fear Gaeltachta go raibh air féin agus a bhean troid mhór fhada a chur suas chun an fhírinne a fháil amach ó lucht leighis faoi bhás a linbh tar éis dhá lá ar an saol.

Dúirt Cóilín Ó Scolaí, arb as na hAille in Indreabhán i gCois Fharraige dó,  gur feall ar iontaoibh a bhí sa tslí ar caitheadh leis féin agus Irene Kavanagh i ndiaidh bhás a linbh Laoise Kavanagh Ní Scolaí in Ospidéal an Choim i mí Eanáir 2015.

Dúirt sé go raibh crá croí mór ag baint leis an tslí ar deineadh iarracht an fhírinne a cheilt faoin gcás inar bhásaigh a leanbh nuair a polladh a croí trí thimpiste.

Socraíodh inniu cás Ard-Chúirte faoi leanbh a bhí 42 uair agus 27 nóiméad d’aois nuair a bhásaigh sí.

Rinne Ospidéal an Choim dliteanas a admháil i dtaobh na heachtra.

Bhásaigh Laoise Ní Scolaí nuair a polladh a croí agus iarracht á déanamh ag dochtúir draein a chur ina cliabhrach.

Rugadh Laoise agus a leathchúpla Cuán go hanabaí, tar éis 28 seachtain, ar an  22  Eanáir 2015.

Dhá lá ina dhiaidh sin dúradh lena dtuismitheoirí go raibh scamhóg shleabhctha ag an mbeirt leanbh agus go raibh gá le gnáthamh leighis ina gcaithfí draein chliabhraigh a úsáid.

Dúradh sa chúirt gur tháinig sé chun solais ag an ionchoisne in 2017 nár thuig an dochtúir a rinne an gnáthamh leighis na prótacail a bhain lena leithéid a dhéanamh i gcás linbh chomh beag le Laoise, nach raibh ach dhá phunt meáchain.

Chuir an dochtúir an tsnáthaid isteach rófhada agus bhásaigh an leanbh an lá sin.

Dúirt Cóilín Ó Scolaí go gcaithfí cúrsaí a athrú chun nach dtarlódh an méid a tharla dósan agus dá bhean d’aon chlann eile.

“Nuair a pholl siad a croí bhris siad ár gcroí. Bhí an cailín beag a rabhamar ag súil lena teacht chomh fada sin agus a raibh oiread sin grá againn di marbh.”Dúirt Cóilín Ó Scolaí gur insíodh bréaga dóibh ar feadh blianta i ndiaidh bhás Laoise.

Nuair a rugadh a gcúpla dúradh leo gurbh í Laoise an leanbh ba láidre den bheirt ach dúradh a mhalairt leo nuair a bhásaigh sí.

“I mo thuairimse bhí aird acu ar Laoise go dtí an nóiméad a bhfuair sí bás agus ina dhiaidh ba mhó spéis a bhí acu i ndea-cháil ospidéal an Choim.”

Dúirt sé go ndearnadh iarracht an méid a tharla do Laoise a chur as a riocht.

“Ghoill sé go háirithe orainn an bealach a ndearnadh iarracht athscríobh a dhéanamh ar shaol gearr 42 uair agus 27 nóiméad Laoise. Gníomh cruálach agus do-mhaite a bhí ansin.”

 

Fág freagra ar '‘Troid mhór fhada’ déanta ag fear Gaeltachta agus a bhean le teacht ar an bhfírinne faoi bhás a linbh san ospidéal'