Beidh ceathrar dornálaithe Gaeltachta san iomaíocht i gCraobhchomórtas Náisiúnta Dornálaíochta Scothaicme IABA na hÉireann i mBaile Átha Cliath amárach.
Beidh Christina Desmond, Tomás Ó Tuathail, Antoine Ó Gríofa agus Ciara Ginty uile ag súil go n-éireoidh leo sna babhtaí ceannais sa Staid Náisiúnta.
Tá an troid idir Christina Desmond agus Gráinne Walsh (10.07pm) ar cheann de na troideanna is mó a mbeidh faire orthu. Sa rannóg 69kg atá an bheirt bhan san iomaíocht.
Bhuaigh bean Chill na Martra ar Walsh nuair a chas siad ar a chéile sa gcomórtas céanna mí Feabhra agus tá Desmond agus Walsh araon san iomaíocht lena chéile ar son áit a bhaint amach ag na Cluichí Oilimpeacha i dTóiceo an bhliain seo chugainn.
Tá duine eile de dhornálaithe na Gaeltachta ag iarraidh an chraobh seo a bhuachan den dara huair as a chéile. Sin é fear Leitir Mealláin, Tomás Ó Tuathail.
Bhuaigh Ó Tuathail ar Tommy Hyde sa rannóg 81kg níos luaithe i mbliana agus tabharfaidh sé aghaidh anois ar Emmett Brennan sa mbabhta ceannais (8.13pm).
Beidh fear eile as Ceantar na nOileán i gConamara, Antoine Ó Gríofa, ag troid sa mbabhta ceannais den rannóg 91+kg (10.45pm). Is i gcoinne Kenneth Okungbowa a bheidh an Gríofach.

Níos luaithe sa tráthnóna, tabharfaidh Ciara Ginty as Club Dornálaíochta Ghaoth Sáile aghaidh ar Evelyn Igharo sa rannóg 64kg (6.40pm).
I measc na ndornálaithe mór le rá eile a bheidh san iomaíocht, tá John Joe Nevin, Michaela Walsh agus a leithéidí.
Beidh gach troid le feiceáil ar leathanach YouTube Spórt TG4 agus cuirfidh an stáisiún tús leis an gcraoladh teilifíse ag 7.30pm. Is é Micheál Ó Domhnaill a chuirfidh an clár i láthair agus déanfaidh Kellie Harrington, Jason Quigley, Kenneth Egan, Darren O’Neill agus Seán Bán Breathnach anailís agus tráchtaireacht.
Fág freagra ar 'Trodaithe Gaeltachta san iomaíocht sa Chraobhchomórtas Náisiúnta'