Triúr oifigeach de chuid na Roinne Gaeltachta sna Forbacha a rinne an cinneadh faoi sheirbhís farantóireachta Thoraí

Teastas sábháilteachta bronnta ag Oifig an tSuirbhéara Muirí ar an ‘Queen of Aran’, an bád atá le dul i mbun seirbhíse farantóireachta chuig Oileán Thoraí Dé Domhnaigh

Triúr oifigeach de chuid na Roinne Gaeltachta sna Forbacha a rinne an cinneadh faoi sheirbhís farantóireachta Thoraí

Triúr oifigeach de chuid na Roinne Gaeltachta, atá lonnaithe in oifigí na roinne sna Forbacha, a rinne an cinneadh conradh seirbhíse farantóireachta Thoraí a bhronnadh ar an chomhlacht Réalt na Maidne agus ní raibh aon bhaint ag aon dream eile leis an gcinneadh sin.

Dheimhnigh Roinn na Gaeltachta an méid sin i ráiteas a chuir siad ar fáil do Tuairisc.ie.

“Triúr oifigeach, duine amháin ó Rannóg na nOileán agus an bheirt eile ó dhá Rannóg eile de chuid na Roinne, a bhí mar bhaill den choiste measúnaithe.  Is lonnaithe in oifigí na Roinne sna Forbacha atá an triúr,” a dúradh sa ráiteas a chuir Roinn na Gaeltachta ar fáil.

Tá ráiteas iarrtha ag Tuairisc.ie ar an Oifig Um Sholáthar Rialtais faoin gcúis nach raibh baint ag an oifig sin leis an gcinneadh, mar a bhí i gcás conarthaí eile do sheirbhísí iompair do na hoileáin. Tá an cheist chéanna curtha ag Tuairisc.ie ar Roinn na Gaeltachta.

Tá sé deimhnithe chomh maith ag an Roinn Cultúir, Oidhreachta agus Gaeltachta go bhfuil teastas sábháilteachta bronnta ag Oifig an tSuirbhéara Muirí ar an ‘Queen of Aran’, an bád atá le dul i mbun seirbhíse farantóireachta chuig Oileán Thoraí Dé Domhnaigh.

Bhí muintir Thoraí i mbun feachtais le trí mhí anuas ag iarraidh go gcuirfí ar ceal an conradh seirbhíse farantóireachta a bronnadh ar an chomhlacht Réalt na Maidne toisc, a maíodh, go raibh an bád a bheadh á úsáid don tseirbhís, ‘The Queen of Aran’, róshean agus mí-oiriúnach don chúram.

I ráiteas a chuir úinéir an bháid, Seamus Boyle, chuig RTÉ Raidió na Gaeltachta inné, dúirt sé go raibh beirt chigirí ó Oifig an tSuirbhéara Muirí ar bord an ‘Queen of Aran’ inné, agus tástálacha á ndéanamh ar an bhád idir cé Ailt an Chorráin agus cé Mhachaire Rabhartaigh.

Bhailigh roinnt de mhuintir Thoraí ar Ché Mhachaire Rabhartaigh a fhad is a bhí na tástálacha ar bun ar an bhád farantóireachta.

Mhaígh urlabhraí ón ghrúpa ‘Mná Thoraí’ le Tuairisc go bhfuil amhras léirithe ag daoine ó shin faoi cibé an bhfuil an bád in ann ag an turas go Toraigh nó nach bhfuil. 

Dúirt urlabhraí ‘Mhná Thoraí’ gur léir nach raibh an ‘Queen of Aran’ “ábalta” don turas go Toraigh agus go raibh an fharraige ansin “rógharbh” don bhád. 

Mhaígh sí gur bhuail an bád “leaba ghainimh” le linn na dtástálacha agus go raibh bolg an bháid “scríobtha uilig”.

Deir Seamus Boyle, ón chomhlacht Réalt na Maidne, nach ndearnadh aon damáiste don bhád le linn na dtástálacha.

Dúirt sé nár theastaigh ó chigirí Oifig an tSuirbhéara Muirí go ndéanfaí an turas go Toraigh mar go bhféadfaí na tástálacha ar fad a bhí le déanamh ar an bhád a dhéanamh idir cé Ailt an Chorráin agus cé Mhachaire Rabhartaigh.

Dar le hurlabhraí Mhná Thoraí, ardaíodh ceist eile faoi luas an bháid toisc nach ndearna sí ach uasmhéid de shé mhuirmhíle san uair le linn a gcuid tástálacha.

Dúirt an t-urlabhraí gur gealladh dóibh go mbeadh an bád in ann ag luas níos gaiste ná an Tor Mór, an bád atá i mbun na seirbhíse faoi láthair, bád a dhéanann naoi muirmhíle san uair.

Tá sé tugtha le fios ag Seamus Boyle gur chaith sé €500,000 ar obair athchóirithe an ‘Queen of Aran’ agus go bhfuil sé fóirsteanach anois don turas farraige idir Machaire Rabhartaigh agus Toraigh.

Tá scoilt i measc an phobail ar an oileán Gaeltachta ó vótáil muintir Thoraí Dé Sathairn ar son glacadh leis an ‘Queen of Aran’ mar bhád farantóireachta ach coinníollacha éagsúla a bheith curtha i bhfeidhm agus seirbhísí éagsúla eile a bheith curtha ar fáil.

Ceapadh iarcheannasaí TG4 Pól Ó Gallchóir mar idirghabhálaí idir Roinn na Gaeltachta agus Comharchumann Thoraí chun iarracht a dhéanamh réiteach a fháil ar an aighneas faoi sheirbhís farantóireachta an oileáin Ghaeltachta.

112 duine a vótáil ar son glacadh leis na moltaí sa tuarascáil a réitigh Pól Ó Gallchóir faoin aighneas maidir le seirbhís farantóireachta an oileáin agus 103 duine a vótáil in aghaidh na moltaí.

Dúirt bainisteoir Chomharchumann Thoraí Marjorie Uí Chearbhaill gur brónach an scéal a leithéid de scoilt a bheith ann i measc phobal Thoraí agus nár tharla a leithéid cheana. Dúirt sí gur thuig sí go raibh míshástacht ann i gcónaí maidir leis an Queen of Aran a bheith ag dul i mbun seirbhís farantóireachta an oileáin an tseachtain seo chugainn, ach gur “gá bogadh ar aghaidh” i bhfianaise thoradh na vótála.

Dúirt Stiúrthóir na Gaeilge i Roinn na Gaeltachta, Aodhán Mac Cormaic, le déanaí nach gceadódh Breitheamh ar bith go ndéanfaí “athmharcáil” ar thoradh an phróisis tairisceana don tseirbhís.

“Fiú dá n-iarrfaí athbhreithniú breithiúnach ar an gceist seo, ní dhéanfadh aon bhreitheamh athmharcáíl ar an gcóras seo. Lean muid próiseas ceart. Níl éinne ag ceistiú an phróisis a lean muid leis seo. Ag deireadh an lae, tá conradh bronnta ar an bhfarantóir, tá conradh dlíthiúil ann agus ní féidir linne é a bhriseadh,” a dúirt Aodhán Mac Cormaic.

Dúirt sé chomh maith go gcuirfeadh an socrú nua “feabhas suntasach” ar sheirbhís farantóireachta Thoraí, go mbeadh an Queen of Aran níos tapúla agus go n-iompródh sí níos mó daoine ná mar a dhéanann an bád atá i mbun na seirbhíse faoi láthair.

Dúirt Aire Stáit na Gaeltachta Joe McHugh an tseachtain seo caite gur leanadh an gnáthphróiseas i gcás an chonartha agus go bhfuarthas dhá iarratas bailí ar an gconradh farantóireachta.

“Mar is gnáth i gcásanna mar seo, chuir mo Roinn coiste measúnaithe le chéile comhdhéanta d’oifigigh ón Roinn.  Sa chás áirithe seo, bhí na hoifigigh ag an ngrád Príomhoifigeach, Príomhoifigeach Cúnta agus Ardoifigeach Feidhmiúcháin,” a dúirt an tAire Stáit mar fhreagra ar cheist Dála ó urlabharaí airgidis Shinn Féin, Pearse Doherty.

Fág freagra ar 'Triúr oifigeach de chuid na Roinne Gaeltachta sna Forbacha a rinne an cinneadh faoi sheirbhís farantóireachta Thoraí'

  • Learrai

    Bhuail si banc gainnimhe? Nach locht ar an bhfear stiuir e sin seachas ar an mbad?